‘Liúdramán’ curtha leis an Oxford English Dictionary

Is é an míniú atá tugtha ag OED ar ‘ludraman’ i mBéarla ná ‘a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)’

‘Liúdramán’ curtha leis an Oxford English Dictionary

Tá an focal ‘ludraman’, leagan Béarlaithe den fhocal Gaeilge ‘liúdramán’, i measc na bhfocal nua a cuireadh leis an Oxford English Dictionary san uasdátú is deireanaí a rinneadh ar an bhfoclóir cáiliúil Béarla.

Is é an míniú atá tugtha ag OED ar ‘ludraman’ i mBéarla ná ‘a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)’ agus ar na samplaí úsáide atá tugtha luaite leis an iontráil tá abairt as Ulysses leis an údar Éireannach James Joyce:

‘Burke told me there was an old one there with a cracked loodheramaun of a nephew.’

Luaitear chomh maith sampla ó 1935 as an nuachtán  The Liberator:

‘Maybe ’tis the Galtee mountains you want, with their white caps,’ said the Farmer, ‘you poor loodheramauns’.

Ar na samplaí eile, bhí abairt as eagrán den City Tribune a foilsíodh i 1988:

‘This ludramaun shot out of a side road an’ pushed me into the side of a wall.’

Ar ndóigh, tá an focal le fáil sna foclóirí Gaeilge le fada an lá. ‘Leisceoir, scraiste, liúdaían míniú a thugtar ar An Foclóir Beag (1991) ar an bhfocal ‘liúdramán’.

Chuir an tAthair Pádraig Ó Duinnín síos air ina fhoclóir clúiteach mar ‘a lazy, idle fellow’ agus thug le fios gur as Árainn a tháinig sé. ‘Lazy-bones’ agus ‘drone’ an t-aistriúchán a thug Tomás de Bhaldraithe in English-Irish Dictionary (1959) agus ‘lanky, lazy person’ nó ‘loafer’ an míniú a thug Niall Ó Dónaill in Foclóir Gaeilge-Béarla (1977).

Níl an bhrí ‘leisceoir’ luaite leis an bhfocal ar chor ar bith sna dréachtaí atá scríofa ag foireann an fhoclóra nua Gaeilge atá le foilsiú sna blianta amach romhainn.

Roinn duine d’fhoclóirithe Fhoras na Gaeilge, Derek Ó Briain, an iontráil shealadach atá i mbunachar an fhoclóra nua Gaeilge atá á réiteach ag an Tionscadal Foclóireachta i láthair na huaire na meáin shóisialta:

Liúdramán

Má thugann tú liúdramán ar dhuine, tá tú ag rá go bhfuil an duine sin an-amaideach nó go bhfuil rud an-amaideach déanta acu.

Tá an leagan ‘lúdramán’ luaite cúig huaire ar Corpas.ie agus samplaí ann ón iris ar líne Beo agus Mo Ghrá-sa le Tadhg Ó Dúshláine. ‘Amadán’ an chiall atá leis sna habairtí samplacha sin.

Is coitianta i bhfad an leagan ‘liúdramán’ agus é le fáil 117 n-uaire ar Corpas.ie. Is tagairt don charachtar cartúin Spongebob Squarepants é ceann de na samplaí sin. ‘Amadán’ an chiall is coitianta atá leis an bhfocal i measc na samplaí sin ach tá cúpla tagairt ann do dhuine leisciúil freisin.

Cuireadh focail ó Bhéarlaí éagsúla ó gach cearn den chruinne leis an Oxford English Dictionary in uasdátú mhí an Mhárta, Béarla na hÉireann ina measc. Ar na canúintí eile Béarla a dtarraingíodh focail astu an mhí seo bhí Béarla na nOileán Filipíneach, Béarla na Malaeisia agus Shingeapór, agus Béarla na hAfraice Theas.

I measc na bhfocal eile a fuarthas ó Bhéarla na hÉireann, bhí ‘blaa’, ‘class’, ‘debs’, ‘mineral’, ‘morto’, ‘spice bag’ agus ‘acting the maggot’.

Fág freagra ar '‘Liúdramán’ curtha leis an Oxford English Dictionary'

  • Erasmus

    Oxford American Dictionary.