Cothrom an lae seo trí scór agus naoi mbliana ó shin a bhásaigh Mohandas ‘Mahatma’ Gandhi. Síochánaí a bhí ann a chuaigh i mbun feachtais chun saoirse na hIndia a bhaint amach ó Impireacht na Breataine. Hiondúch ab ea é a d’fhéach le sócúlacht an tsaoil a sheachaint, agus a staon de bhia cuid mhaith d’fhonn soiléire intinne agus anama a fháil, faoi mar a chreid sé féin.
Mar cheannaire ghluaiseacht an neamh-chomhoibrithe is mó a bhí aithne air, áfach. B’éard a bhí i gceist leis an ngluaiseacht seo ná baghcat a dhéanamh ar an uile ní a bhain le hImpireacht na Breataine san India.
Moladh do dhaoine gan earraí ó Shasana a cheannach, a gcuid barr féin a fhás agus teacht ar bhealaí lena gcuid a shaothrú as a stuaim féin. Theastaigh ón ngluaiseacht go n-éireodh fostaithe rialtais as a bpoist, ina measc, póilíní, saighdiúirí agus dlíodóirí; agus go ndéanfaí baghcat ar scoileanna, ar choláistí agus ar ollscoileanna na tíre, a tháinig faoi scáth chóras na Breataine ag an am. Iarradh ar thionóntaí bochta gan cíos ná cáin a íoc leis na tiarnaí talún.
An aidhm a bhí ag an ngluaiseacht ná an bonn a bhaint de Rialtas Shasana, diaidh ar ndiaidh, agus rialtas dúchais nó Swaraj a bhunú.
‘Neamh-chomhoibriú neamhfhoréigneach’ a mhol Gandhi dá lucht leanta. Cos i dtaca agus cur le chéile gan dul i muinín na láimhe láidre a bhí i gceist leis seo; do leiceann eile a iompú chuig fear do bhuailte seachas é a bhualadh ar ais.
Chreid Gandhi nach mbeadh de thoradh ar an lámh láidir ach go gcuirfí moill ar neamhspleáchas na hIndia agus gurbh fhearr an bua a fháil le ‘fórsa an anama’ nó ‘cumhacht na fírinne’.
‘Beithíoch morálta, intleachtúil an duine; bíodh an mhoráltacht agus an intleacht mar armlón aige’, a dúirt sé.
Dar leis go raibh an Eoraip loite ag an gcaipitleachas agus ag an míleatacht impiriúlach agus gurbh fhearr gníomhartha brúidiúla a fhágáil faoi fhir bhrúidiúla seachas aithris a dhéanamh orthu.
‘Má tá fuil le doirteadh sa tír seo, bíodh ár gcuid fola féin i gceist. Más é toradh an cheangail seo leis an mBreatain nach bhfuil meas againn orainn féin, mar dhaoine ná mar mhuintir, tá dualgas orainn an ceangal sin a bhriseadh’, a dúirt sé.
Thréig na céadta míle na scoileanna, na coláistí agus na hollscoileanna, agus bunaíodh institiúidí oideachais náisúnta. Rinneadh ábhar éigeantach den Hindustani agus múineadh an fhíodóireacht do dhaltaí agus do mhic léinn gach lá, i dtreo is go bhféadfaidís a gcuid cadáis féin a tháirgeadh, seachas bheith ag brath ar earraí Shasana.
D’éirigh le Gandhi na milliúin a thabhairt leis, beag beann ar chreideamh, ar inscne ná ar aicme. Go deimhin, lá de na laethanta, dhiúltaigh sé labhairt le slua a bhí roimhe nó gur tugadh cuireadh do na ‘daoine seachanta’, na Dalits, a bheith i láthair chomh maith. B’ionann an dream sin agus lobhair san anallód agus ní raibh aon mheas orthu i measc an phobail.
Ba le linn Mháirseáil an tSalainn a tharla an eachtra seo, máirseáil arb é ba chuspóir léi ná athshealbhú a dhéanamh ar shalann na hIndia. Ba é dearcadh Gandhi gurbh olc an mhaise an t-athshealbhú sin a cheiliúradh gan ‘salann na talún’ a bheith i láthair ann.
Má tháinig críochdheighilt na hIndia salach ar an aisling a bhí aige don tír, d’éirigh leis na Sasanaigh a dhíbirt aisti sa deireadh thiar. Cé gur dhiúltaigh sé tacú leo sa Dara Cogadh Domhanda, scríobh sé alt san iris Colliers i Meitheamh na bliana 1943 (‘I still believe in non-violence’), ag míniú cén fáth ar chreid sé go bhféadfaí Hitler a chloí gan an lámh láidir a fhostú.
Ní mar sin a tharla, mar is eol dúinn, ach is tráthúil an méid a dúirt sé faoina léithéid ar ócáid eile agus deireadh a shaoil ag druidim leis:
‘Nuair a bhíonn éadóchas orm, cuimhním i gcaitheamh na staire gur bhuaigh bealach na fírinne agus bealach an ghrá i gcónaí. Bhí dúnmharfóirí agus aintiarnaí riamh ann, agus an chuma ar an scéal tamall nach bhféadfaí iad a chloí. Ach titeann siad sa deireadh. Smaoinigh air sin, i gcónaí.’
Somerfeld
An laochra is mó san aois seo caite gan amhras, suaimhneas síoraí dó. Ca bhfuil Gandhi na Gaeilge? An mbeadh gaeilgeoirí ná hÉireann sásta beannú dá gcomharsan le ‘Dia Duit’; a seoladh a scríobh as Gaeilge i gcónaí ; gmail as G. a roghnu ina ríomhphoist?; bille leictreachais a iarraidh; labhairt as sa chéad teanga in Oifig an Phoist ; ceist a chur ar an gcomhairle áitiúl faoin gcomhartha bóthair úd; foirm a lorg san Oifig Mótarchánach; srl? Leis an ngrá ar dóigh. Dúisimís.