Léiríonn flosc chun na beatha Mary Lamb Waugh nach bhfuil san aois ach uimhir

Tógáil croí a bheith i bhfochair Mary Lamb Waugh sa chlár faisnéise iontach ‘Viva Mary’

Léiríonn flosc chun na beatha Mary Lamb Waugh nach bhfuil san aois ach uimhir

Ní gá duit ach cúpla nóiméad a chaitheamh i bhfochair Mary Lamb Waugh le go dtuigfeá nach bhfuil san aois ach uimhir  

Níl san aois ach uimhir a deir an seanrá Béarla linn. Ní gá duit ach cúpla nóimint a chaitheamh i bhfochair Mary Lamb Waugh le go gcuirfí fírinne an ráitis sin abhaile ort. Ní haon iontas go ndein an stiúrthóir agus léiritheoir Cathal Cuaig scannán faisnéise uair an chloig ar an mbean a chaith a hóige ar an gCeathrú Rua (Viva Mary, RTÉ1, Déardaoin).   

Flosc chun na beatha go smior sa bhean seo a shlánaigh na deich mbliana le cois na ceithre scór i mbliana. Caitheann sí a saol ar a comhairle féin, í neamhspleách, meidhreach, cuileachtúil. ‘Má tá tú groíúil le daoine beidh siad groíúil leat’ an mana atá aici. Éirigh amach as an leaba agus bí i measc daoine an dearcadh eile a bhí aici. Tógáil croí a bheith ina fochair is caint á cur aici ar dhaoine go cuileachtúil.  

Thrácht Mary go machnamhach ar a féiniúlacht féin agus ag tús an chláir ceistíonn sí cá bhfuil a baile. Níorbh ó Chonamara a beirt tuistí, an péintéir Charles Vincent Lamb  agus an tréidlia Katharine Hueffer ó Shasana, ach bhogadar beirt ann agus Lamb tite i ngrá leis an tírdhreach, na báid agus na daoine.  

D’imigh Mary léi go scoil chónaithe i mBaile Átha Cliath agus í dhá bhliain déag d’aois agus d’ardaigh sí a seolta go Londain blianta beaga ina dhiaidh sin le tabhairt faoi oiliúint Montessori.  

Mhair sí i Sasana agus i Sitges na Spáinne ar feadh na mblianta. Í ar a sáimhín só i dtrí thír éagsúla ach nasc láidir aici leis an bhfód dúchais i gcónaí. 

Ba í a bhí deas ar na téamaí níos sollúnta sa chlár a iompar. Labhair sí go truacánta faoin saol crua a bhíodh ag mná is ise ag éirí aníos; scata leanaí acu is iad ag sclábhaíocht ó dhubh go dubh. Thagair sí do chumhacht na heaglaise in Éirinn ag an am chomh maith; ‘Laimbín na bProtastúnach’ á tugadh ar a hathair mar nár chuaigh sé ag an Aifreann, cé gur Chaitliceach ab ea é, agus an sagart ag léamh amach síntiúis an phobail ag Aifreann na Cásca.  

Nuair a bhí sí i Londain d’aithin sí ó thuin cainte cuid de na mná sráide gur de bhunadh na hÉireann iad, gan an dara rogha acu ach dul i muinín an striapachais lena gcrústa a thuilleamh. An dearóil á gcomáint chuig an mbád bán, an easpa oideachais is deiseanna á seoladh chun na sráide.  

Cé gur chaith sí a shaol ar a comhairle féin ní raibh an saol ar a toil ar fad aici, bhí a cantam féin den chruatan aici go mórmhór nuair a chailleadar a dteach i ndiaidh dá fear Kevin a bheith bancbhriste. I rith an ama bhí sí tuisceanach gan a bheith binbeach. 

Ligeann Cathal Ó Cuaig do Mary a scéal a insint ar a slí féin agus is léir go raibh sí ar a compord leis. Saothar gleoite iontach. Viva Mary, ba thógáil croí é a bheith ina fochair tamall.  

Fág freagra ar 'Léiríonn flosc chun na beatha Mary Lamb Waugh nach bhfuil san aois ach uimhir'

  • Peigí Ní Chonghaile

    Comhghairdeachas le Cathal Ó Cuaig as an gclár iontach seo a dhéanamh. Bhain mé fhéin agus gach a bhfuil aithne agam orthu an-sásamh as.

  • Mairead NI Nuadhain

    Bhain mé an-taitneamh as an gclár seo. Beidh mé ag caitheamh súil air den dara huair ar an seinnteoir, cinnte. Comhaghairdeas a Chathail.