Leithscéal poiblí á lorg ó Lir Energy ag Comharchumann Ghaoth Dobhair faoina ‘tacaíocht’ do thuirbín gaoithe

Maíonn lucht bainistíochta an Chomharchumainn gur chuir Lir Energy in iúl go raibh tacaíocht an Chomharchumainn ag an tuirbín gaoithe atá beartaithe do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Leithscéal poiblí á lorg ó Lir Energy ag Comharchumann Ghaoth Dobhair faoina ‘tacaíocht’ do thuirbín gaoithe

Tá séanta ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair gur léirigh siad “suim ar bith, ag am ar bith” i dtacú le togra an chomhlachta Lir Energy tuirbín gaoithe a chur suas ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Tá an Comharchumann tar éis scríobh chuig an gcomhlacht ag iarraidh orthu an méid a mhaítear a dúradh ag cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair le deireanas “a tharraingt siar go hiomlán” agus tá siad ag iarraidh go ndéanfaí “leithscéal poiblí” a ghabháil leis an gComharchumann.

Deir an Comharchumann gur chuir ionadaí ó Lir Energy in iúl go ag cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair an tseachtain seo caite go raibh “comhráite sonracha” acu leis an gComharchumann maidir leis an tuirbín gaoithe 85m atá pleanáilte don cheantar. Dúirt Coiste Bainistíochta an Chomharchumainn nár léirigh siad “tacaíocht do Lir Energy do thogra de shórt ar bith”.

Cé gur fhreastail baill de choiste an Chomharchumainn ar chruinniú ar an 14 Meitheamh a raibh ionadaí ó Lir Energy i láthair aige deir siad gur bhain an cruinniú sin le cúrsaí fuinneamh inathnuaite go ginearálta.

Séanann an Comharchumann sa ráiteas go raibh “cruinniú, comhráite, nó comhfhreagras de shórt ar bith” ag coiste nó foireann Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair le Lir Energy roimh an gcruinniú sin ar an 14 Meitheamh ná ina dhiaidh.

“Níor léirigh coiste an Chomharchumainn suim ar bith, ag am ar bith, ‘ceannach isteach’ i dtogra ar bith a bhí á fhorbairt ag Lir Energy…ní raibh eolas de shórt ar bith ag coiste nó bainistíocht an Chomharchumainn faoin iarratas pleanála atá déanta ag Lir Energy do thuirbín gaoithe ar an pháirc ghnó, go dtí gur chuala muid é ar na meáin agus sa phobal é, mar an gcéanna le bunús an phobail,” a dúradh i ráiteas ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Dúradh freisin go raibh “díomá” ar an gComharchumann faoi scála an togra atá beartaithe ag Lir Energy agus faoin “easpa eolas cruinn” atá ann faoin togra, dar leo,.

Maíodh go raibh “easpa comhairliúcháin” leis an bpobal faoin togra agus go háirithe leis an dream atá ina gcónaí gar don áit ina bhfuil an tuirbín le tógáil.

Tá go leor míshástachta i nGaoth Dobhair faoin tuirbín gaoithe atá le tógáil ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta agus a bheadh 85m ar airde.

Tá cuid den phobal ag cur in aghaidh an togra toisc imní a bheith orthu faoi chúrsaí sláinte, faoi ísliú ar luach na dtithe sa cheantar agus faoin tionchar a bheadh aige ar thimpeallacht Ghaoth Dobhair.

Léiríodh mhíshástacht faoi na nithe sin ag cruinniú poiblí a reáchtáladh i Leabharlann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo caite. Dúradh ag an gcruinniú gur “faoin bpobal” atá sé anois cur in éadan an phlean agus iarradh ar a raibh i láthair aighneachtaí in aghaidh an tuirbín gaoithe a chur faoi bhráid na Comhairle Contae.

Tá cruinniú coiste beartaithe ag an ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe Dé Céadaoin agus pléifear ag an gcruinniú sin an chéad chéim eile san fheachtas in aghaidh an tuirbín.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Lir Energy.

Fág freagra ar 'Leithscéal poiblí á lorg ó Lir Energy ag Comharchumann Ghaoth Dobhair faoina ‘tacaíocht’ do thuirbín gaoithe'