LÉIRMHEAS: Cé a chreidfeadh go mbeimis suaite inniu ag rud a scríobh drámadóir anaithnid thar thréimhse 17 lá i 1955?

Cúitíonn script John Osborne a saothar le Annabelle Comyn go fial sa léiriú nua de 'Look Back in Anger' in Amharclann an Gate...

LÉIRMHEAS: Cé a chreidfeadh go mbeimis suaite inniu ag rud a scríobh drámadóir anaithnid thar thréimhse 17 lá  i 1955?

PICTIÚR: LUCA TRUFFARELLI

‘Look Back In Anger’,
le John Osborne

Amharclann an Gheata 

Jimmy: ‘I learned at a very young age what it was to be angry.’

Alison: ‘Oh don’t try to take his suffering away from him. He’d be lost without it.’

Samhlaigh. Áiléar boho gioblach Jimmy agus Alison Porter, lár tíre i Sasana, 1955.  A bpósadh ar an dé deiridh. Saoithín feargach ón lucht oibre é Jimmy. Cad é, in ainm Chroim, atá ar siúl ag Alison leis, iníon álainn na huas-mheánaicme? Tá bheith istigh san árasán leo ag Cliff Lewis, mac dílis an lucht oibre, comhúinéir le Jimmy ar stalla milseán ar an margadh áitiúil. Ar ball tiocfaidh Helena Charles, aisteoir, cara measúil Alison Porter, chun í a shábháil ó mhí-úsáid an phósta. Tá Helena agus Cliff tánaisteach sa dráma seo mar is le Jimmy agus Alison ‘Look Back In Anger’.

Bhí frissance réamhoscailte as an ngnáth ag rith tríd an lucht féachana in Amharclann an Gate an oíche fá dheireadh. Ní fada go dtosódh Jimmy Porter ag caitheamh díspeagadh leanúnach lena bhean Alison. Ba í an cheist a bhí á cur os íseal ag a lán an oíche sin ná an mbeadh tionchar ag na líomhaintí bulaíochta a ardaíodh anuraidh in éadan Michael Colgan ar léiriú Annabelle Comyn? Mar a tharla, bhí. Pé acu an chun leasa nó chun aimhleasa an léirithe an méid sin, bhuel sin ceist eile.    

Amach as béal Jimmy Porter steallann teanga spleodrach dheisbhéalach, teanga atá breac le nimh agus gangaid den uile shórt. Teanga lasrach, teanga a d’athraigh go deo an sórt ruda ab fhéidir a rá ar stáitse. Fíortheanga, ar tinneall le fíormhothúcháin, dá dhiúltaí féin iad. Teanga nach raibh aon éalú ná fothain uaithi. Pé rud eile faoi Jimmy Porter, chuir sé aer úr fá sciatháin theanga stáitse an Bhéarla. 

Alison: Jimmy, please don’t go on!’

Jimmy: (ag cur síos ar Alison): ‘this monument to non-attachment, the Lady Pusillanimous’!

Alison: ‘I’m going out of my mind!’

Jimmy: (ag screadaíl) Why don’t you DIE? That would BE something!’

Dúshlán atá i léamh feimineach an stiúrthóra Annabelle Comyn, é cúng ach bailí. Is fuathaitheoir nimhneach ban é Jimmy Porter. Ach is mó ná sin é. Is leithne feidhm dhrámatúil an fhuatha a sceitheann sé i dtreo a mhná céile ná léiriú ar chogadh inscne na patrarcachta. Agus é faoi lán seoil, sórt súnás pléascánta teanga a scaoileann Jimmy Porter ina shruth uaidh. Seo fear cruálach, as a mheabhair, b’fhéidir, ar mire, fiú. Ach tá sé beo, agus tá sé ag fulaingt.

Jimmy: I knew more about – love, betrayal, and death, when I was ten years old than you will probably ever know in your life. 

Cruthaíonn Jimmy fadhbanna móra d’aon aisteoir. Caithfear idirdhealú glan a dhéanamh idir an lascadh a thugann sé don phreas, don eaglais, don mheánaicme stufáilte – fócas sochaíoch a chuid feirge – agus an díspeagadh pearsanta a steallann sé ar Alison agus Helena. D’aimsigh Kenneth Branagh tuin shiamsach nuair ba iad na spriocanna sochaíocha ba chúis lena racht i léiriú Judi Dench i 1989. Choimeád sé an nimh lasánta don bhulaíocht a chleachtann sé ar Alison agus Helena.

Fuair Ian Toner (Jimmy) na móimintí móra féintrua ceart. Ach bhí cuma na geonaíola ar chuid den stuif ba chóir a bheith béalchliste. ‘Arias, not whines’ a thug Orborne ar na rachtanna sochaíocha. B’fhiú súil a chaitheamh ar fhíochmhaire Richard Burton sa scannán (1958) agus Mary Ure bhocht á cur trín gcriathar aige. Áit éigin idir Branagh is Burton a luíonn Jimmy Porter John Osborne. Nach foríseal é mo dhóchas!

Jimmy: I rage, and shout my head off, and everyone thinks “poor chap!” or “what an objectionable young man!” But that girl there can twist your arm off with her silence. 

Níl ribe in easnamh ar léiriú Clare Dunne (Alison) áfach, agus is aisteoir den scoth í. Aníos as na putóga a thagann fírinní a cuid fulaingthe. Níl fágtha idir í agus Jimmy sa deireadh ach blaosc fholamh an ghrá gan seans a sriosadh ar altóir na gcéadta díomá laethúil.

Chas ‘Anger’ coinbhinsiúin na hamharclannaíochta ar a gceann. Thug sé cead dúinn gránnacht na beatha a thaispeáint ar stáitse. Cuireadh drámaí deasa béasacha Coward agus Rattigan, seánra dea-bhéasach West End, de dhroim seoil ar fad le foléinte Jimmy Porter, drár Cliff Lewis, slip Helena Charles, níolóin Alison Porter agus an diabhal clár iarnála uileláithreach damanta! 

Ar chuir imeacht na haimsire as do dhráma pléascánta John Osborne? Bhuel, cé a chreidfeadh go mbeimis suaite inniu ag rud a scríobh drámadóir anaithnid 26 bliain d’aois, thar thréimhse seacht lá dhéag, agus é ag déanamh bolg le gréin i gcathaoir dheice ar Morecambe Pier i 1955?

Má rug Elvis agus Brando greim ar zeitgeist ógchultúr domhanda na linne sin, thug Look Back In Anger guth don choimhthíos feargach a bhraith údar óg léannta an lucht oibre i leith shochaí aicmeach stufálta na Breataine. Treallchogaí aonair, chaith Osborne an chéad rois chliathánach i réabhlóid chultúrtha idir-aicmeach na gcaogaidí.

Tá an bua agat, a John Osborne.

Ní dhéanann an ealaín aon bhreithiúnas. Tá sí saor ón mhoráltacht. Níl aon chosaint eile de dhíth uirthi ach a fiúntas féin. I ndeireadh na dála, bhí an ceart ar fad ag bard Stratford anallód, ‘The play’s the thing’.

Chúitigh script Osborne a saothar le Annabelle Comyn go fial, ar an ábhar go raibh sé uile ann cheana, ag fanacht uirthi. In Amharclann an Gate go dtí Márta 24.

Bí ann gan teip.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cé a chreidfeadh go mbeimis suaite inniu ag rud a scríobh drámadóir anaithnid thar thréimhse 17 lá i 1955?'