Tá na Náisiúin Aontaithe faoi ionsaí agus prionsabail na síochána agus bealaí síochánta le haighneas idirnáisiúnta a réiteach ag cailliúint a nirt. Tá údarás is dlisteanacht na heagraíochta á gcreimeadh le blianta, agus í á hionsaí ó gach cearn den speictream polaitíochta.
Iad siúd atá ag cur i gcoinne pholasaí eachtrach an Iarthair agus na Stát Aontaithe, cáineann siad an eagraíocht mar gheall ar a heaspa cumhachta maidir le Gaza agus mar gheall ar ghníomhartha míleata aonair na Stát Aontaithe a tharlaíonn gan aon údarás ón gComhairle Slándála.
Cáineann lucht liobrálach an Atlantachais í mar nach raibh sé ar a cumas stop a chur le hionradh na Rúise isteach san Úcráin nó deireadh a chur leis an gcogadh sin.
Faoi láthair tá dúshlán níos soiléire fós roimh na Náisiúin Aontaithe – ionsaí oscailte na Stáit Aontaithe, tír a bhí luaite go mór lena bunú agus an tír is mó a chuireann maoiniú ar fáil di.
Tá Donald Trump, a bhíodh i gcónaí cáinteach faoi na NA, tar imeacht ón reitric chuig an ngníomh. Ó tháinig sé ar ais i gcumhacht, tá a rialtas tar éis íocaíochtaí deonacha do ghnáthbhuiséad agus do bhuiséad síochánaíochta na NA a ghearradh siar.
Tá tionscnamh nua a bhaineann le hábhar seolta aige anois – an Bord Síochána mar a thugtar air – atá á lua go sonrach mar rogha eile seachas an córas iltaobhach atá ann cheana féin. Tá Trump féin ina chathaoirleach ar an mBord Síochána. Go dtí seo, níl ach líon teoranta tíortha, go príomha rialtais sa Mheánoirthear, i lár na hÁise agus i Meiriceá Laidineach, tar éis a rannpháirtíocht sa mbord a chur in iúl.
Tá tíortha an Iarthair tar éis diúltú dó nó tá siad drogallach, agus níor ghlac cumhachtaí móra ar nós na Síne, na Rúise nó na hIndia go foirmiúil leis an tionscnamh.
Ar na cúiseanna sin, is dócha nach gcaillfidh na NA a n-áit sa ngearrthéarma, ós rud é go bhfuil sé soiléir gur uirlis chun cumhacht na Stát Aontaithe a léiriú atá i bhfiontar Trump.
Ní teip institiúideach amháin faoi ndear lagú na NA, ach an chaoi go mbíonn na cumhachtaí móra ag réiteach le chéile.
Is amhlaidh a bhí an scéal riamh. Ní raibh go minic sa dlí idirnáisiúnta ach miotas den chuid is mó, á fhorfheidhmiú go roghnach nuair a bhíodh sé ag teacht le leas na gcumhachtaí móra agus neamhaird air nuair nach mbíodh.
Ach tá gnéithe nua faoi leith ann inniu. Roimhe seo dhéanadh rialtas na Stát Aontaithe iarracht ar a laghad an chuma iltaobhach a lorg; inniu, tá an chuma sin imithe. Mar sin féin, tá na cumhachtaí móra fós ag brath ar chomhghuaillíochtaí, ar thrádáil agus ar aitheantas taidhleoireachta. Tá praghas ó thaobh na dea-cháile agus na polaitíochta ag baint le neamhaird a thabhairt ar na rialacha nó na prionsabail a nglactar leo go forleathan, mar a léiríonn an frithradadh domhanda i gcoinne Iosrael agus Trump.
Is fearr córas ina bhfuil spreagadh éigin ar a laghad ag stáit cloí le rialacha coiteann ná córas a bhíonn á rialú go hoscailte ag fórsa amháin. Ag an am céanna, níl sé réalaíoch súil a bheith agat go réiteoidh na NA ina n-aonar géarchéimeanna an domhain. Is í an chothromaíocht chumhachta níos leithne a mhúnlaíonn cinniúint na gcoimhlintí sa Mheánoirthear, san Úcráin nó in aon réigiún eile, seachas rúin a ritear i Nua-Eabhrac.
Mar sin, braitheann aon athrú níos lú ar athchóiriú institiúideach ná ar chóiriú geopholaitiúil idir na cumhachtaí móra. Má éiríonn leo cothromaíocht nua a chruthú d’fhéadfadh an NA teacht chun cinn arís. Mura n-éiríonn leo, beidh a gcumas teoranta. Sa chiall seo, léiríonn an eagraíocht scoilteanna an chórais idirnáisiúnta féin.
Cuireann an rialtas seo againn an locht ar an Rúis agus ar an tSín, agus tá siad ag tagairt do laige na NA mar gheall ar chros a bheith ag an dá thír sin mar leithscéal le fáil réidh leis an nGlas Triarach.
Ach ní threisíonn an beartas sin na NA, nó ní chruthaíonn sé leagan níos éifeachtaí den eagraíocht ag an oiread.
Ach ba chóir dúinn a bheith soiléir faoi cé nach bhfuil ar aon bhuille leis an domhan i gcoitinne. Ar raon leathan de shaincheisteanna, is minic a vótálann tromlach domhanda i gcaoi a fhágann na Stáit Aontaithe agus na comhghuaillithe is dlúithe atá aige san Iarthar leo féin. In ionad na NA a bheith scartha ón réaltacht, is minic a fhrithchaitheann an scáthán an fhírinne ar ais: ‘an domhan lúide ceann amháin’, mar a dúradh, nó b’fhéidir, le bheith beacht, an domhan lúide an tIarthar.
Fág freagra ar 'Léiríonn laige na Náisiún Aontaithe scoilteanna an chórais idirnáisiúnta féin'