Líomhaintí faoi chiapadh gnéis tarraingthe siar ag Bláthnaid Ní Chofaigh

Bhí cás Bhláthnaid Uí Chofaigh in aghaidh RTÉ le héisteacht ag an gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre inniu ach tugadh le fios go raibh na líomhaintí tarraingthe siar

Líomhaintí faoi chiapadh gnéis tarraingthe siar ag Bláthnaid Ní Chofaigh

Tá na líomhaintí a rinne an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh go ndearnadh ciapadh gnéis agus íospairt uirthi agus í ag obair do RTÉ tarraingthe siar aici.

Rinne Ní Chofaigh, arb as Gaeltacht Ráth Chairn di, gearán in aghaidh an chraoltóra náisiúnta faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, agus mhaígh sí go ndearnadh idirdhealú uirthi le ciapadh le linn mhí Iúil 2019 agus go ndearnadh íospairt uirthi ina dhiaidh sin.

Bhí a cás le tosú inniu ag an gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ach d’fhógair abhcóide an láithreora teilifíse ag an éisteacht ar maidin go raibh na líomhaintí á dtarraingt siar ag Ní Chofaigh.

Dúirt Claire Bruton, BL, go raibh a cliant agus RTÉ tar éis teacht ar chomhréiteach agus go rabhadar sásta “bogadh ar aghaidh” ón scéal toisc an caidreamh oibre a bheith eatarthu i gcónaí.

Dúradh nach raibh aon chúiteamh airgid faighte ag Ní Chofaigh.

Ní raibh Ní Chofaigh i láthair ag an éisteacht i gceannáras an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar maidin. Measadh go mairfeadh an éisteacht ceithre lá.

Ag an réamhéisteacht i mí Bealtaine, dúradh go dtabharfadh Ní Chofaigh fianaise maidir le rudaí a mhaígh sí a dúradh léi ag fótaisheisiún in 2019 agus maíodh go raibh sí fágtha ar an imeall san oifig tar éis di gearán a dhéanamh.

Shéan RTÉ na líomhaintí ar fad a bhí déanta in aghaidh an chraoltóra.

Ainmníodh triúr i dtuarascáil imscrúdaithe inmheánaigh de chuid RTÉ, duine acu atá “i mbéal an phobail”, ach bhí an dá thaobh sásta nach n-ainmneofaí aon duine a raibh líomhaintí á gcur ina leith le linn na héisteachta. Mar sin féin, dúirt abhcóide Uí Chofaigh gur theastaigh ón láithreoir “go rachfaí ar aghaidh leis an éisteacht go poiblí”.

Bhí an cás le héisteacht mí an Mheithimh ach cuireadh siar é mar gheall nach raibh fáil ar fhinnéithe tábhachtacha de chuid an chosantóra toisc Covid-19 a bheith orthu.

Fág freagra ar 'Líomhaintí faoi chiapadh gnéis tarraingthe siar ag Bláthnaid Ní Chofaigh'