Léiríodh cheana gur féidir le deargnaimhde teacht ar shocrú, má bhíonn an fonn ann

Fiú má ghlacann Hamas le sos cogaidh agus má scaoileann siad na gialla saor níl comharthaí ar bith ann nach ndéanfaidh na hIosraelaigh ionsaí ar Rafah

Léiríodh cheana gur féidir le deargnaimhde teacht ar shocrú, má bhíonn an fonn ann

Ábhar Dóchais

Cuireadh ionadh ar a lán saineolaithe nuair a socraíodh ar chomhaontú chun roinnt de na gialla a bhí gafa ag Hamas agus príosúnaigh Phalaistíneacha a bhí faoi ghéibheann in Iosrael, a mhalartú ag deireadh mhí na Samhna seo caite.

Cuireadh ionadh ar a lán daoine freisin nuair a cuireadh síneadh ama leis an sos cogaidh sealadach a bhí i bhfeidhm faoi dhó chun an malartú a chur i gcrích. Sa deireadh scaoileadh 110 giall saor agus d’fhill na hIosraelaigh ar an bhfeachtas ionsaithe arís ar an 1 Nollaig.

Léirigh an comhaontú sin go bhféadfadh deargnaimhde teacht ar shocrú dá mbeadh idirghabhálaithe éifeachtacha, a mbeadh muinín ag na deargnaimhde astu, in ann obair go dian chun teacht ar réiteach. Mar gheall ar an muinín a cruthaíodh idir na hidirghabhálaithe, tháinig na páirtithe le chéile arís faoi dheireadh na bliana chun teacht ar chreat-chomhaontú maidir leis an 136 giall a bhí fós i seilbh Hamas.

Tháinig stiúrthóir an CIA, ceannasaí Mossad, seirbhís slándála Iosrael; ceannasaí sheirbhís slándála na hÉigipte agus Príomh-Aire Chatar le chéile ag deireadh mhí Eanáir agus shocraigh siad ar mhargadh ina mbeadh trí chéim ann. Tuigtear go raibh na céimeanna seo a leanas mar chuid de na socruithe:

  • Sa chéad chéim chuirfí sos cogaidh i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine ar a laghad. Scaoilfeadh Hamas idir 35 agus 40 giall saor, fir os cionn 60 bliain d’aois agus daoine atá gortaithe go dona san áireamh. Scaoilfeadh na hIosraelaigh roinnt príosúnach Palaistíneach saor ach níor shocraigh siad ar líon na bpríosúnach.
  • Idir an dá linn, leanfaí leis na cainteanna go dtí go mbeadh comhaontú maidir leis an dara céim ina scaoilfeadh Hamas na gialla eile saor.
  • Ina dhiaidh sin leanfadh na cainteanna go dtí an tríú céim ina dtabharfadh Hamas na gialla a maraíodh ar láimh do na hIosraelaigh.

Toisc nach raibh Hamas ina pháirtí sna cainteanna bhí ar Chatar an margadh a chur faoi bhráid a gceannairí. Mar fhreagra ar an bplean, d’éiligh Hamas go gcuirfí sos cogaidh buan i bhfeidhm agus go scaoilfeadh na hIosraelaigh gach príosúnach Palaistíneach atá faoi ghéibheann in Iosrael. Ní nach ionadh, dhiúltaigh na hIosraelaigh do na héilimh sin scun scan.

Aincheisteanna Bunúsacha

Cé gur fhill na páirtithe ar na cainteanna an tseachtain seo caite, bhriseadar suas arís nuair a glaodh ar ais ceannasaí Mossad ó na cainteanna toisc, a mhaígh na hIosraelaigh. nach raibh Hamas réalaíoch faoina n-éileamh agus nach raibh seans dá laghad ann go dtiocfadh sos cogaidh buan i bhfeidhm. Luaigh Príomh-Aire Chatar chomh maith nach raibh sé dóchasach faoi na cainteanna. Ach tá aincheisteanna bunúsacha roimh an dá dheargnamhaid i dtaca leis na moltaí.

Má ghlacann Hamas leis an moladh go gcuirfí sos cogaidh sealadach i bhfeidhm, cinnte faoiseamh a bheadh ann do mhuintir Gaza agus thabharfaí deis do chuid de na daoine atá sáinnithe i Rafah, cathair i ndeisceart Gaza ina bhfuil na hIosraelaigh ar tí a ionsaí, bogadh arís. Ach thabharfadh an sos deis do na hIosraelaigh freisin na hullmhúcháin a dhéanamh le sibhialtaigh a bhogadh sula rachaidís ar an ionsaí chun an daingean deireanach de chuid Hamas in Gaza a scriosadh.

Má ghlacann Hamas leis an moladh go scaoilfí roinnt giall saor caillfidh siad an cárta margáintíochta is tábhachtaí atá acu. Fiú má scaoileann siad cuid de na gialla saor sa chéad chéim den phlean is amhlaidh a bheidh níos lú giall fágtha le tarrtháil ag na hIosraelaigh.

Tá caint le cloisteáil in Iosrael faoi láthair go bhfuil deis ann na gialla a tharrtháil gan fanacht ar Hamas iad a scaoileadh saor. Ní hamháin go bhfuil na glórtha sin ann ach tá comharthaí ann freisin: tharrtháil na hIosraelaigh beirt ghiall coicís ó shin agus rinne siad ionsaí tarrthála ar ospidéal an tseachtain seo caite.

Cé go bhfuil cás na ngiall thar a bheith tábhachtach do mhuintir Iosrael, de réir pobalbhreith a foilsíodh le déanaí ní bheadh formhór mhuintir Iosrael sásta comhaontú a dhéanamh le Hamas dá gciallódh sé sin nach gcuirfí faoi chois iad.

Rafah

Tá an dearcadh go mbeadh sé níos fearr iarracht a dhéanamh na gialla a tharrtháil ag neartú in Iosrael. Dá mbeadh níos lú dá giall fágtha ag Hamas tar éis na chéad chéime den phlean seans go dtiocfadh an dearcadh sin i dtreis níos mó.

Tá ball den chomh-aireacht chogaidh tar éis foláireamh deiridh a thabhairt ina ndúirt sé go raibh sé ar intinn ag Iosrael Rafah a ionsaí mura scaoilfeadh Hamas na gialla saor. Fiú má ghlacann Hamas le sos cogaidh agus má scaoileann siad na gialla saor níl comharthaí ar bith ann nach ndéanfaidh na hIosraelaigh ionsaí ar Rafah.

Seans go bhfuil measúnú déanta acu agus go gcreideann siad go mbeidh siad in ann an daingean deireanach de chuid Hamas a scrios agus na gialla a tharrtháil ag an am céanna, beag beann ar an gcomhairle atá á fáil acu óna gcomhghuaillithe.

Fág freagra ar 'Léiríodh cheana gur féidir le deargnaimhde teacht ar shocrú, má bhíonn an fonn ann'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tuilleadh den éirleach, den léirscrios agus den sceimhle, deir tú. An gá Rafah a réabadh go talamh chomh maith céanna agus ár a dhéanamh ar na bochtáin atá buailte fúthu ann…breis is milliún go leith acu? Cén chaoi ar féidir na gialla ‘a tharrtháil’ nó a thabhairt slán má éiríonn leis an IDF míleataigh Hamas a theanntú (rud is dóichí ná a mhalairt anois) nó an maróidh Hamas na gialla truamhéalacha sin agus iad féin ag dul chun báis?