Má bhriseann tú na rialacha, coinnigh ort á mbriseadh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Má dhéanann tú cinneadh stíle radacach, caithfidh tú cloí leis go dtí an deireadh – fiú más aitheasc sochraide atá i gceist 

Má bhriseann tú na rialacha, coinnigh ort á mbriseadh…

‘A X bhoicht … ní raibh tú ach díreach éirithe as na toitíní agus anois beimid do do chréamadh …’

Is mar sin a cuireadh tús leis an searmanas ag sochraid ar ar fhreastail mé an tseachtain seo, agus gan dabht ar bith faoin spéir tá an líne sin i measc na gcinntí is misniúla dár chuala nó dá bhfaca mise riamh maidir le stíl.

Ar ndóigh is scríbhneoireacht chruthaitheach a bhíonn san aitheasc sochraide, seánra ar leith a mbíonn ar nach mór chuile dhuine beo (maith dom an t-imeartas focal) tabhairt faoi uair nó dhó le linn a shaoil.

Amhail chuile sheánra, bíonn rialacha dá chuid féin ag baint leis an aitheasc sochraide, leis an marbhna. An fáth gur oibrigh an líne thuas, dar liom, ná gur bhris sí chuile riail a bhaineann leis an seánra sin. Ar an bpointe boise, bhí an lucht éisteachta ar chorr a gcuid suíochán, agus ar an gcúis sin, tá an líne chéanna ar cheann de na chéad línte is fearr dár chuala nó dár léigh mé riamh.

Ach nuair a thosaíonn tú ag briseadh rialacha, caithfidh tú coinneáil ort á mbriseadh, sin í an riail: ní ceadmhach filleadh ar ghnáthnósanna an tseánra tar éis duit iad a chaitheamh sa bhruscar.

Chomh maith leis sin, má thosaíonn tú píosa scríbhneoireachta le buille sa ghoile den chineál sin, cruthaíonn tú deacracht ollmhór duit féin: caithfidh gach buille ina dhiaidh sin an chéad cheann a shárú.

Creid é nó ná creid, ach d’éirigh le mo chol ceathrair agus a bheirt mhic fhásta – triúr a bhí i mbun na healaíne seo seachas duine amháin, rud a rinne an éacht liteartha a rinne siad níos dochreidte fós – d’éirigh leis an triúr acu na constaicí litríochta a bhí curtha sa chosán orthu féin a chnagadh.

I sraith scéilíní beaga, d’éirigh leo a mbean chéile / a máthair a léiriú ina steillebheatha, amhail is nach raibh sí ina luí ansin sa chónra ar chor ar bith; a bhuíochas le hinsint ghonta inar tugadh deis do dhornán mionsonraí dea-roghnaithe muid a chur faoi dhraíocht, bhí sí beo beathach i súile ár n-aigne.

Ar ámharaí an tsaoil, léirigh na scéilíní sin gur bhean a bhí inti a bhí tugtha don ghreann dóite céanna. Ní gan chúis a rinneadh an cinneadh stíle a rinneadh. Bhí údar maith leis, fianaise gur gá i gcónaí cinntí stíle a dhéanamh bunaithe ar ábhar an scéil seachas an bealach eile timpeall, stíl a bhualadh anuas ar ábhar nach n-oireann don stíl sin. Níl bealach ar bith, mar shampla, go dtabharfainn faoin stíl chéanna ag sochraid mo mháthar féin nuair a thiocfaidh an lá sin.

Má dhéanann tú cinneadh stíle radacach mar sin, ní hamháin go gcaithfidh tú cloí leis go dtí an deireadh, caithfidh an deireadh féin a bheith chomh láidir céanna leis an tús.

Sa chás seo, bhí.

Sa scéilín deireanach, rinne an mac is óige, mo chol seisir, cur síos ar an oíche ar éag a mháthair san ospidéal. Bhí fanacht fhada ar an bpumpa moirfín is cosúil, agus sa scéilín deireanach sin tharraing mo chol seisir aird ar chuid de na focail deireanacha dá ndúirt a mháthair, agus ar an gcaoi a ndúirt sí iad: ‘Shílfeá, má ordaíonn tú rud mar sin, go dtabharfaidís chugat é láithreach.’ Amhail is gur i mbialann a bhí sí, agus béile an-chostasach ordaithe aici.

Scéilín deachumtha, deashnoite a bhí ann – cúig nó sé cinn d’abairtí má bhí an méid sin féin ann – ach bhain sé an anáil dínn.

Fág freagra ar 'Má bhriseann tú na rialacha, coinnigh ort á mbriseadh…'