LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bhainfidh scannán nua buachaillí bó a rinneadh i gConamara siar asat

Saothar machnamhach agus cumasach in áiteanna é Never Grow Old ach tá sé seanchaite leis

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bhainfidh scannán nua buachaillí bó a rinneadh i gConamara siar asat

Never Grow Old
Stiúrthóir/scríbhneoir: Ivan Kavanagh

Cliar: Emile Hirsch, John Cusack, Deborah Francois, Danny Webb, Sam Louwyck, Tim Ahern

Cúpla bliain ó shin úsáideadh Conamara in ionad iarthuaisceart Cheanada mar láthair scannánaíochta don tsraith Klondike agus anois tá an dúthaigh ag déanamh ionadaíochta d’iarthar láir Mheiriceá i lár an naoú haois déag. Ní haon ionadh san, agus is cuí san, mar is Éireannach é Ivan Kavanagh, an té a scrígh agus a stiúir an scannán buachaillí bó Never Grow Old.

Baile beag bréan gruama é Garlow atá ar chonair California.  I dtosach an scannáin cuirtear abhaile orainn go bhfuil forlámhas ar an mbaile ag Preacher Pike (Webb), seanmóirí piúratánach. Tá cosc curtha ar an alcól, an cearrbhachas agus an striapachas aige agus é ag cur de go tiarnúil ón altóir.

’Sé an tÉireannach Patrick (Hirsch) an siúinéir agus an t-adhlacóir áitiúil. Ceann de na téamaí is suimiúla sa saothar ná gur coimhthíoch é i measc na gcoimhthíoch –an tÉireannach Caitliceach atá pósta le Francach Caitliceach. Chinn siad droim láimhe a thabhairt lena gcreideamh ionas go mbeadh glacadh ag an bpobal Protastúnach Meiriceánach leo. Is maith mar a thuigeann agus a mhíníonn an bithiúnach Dutch Albert (Cusack) an tsáinn seo, ach is mór an trua nár deineadh a thuilleadh tochailte anseo mar tá sé rófhurasta an chuid eile den scannán seo a thuar.

Gintear suan na muice bradaí ó thús agus an pobal ag strácáil leo ar éigean sa phluda, sa bháisteach agus sa cheo, ach a luaithe agus a thagann bithiúnach cruthanta Cusack go dtí an ceantar tá a fhios againn go rímhaith cá bhfuil ár dtriall. Agus sin an locht is mó atá agam ar an saothar: ní déantar aon iarracht in aon chor stangadh a bhaint as an seánra seanchaite seo.

 

Bligeard deisbhéalach, fealsúnach agus cruálach é Albert a bhfuil beirt chomrádaithe aige gur cuma ann nó as iad mar charachtair. Glacann sé seilbh ar óstán an bhaile mar tá a fhios aige gur féidir leis caidéal a dhéanamh má sholáthraíonn sé in athuair na nithe sin a bhí coiscthe ag Pike. Ní nach ionadh téann an bheirt in adharca a chéile. Tá Patrick ina lár istigh. Cé go gcuireann iompar Albert alltacht agus eagla air, tá pingin mhaith á déanamh aige mar adhlacóir ó cuireadh an piúratánachas de dhroim seoil.

Tugann Cusack agus Hirsch taispeántais ábalta uathu cé go dtéann tuin Éireannach Hirsch sa bhfraoch air go minic. Déantar saol na linne agus an réigiúin a chur ina steillbheatha os ár gcomhair agus ní chuirtear fiacail sa léiriú a dhéantar ar dhéine agus cruálacht an tsaoil ag an am.

Tá scéal an chailín óig a bhrúitear i dtreo an striapachais suaite agus truamhéalach agus is sna nóimintí seo is mó atá an saothar os cionn a bhuille.

Bogann an scéal ar aghaidh ar a bhogstróc agus ní nach ionadh cuirtear an lasair sa bharrach sa cheathrú huair an chloig dheireanach.

Saothar machnamhach atá cumasach in áiteanna, ach is mór an trua nár deineadh breis iarrachta ábhar nua a chur in iomaire atá treafa go minic cheana.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní bhainfidh scannán nua buachaillí bó a rinneadh i gConamara siar asat'