Fé Sholas Luaineach
Simon Ó Faoláin
Coiscéim, 2014
Praghas: €7.50
Is beag duine nach ndéanann cinneadh mór de chineál éigin le linn a shaoil. Dhein Simon Ó Faoláin amhlaidh nuair a bhailigh sé a chip is a mheanaí is bhog go Corca Dhuibhne ag tús an chéid seo. Bhí seanathaithí aige ar an gceantar faoin am sin mar go raibh stráicí fada dá óige caite aige ann cheana féin. Mar sin féin ba chéim mhór í d’fhear óg ag tús a shaoil. Níor bhog sé ann chun glacadh le post rialta sa cheantar nó chun a shaol oibre a chaitheamh sa Daingean. Bhog sé ann chun ceird na filíochta a chleachtadh agus chun é féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr na háite chuige sin. Dá mairfeadh an Ríordánach, bheadh sé in éad leis, ceapaim!
Seo an tríú cnuasach filíochta leis agus an ceann is fearr, braithim. Foilsíodh ‘Anam Mhadra’ sa bhliain 2008 agus ‘As Gaineamh’ sa bhliain 2011. Ó tháinig sé go Corca Dhuibhne ní díomhaoin atá sé. É mar bhall de phobal na háite agus é thar a bheith cúramach ag iarraidh saol cultúrtha agus sóisialta na háite a chur chun cinn ar mhaithe le caomhnú na teanga agus na hoidhreachta. Is liosta le háireamh iad na daoine Gaelacha, fiúntacha a tháinig isteach ón dtaobh amuigh agus a dhein (agus a dhéanann fós) éacht ar son na háite. Tá Ó Faoláin ina fhear a’ tí agus ina phríomheagraí ar ‘An Cró’ i dTigh Uí Chatháin ar an mBuailtín ar feadh na mblianta. Mar an gcéanna leis An Lab sa Mhainistir sa Daingean. Agus an Fhéile Bheag Filíochta i nDún Chaoin. Gan trácht ar oícheanta sa Díseart agus a chuid oibre mar sheandálaí sa cheantar. Fear a dhéanann beart.
Fear a dhéanann beart freisin mar fhile. Níl sé sásta fanacht mar a bhfuil aige ach é ag iarraidh a cheird a fhorbairt. Tuigeann sé an dúshlán. Tuigeann cé chomh deacair is atá sé barra Bhréanainn a bhaint amach lá i ndiaidh lae. Reotar sleasa. Titeann sneachta. Titeann ceo. Tá sé fíordheacair.
Sa dán ‘Teifeach’- dán fíormhaith – d’fhéadfadh sé a bheith ag tagairt go meafarach dá chás féin:
‘Seo mo ghuí duit, a bhó Gháidhleach:
Go mbeadh an Féith Fia do d’fholach,
Go dteipe cuardach lucht an Pet Farm,
Go dté tú slán le hardchlár Bhréanainn
Mar raon siar go dtí Más an Tiompáin
Is soir go Cathair Chon Raoi uainn,
Ach beir ar dhrom leat ualach éadrom
M’anama i measc na saor.’
Tá fíormhothúchán sa dán seo, tá daonnacht, tá filíocht.
Is dán álainn apailipteach é an dán ‘Fís ag Líonadh’, a chruthaíoinn don léitheoir pictiúr fíorchumasach de neart agus de fhiántas an dúlra agus an tionchar atá aige ar shaol an duine. Tá an friotal in oiriúint d’ábhar agus do théama an dáin, dán a fhíoraíonn fírinne an tseanfhocail: ‘is mairg a báitear in am an anaithe mar go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne’:
‘Bogann daoine amach go réidh i gcoití is i naomhóga ag stiúradh
Fé sholas luaineach thar an gcneas mín go héadrom,
Seachnaítear cothú aon chuilithín
Óir tá scéal amuigh ó mhaidin
Go bhfuil a gceannaithe siúd nach maireann
Le feiscint beo ar bharr na díleann
Sna tuile-thailte mar a bhaintear fómhar taibhreamh.’
Tá tábhacht faoi leith ag roinnt leis an seanfhocal thuasluaite i gcomhthéacs an chnuasaigh seo. Maireann an ghile agus an doircheacht taobh le taobh i saol agus i saothar an fhile seo. Má léann tú na dánta faoi dhó nó faoi thrí, tagann an débhríocht chun uachtair. Tá seo le sonrú sa dán iontach ‘Aubade’ ag tús an chnuasaigh. Ar leibhéal amháin is dán do pháistí é seo, dán a chaitheann solas ar neamhurchóid na hóige:
‘’Oscail na cuirtíní!’
