Tá biaiste na caide agus na hiománaíochta faoi lán seoil agus tá uisce le fiacla i ndiaidh roinnt chluichí ina raibh dianiomaíocht.
Leis an ngoile a ghéarú tuilleadh seo chugainn GAA Nua (RTÉ 1, Dé Luain) sraith ceithre chlár a bhfuil faoi éachtaint a thabhairt dúinn ar an ról atá ag an eolaíocht agus teicneolaíocht i gCumann Lúthchleas Gael an lae inniu.
Is ó cheárta Meangadh Fíbín a thagann an táirge seo le Pat Comer ar an stiúir, Dara Ó Cinnéide ar scáileán agus an bheirt acu ar an bpeann.
Níl ach dhá bhliain déag gafa tharainn ó chaith Dara geansaí Chiarraí den uair dheireanach, agus ba in 2004 a thug sé an óráid cháiliúil úd in Ardán Uí Ógáin. Deir sé féin, áfach, go bhfuil claochlú iomlán tagtha ó shin ar chleachtais thraenála agus ullmhúchán na n-imreoirí idirchontae (agus imreoirí club go deimhin). Bhí an port céanna ag iar-leathbhádóir an Chinnéidigh, agus bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice is é fé agallamh. Cuimhnigh gur in 2007 a seoladh an chéad fhón cliste agus bhí trí bliana eile ann sula dtáinig an chéad táibléad. Dhá uirlis iad siúd a bhí lárnach i gclár na hoíche aréir.
Chaith Dara Ó Cinnéide ocht mí ar an mbóthar agus é ag taisteal ar fud na tíre le lán a chuid súl a bhaint as na forbairtí seo agus le fáil amach cé chomh ‘géar is atá faobhar na speile’.
Deineadh trácht ar an GPS, ar chothú agus ar anailís físe. Labhair Cian O’Neill, Bainisteoir Chill Dara agus Ceann Roinne na hEolaíochtaí Spóirt in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí ar a thuiscintí siúd ar an ábhar.
D’admhaigh sé gur saoithín sonraí é ach dar leis nach dtagann na sonraí sin salach ar na scileanna bunúsacha, ach go gcuireann siad leo. “Murar féidir é a thomhas, ní féidir é a fheabhsú,” a dúirt rannpháirtí eile.
Chaitheas gáire a dhéanamh fé na spéaclaí oclúide nárbh aon oidhre orthu ach spéaclaí bréige a gheofá i siopa an dá euro. Ina dhiaidh sin féin ba chliste agus ba bhunúsach an úsáid a baineadh astu; ’sé sin na himreoirí a thraenáil don uair go mbeadh orthu na bunscileanna a chur i gcrích fé dheitheanas.
Bhí oscailt súl ag baint leis an anailís físe. Tomás Ó Cadhla ó Phort Láirge ag tabhairt le fios go dtógann sé tuairim is 15-20 uair an chloig le hanailís a dhéanamh ar chluiche. Scáileán an IPad ar nós rud éigin a bheadh ar Star Trek agus na míreanna cuí á seoladh ar aghaidh chuig na himreoirí ar fad le gur féidir leo féachaint orthu ar na gutháin chliste. Mura bhfuil ann ach feabhas/buntáiste de 1%, is fiú é, dar le Tomás.
Lena chois sin ar fad tá súil á coinneáil ar phatrúin chodlata agus iompar aigneolaíoch na n-imreoirí trí bhogearraí cosúil le Metrifit.
Déanann Dara na nithe seo ar fad a chniotáil le chéile go deisbhéalach, stuama; mar is dual dó. Seo an chéad uair aige ar scáileán ó tháinig deireadh le Seó Spóirt. An bhfuil nod anseo faoi cá mbeidh a thriall feasta ó thaobh na teilifíse, agus an iad RTÉ is mó a bhainfidh buntáiste as cinneadh conspóideach TG4 deireadh a chur le Seó Spóirt?
Bhraitheas chomh maith go raibh iarracht níos fearr déanta ag RTÉ sa chlár seo ó thaobh na Gaeilge de ná mar a dhéantar i gcás cláracha ‘Gaeilge’ eile acu, agus ionchur tomhaiste ann ó na daoine atá luaite thuas mar aon le leithéidí Coman Goggins agus Thomáis Uí Fhlatharta.
Clár suimiúil a bhfuil oscailt súl ag baint leis.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: ‘GAA NUA’ – clár suimiúil a bhfuil oscailt súl ag baint leis'