TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh

Tá oideachas faoi chúrsaí collaíochta, gnéis agus inscne go mór i mbéal an phobail sa Bhrasaíl le roinnt blianta anuas agus bíonn blas na polaitíochta ar an bplé go minic

TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh

Tá an Rua Augusta i gcathair São Paulo cosúil le Sráid Chéipil i mBaile Átha Cliath nó an chuid sin de lár chathair na Gaillimhe ar an taobh thiar den Choirib: tá siopaí ann nach bhfeicfeá in aon áit eile.

Ar an Rua Augusta a thug mé féin agus cara liom ár n-aghaidh, mar sin, nuair a bhí mé in São Paulo an tseachtain faoi dheireadh.

Tá an-tóir ag an dream cúláilte ar an Rua Augusta agus bíonn an cíos daor. An réiteach atá faighte ag go leor úinéirí siopaí ná bogadh isteach le chéile i ngailearaithe móra agus beaga ina mbíonn seastáin dá gcuid féin ag na dearthóirí faisin agus díoltóirí giuirléidí – coincheap Stuara Shráid Sheoirse i mBaile Átha Cliath.

Isteach liom féin agus le mo chara i gceann de na gailearaithe sin, agus i measc éadaí mealltacha nach mbeadh sé de mhisneach againn iad a chaitheamh go deo agus mugaí a raibh íomhánna na nDéithe Afra-Bhrasaíleacha, na Orixás, orthu, tharla muid ar sheastán gnéis.

Mheall táirge amháin ar an gcuntar m’aird.

‘Céard sa diabhal é GuaraShock?’ a d’fhiafraigh mé d’úinéir an tseastáin, fear toirtiúil sna tríochaidí deireanacha.

Tá dúil ar leith agam in guaraná, substaint ó cheantar na hAmasóine atá cosúil le caiféin: tugann sé fuinneamh duit agus cabhraíonn sé leat díriú ar a mbíonn idir lámha agat. Cuirim taespúnóigín den stuif sin isteach i mo mheascán réamhthraenála gach lá sula dtugaim aghaidh ar an ionad aclaíochta, ach níor rith sé liom riamh go mbeadh guaraná úsáideach faoi na braillíní, leis.

An chéad rud eile scaird fear an tsiopa daba den GuaraShock ar chipín olann chadáis agus thug an cipín dom.

‘Cuir i do bhéal é go bhfeicfidh tú.’

Chuir an ghlóthach dinglis ar mo theanga, dinglis láidir nach ndeachaigh i léig go ceann fiche nóiméad ina dhiaidh sin. Bhí an dara comhábhar sa stuif sin seachas an fhoinse fuinnimh guaranájambu, nó acmella oleracea. Níor aimsigh mé leagan Gaeilge ach tá roinnt ainmneacha i mBéarla ar an bplanda seo ón Amasóin a dhéanann cur síos maith ar an mothúchán a chothaíonn na duilleoga i do bhéal: ‘buzz buttons’, ‘electric daisy’ agus ‘tingflowers’.

Faoin am sin, bhí cipín agus daba den GuaraShock air faighte agus curtha ina bhéal ag mo chara chomh maith.

Dúirt sé go raibh dinglis ar a theanga siúd freisin, ach chroith sé a ghuaillí ansin mar chomhartha nár léir dó an chéad chéim eile – an chéad chéim eile dá mbeadh sé sa leaba le leannán, seachas ina sheasamh ag seastán i ngailearaí siopadóireachta.

‘Tá an éifeacht sin ag an GuaraShock ar pé seicin mhúcasach,’ a dúirt fear an tseastáin mar leid.

Ródhiscréideach – bhí mearbhall ar mo chara fós.

‘Cuireann tú ar do theanga féin é agus ansin bíonn gnéas béil agat le do chailín,’ a dúirt mé agus chaith mo dhá lámh san aer. Fir heitrighnéasacha, caithfear chuile shórt a mhíniú dóibh.

Bhuel, ní dóibh uilig, ba léir. Fear heitrighnéasach a bhí in úinéir an tseastáin agus mhínigh sé dúinn feidhm chuile ghléas a bhí ar taispeáint: boid bhréige de gach saghas agus i ngach dath faoin spéir, glóthacha suathaireachta, coiscíní agus blas torthaí orthu, glais lámh, díslí agus suíomhanna gnéis clóite orthu agus míle rud eile.

Mhínigh sé freisin gur roghnaigh sé féin agus a bhean chéile – comhúinéir an tseastáin – gailearaí siopadóireachta den chineál seo d’aon ghnó.

‘Theastaigh uainn siopa mar seo a oscailt in áit fheiceálach, inrochtana; áit nach mbeadh drogall ar dhaoine siúl isteach ann. Ar ndóigh táimid anseo chun ár gcuid táirgí a dhíol agus brabús a dhéanamh, ach oideachas faoi chúrsaí collaíochta a chur ar dhaoine, sin cuid den mhisean freisin – nó ar a laghad ar bith a thaispeáint don phobal nach gá gur áiteanna brocacha iad siopaí gnéis.’

Tá oiliúint faoi chúrsaí collaíochta, gnéis agus inscne go mór i mbéal an phobail sa Bhrasaíl le roinnt blianta anuas agus bíonn blas na polaitíochta ar an gcaint sin go minic.

Cuireadh srianta ar an oideachas gnéis sna scoileanna le linn bhlianta Bolsonaro (2019 – 2022) ach tá na srianta sin á scaoileadh arís ó tháinig an tUachtarán Lula i gcumhacht ag tús na bliana seo.

‘Ach má thagann páistí isteach sa ghailearaí siopadóireachta?’ an cheist a bhí ag mo chara, a bhfuil beirt pháistí óga aige féin.

‘Má chuireann páistí ceist, deirimid leo gur siopa bréagán do dhaoine fásta atá anseo, agus an chuid is mó acu, glacann siad leis sin mar fhreagra. Ach an lá cheana, bhí cailín óg anseo lena máthair agus ní raibh sí sásta leis an bhfreagra sin.’

‘“Ach cén chaoi a n-oibríonn na bréagáin sin?” a d’fhiafraigh sí.’

‘Mo bhean chéile a bhí i mbun an tseastáin an lá sin. Bhain sí amach an creathaire ba neamhurchóidí a chonaic sí, chuir ar siúl é, choinnigh i gcoinne lámh an chailín óig é, agus dúirt: “Gléas atá anseo chun na roic a bhaint amach as craiceann daoine fásta.”’

‘Las na súile ar an gcailín. “A mhamaí, caithfimid ceann acu sin a cheannach d’aintín Fatima!”’

Leathuair an chloig níos déanaí, d’fhág mé féin agus mo chara an seastán ag ceapadh go raibh méadú mór tagtha ar ár dtuiscint ar chúrsaí an tsaoil.

Ach oiread liom féin, go dtí sin ní ligfeadh an drogall do mo chara cos a chur thar thairseach siopa gnéis, ach cá bhfios nach n-athróidh sin: b’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis sin a tháinig aniar aduaidh orainn.

Fág freagra ar 'TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh'