Luimneach ag prapáil chun luíochán a dhéanamh cois Sionainne

Amárach a thosóidh craobh na Mumhan agus faoin gcóras nua beidh gach cluiche ina chath ceart craoibhe

Luimneach ag prapáil chun luíochán a dhéanamh cois Sionainne

Foireann iomána Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Le blianta fada tá an-tábhacht ag baint leis an gcéad chluiche i gcraobh iomána na Mumhan. Tá stair na hiomána breac le scéalta iontacha faoi na cathanna breátha a bhíodh go rialta ann sa chomórtas ceart craoibhe ceart seo, sular tugadh córas an dorais cúil isteach. Bhí agus tá fós, meas ag imreoirí ar an mbonn cúige. Ach sna laethanta san, bhí ort corn an chúige a bhuachan chun áit a fháil i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann. 

I 1997 a athraíodh an córas chun an dara seans a thabhairt do thánaistí na Mumhan agus Laighean. In 2005 tugadh an dara seans eile do níos mó foirne agus ansin, in 2008 cinneadh an dara seans a thabhairt do na foirne go léir sa chomórtas. Go bunúsach deineadh cinneadh go mbeadh dhá shéasúr craoibhe ann, séasúr na gcúigí agus séasúr Chorn Mhic Cárthaigh, agus na contaetha go léir sa dá chomórtas. Ar shlí laghdaigh sé sin an tábhacht a bhain leis an gcomórtas cúige agus bhain sé den mheas a bhí ag daoine air.

Fós féin bhí cuid mhaith cluichí fíoriomaíocha againn. Ach mar a scríobh mé cheana is é Corn Mhic Cárthaigh an phríomhdhuais i saol na hiománaíochta agus faoin gcóras nua a tugadh isteach níor thosnaigh an séasúr ba thábhachtaí go dtí deireadh an Mheithimh.

Faraor, a dhaoine uaisle, tá gach rud athraithe arís agus an séasúr is tábhachtaí tosnaithe cheana féin i gcúige Laighean .

Amárach is i dteannta a chéile a thosnóidh craobh na Mumhan agus craobh na hÉireann. Ag deireadh an bhabhta cluichí cúige seo beidh a rás rite ag dhá chontae sa chúige. Taobh amuigh de Chiarraí tá na contaetha eile go léir ag imirt go leor cluichí thar thréimhse chúig seachtaine. Mar sin beidh gach cluiche ina chath ceart craoibhe. Chonaiceamar a chruthúnas san i bPáirc Parnell seachtain ó shin.

Cuirfidh Luimneach agus Tiobraid Árann tús leis an gcomórtas amárach i bPáirc na nGael, Luimneach. Cad é mar chluiche iontach a bhí againn idir an dá chontae seo i gcluiche leathcheannais na sraithe, cluiche inar imríodh am breise agus an lá faoi dheireadh leis na Tiobraid Árannaigh, 2-31 in aghaidh 1-31. 

Dar ndóigh theip ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na sraithe agus is cinnte go bhfuil ceisteanna faoi láidreacht meoin na foirne seo. Le blianta beaga anuas nuair ba ghéire an choimhlint is minic nár éirigh leo.

Tá caint ann faoi Luimneach i mbliana mar fhoireann a d’fhéadfadh iontas a chur ar mhórán. Tá trí thaispeántas mhaithe i ndiaidh a chéile tugtha uathu acu. Tá spiorad, fonn chun oibre, scil, luas agus neart ag baint leo.

Táim ag súil le hardchoimhlint amárach.

Tá mórán ag brath ar conas a éiríonn le cúlaithe Luimnigh in aghaidh thosaithe fíorchumasacha Thiobraid Árann agus tá tosaithe acu a bhfuil mianach iontach iontu ach é a léiriú. Ach ní i gcónaí a ligtear dóibh sin a dhéanamh.

Is deacair foireann amháin a roghnú thar an gceann eile sa chluiche, is dóigh liom gur buntáiste mór é ag Luimneach a bheith ag imirt sa bhaile. Mar sin féin, is dócha nach mbeidh ach oiread na fríde eatarthu faoin am a shéidfear an fheadóg dheiridh.

Tabharfaidh contae an Chláir cuairt ar Pháirc Uí Chaoimh amárach agus iad ag iarraidh an chreach a thabhairt leo cois Laoi. Is deacair a rá cé a bhuafaidh an cluiche seo chomh maith, ach arís ag an gcéim seo den chomórtas caithfidh go bhfuil buntáiste de shórt éigin ag an bhfoireann baile. 

Mar sin féin ceisteanna á gcur faoi aonad cosanta Chorcaí le tamall agus braithfidh mórán ar conas mar a bheidh acu. Sna cluichí sraithe cheapas gur léirigh an Clár go bhfuil an bhainistíocht ag tabhairt chead a gcinn dóibh agus ba mhó an tsaoirse ina gcuid imeartha ná mar a chonaiceamar agus iad faoi stiúir Davy FitzGerald. 

Níl mórán cainte déanta faoi Chorcaigh, fiú amháin anseo sa chontae féin. Ach beidh slua mór ag tacú inniu leo. Bíonn i gcónaí.

An taca seo anuraidh bhí mórán daoine agus an tuairim láidir acu go raibh an iomáint i gCorcaigh ag teip agus lucht na hiomána in ísle brí, ach d’éirigh siad ó mhairbh agus thug siad leo craobh na Mumhan. Tá a rún scaoilte anois, déarfainn go mbeidh siad ábalta do dhúshlán na gCláiríneach amárach. 

Fág freagra ar 'Luimneach ag prapáil chun luíochán a dhéanamh cois Sionainne'

  • Carraig

    An toradh idir Luimneach agus T Árann againn anois. 5 phointe a scóráil tosaithe T.Árann ón imirt. ‘Mianach’, ‘scil’, ‘tallann’, ní fiú biorán iad mura bhfuil faghairt is miotal ionat farótha. Rud nach bhfuil sna Tiobradaigh mo léan.

  • Liam de Lasa

    In ainneoin dá drochchluichí ós na Tiobradaigh. Tá scóp fachta anois acu le pointe fíorthábhachtach curtha ar an mbord. Ba chóir go gcuirfidís Port láirge de dhroim seoil gan morán dua le móiminteam ag dul isteach ann in aghaidh an Chláir.