A dúirt an páiste óg
Is dúirt sé é le húdarás
Óir tá an mhaidin riamh
I seilbh chóir na leanaí’
Ach ar leibhéal eile tá cás an duine fásta taobh le taobh le gliondar an duine óig:
‘Go gcománfaidh an ghrian
Dorchadas an domhain
Isteach im’ scáth taobh thiar díom,
Óir b’fhada liomsa gruaim na hoíche aréir’
Tá sé le feiscint arís sa dán is fearr liom féin go pearsanta, ‘Scáil-Mhachnamh’. Tá athair is mac le chéile ag an gcé thréigthe aimsir an gheimhridh. Fágann an t-athair a mhac ‘ag marcaíocht ard i réim na samhlaíochta’ agus téann sé ‘go hoifig dhorcha na mbádóirí’ agus bíonn ag gliúcaíocht isteach tríd an bhfuinneog:
‘Is cím trén gclapsholas d’aghaidh óg ann ag stánadh,
Crochta go hard i measc phortráidí seanfhondúirí
Is freangann arraing tríom arís in ainneoin na mblianta.’
Úsáidtear an fhuinneog anseo mar scáthán ina bhféachann an file ar a shaol féin, ina bhféachann sé siar agus ina bhféachann sé amach roimhe. Tá idir dhóchas (a mhac óg) agus éadóchas (an chuid dá shaol atá caite agus bás a charad) sa dán. Baintear úsáid éifeachtach as solas, as dorchadas agus as scáthanna sa dán agus fuintear na meafair go healaíonta le chéile:
‘Sa spás idir ghloine phortráid is gloine na fuinneoige
Tá an tarna sciar de ré na bhfear mar shíoraíocht sínte.’
Sárdhán.
Sárdhán freisin é ‘Caoineadh Henryk Piotrowski’, an Polannach gan dídean a maraíodh go fealltach san Ardchathair agus a bhfuarthas a chorp brúite i scipe bruscair. Ionannaíonn an file leis agus deir go dtuigeann sé a chás agus go mba mhinic a phrioc an bheach é féin:
‘chun ruathar a thabhairt
fén ndoras is siúil
an bóthar amach,
is droim a thabhairt
le gach a bheartaíos,
le clann, le grá,
le cairde, tír,
le gach a d’aithníos,
fiú an dóchas . . .’
Dánta eile a thaitin go mór liom ná ‘Frithlaoch’; an tsraith de dheich gcinn de dhánta ‘Baile do Bhí’; ‘Bedouin’; ‘Réiteach’ (dán den scoth é seo a bhfuil an dá leibhéal céille ann freisin); ‘Mír Sráide, Trá Lí’ (bhíos féin i láthair ag an ócáid atá mar fhoinse ag an dán áirithe seo!); ‘Folúntas 1 & 11’, agus ‘11’ ach go háirithe, Amhail ‘Scáil-Mhachnamh’, táimid thar n-ais i ndúthaigh an tsolais, an dorchadais agus an scátha sa dán seo, dán a fhásann as meafar scátha fearthainne:
‘. . . do chonaic an scáth ‘bhí caite ag scáth fearthainne
‘Bhí luite fiarsceabhach ag sileadh deor taobh dorais, i gcoinne falla,
A hanla adhmaid cúthaileach cromtha mar mhuinéal eala.’
As an íomhá seo fuintear dán fíorálainn, fíorchumhachtach, fíorealaíonta, físiúil.
Ceal spáis, caithfear clabhsúr a chur ar chúrsaí. Seandálaí focal anois é Ó Faoláin. Amhail file as Contae Dhoire a cailleadh ar na mallaibh, tá an file seo ag tochailt faoi in ithir Dhuibhnigh le tamall de bhlianta anois agus seoda filíochta á nochtadh aige. Guím gach rath air mar fhile agus níl dabht ar bith i m’aigne ach go n-éireoidh leis a aisling a fhíoradh. Fagfad na focail dheireanacha aige féin ón dán ‘Caoineadh Henryk Piotrowski’ (thuasluaite), focail atá ina rosc catha whitmanaigh d’fhilí an domhain:
‘Canaim dóibhsan
gan rath le bronnadh,
Canaim dóibhsan
nach fiú a moladh
Canaim dóibhsan
gan chlú, gan leaba,
nach geal le dia . . . .
Canaim dóibhsan
gur cam, gur claon,
gur saofa a gcúrsa
tarraingthe
trén saol, ó bharróg
bhaclainn máthar
go barróg idir
gialla cruacha.’
Áiméan. Bí ag canadh leat.
Ceannaigí agus léigí.