‘Léirigh sé caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí’ – leagan nua den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ ar fáil

Labhair Tuairisc.ie le Caoilfhionn Nic Pháidín faoin leagan nua de ‘Séadna’ faoin taitneamh a bhainfidh léitheoirí an lae inniu as an leagan athchóirithe de leabhar an Athair Pheadair atá á fhoilsiú ag Cois Life

Tá eagrán nua den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ Séanna le Peadar Ó Laoghaire ar fáil anois ó Chois Life, fiche bliain i ndiaidh don chomhlacht a gcéad eagrán den saothar – an chéad leabhar riamh a d’fhoilsigh an comhlacht – a chur amach.

12047-1
Caoilfhionn Nic Pháidín

Is í Caoilfhionn Nic Pháidín, comhbhunaitheoir Chois Life, a chuir eagar ar an eagrán nua seo atá dírithe ar réimse leathan léitheoirí.

Is mór idir eagrán 2016 agus eagrán 1996, a dúirt Nic Pháidín le Tuairisc.ie, agus tá Cois Life ag súil go mbeidh an leagan nua “oiriúnach” do réimse leathan léithéoirí.

“Nuair a bunaíodh Cois Life i 1996, ba é an chéad leabhar a chuireamar amach ná Séadna, agus é in oiriúint do dhaoine óga. Is dóigh liom gurbh é an chéad leabhar in Éirinn, Béarla nó Gaeilge, a raibh CD ina theannta seachas caiséad.

“D’éirigh go han-mhaith leis, rinneadh athchló cúpla uair air agus díoladh cúpla míle cóip de. Faoin dtráth seo, tá an clódóir a bhí againn dúnta. Tá éileamh leanúnach ar an leabhar agus ní raibh aon rogha againn é a chur i gcló arís. Bhí sórt leisce orainn scaoileadh leis mar théacs, mar sin shíleamar gurbh fhearr, ag an bpointe seo, eagrán nua a réiteach. An uair seo níl an margadh teoranta do dhaoine óga, tá sé oiriúnach do dhaoine éagsúla,” a dúirt sí.

Tá cáil nach beag ar shaothar an Athar Pheadair Uí Laoghaire mar gheall ar a shaibhre is atá sé ó thaobh na Gaeilge de agus mar gheall ar an léargas a thugtar ann ar chaint bheo Chorcaí ag tús an chéid seo caite.

Cé go ndearnadh caighdeánú ar an nGaeilge don eagrán nua seo tá blas Chorcaí fós le brath air mar sin féin. Níl droim láimhe tugtha ag Nic Pháidín le leaganacha aitheanta Muimhneacha agus í ag iarraidh an saibhreas a thuill cáil don bhunleabhar sin a chaomhnú.

“Thugas faoin leagan seo as an nua. Ar ndóigh, d’fhéachas ar an gceann eile [1996] ach bhíos ag iarraidh rud difriúil a dhéanamh an uair seo. An uair dheireanach bhí sé dírithe go hiomlán ar dhaoine óga agus chuireas an caighdeán i bhfeidhm níos déine an uair sin.

“Ní rabhas ag iarraidh foghlaimeoirí nó daoine a bhfuil canúintí eile acu a chur ó dhoras. Tá sé tábhachtach blas na canúna agus blas na cainte a léiriú mar gurb é sin bua mór an leabhair – an chaint atá ann. Léirigh sé caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí,” a dúirt sí.

Foilsíodh Séadnaina shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge sna 1890idí sular cuireadh an scéal ar fad i gcló faoi aon chlúdach amháin sa bhliain 1904. Bhí an tsraithscéal go mór sa treis ag deireadh na 1800idí agus tús na 1900idí. Is mar sin a foilsíodh leithéidí The Pickwick Papers i Sasana, Les Trois Mousquetaires san Fhrainc, agus Uncle Tom’s Cabin i Meiriceá.

Dúirt Nic Pháidín nach raibh an cineál sin foilsitheoireachta coitianta sa Ghaeilge ar chor ar bith timpeall an ama sin, ach gur fhág sé go raibh go leor sa bhunleabhar a tharraingeodh aird an léitheora ó chroí an scéil.

“Tá an bunleabhar fada go leor, agus tá go leor mionscéalta agus eachtraí beaga ann a chuireann an scéal i bhfad. Tá na mionscéalta sin luachmhar ach ní chuirfeadh gach aon léitheoir sa lá inniu spéis iontu. Tá an leagan seo oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh téacs a léamh a bhfuil an saibhreas sin ann ach nach bhfuil chomh sean-aimseartha sin.

“Tá an saothar mór ar fáil i gcónaí, an leagan a chuir Liam Mac Mathúna in eagar, agus é ar fáil do scoláirí teanga agus d’fhoghlaimeoirí ag an ardleibhéal. Tá an scéal slán sa leagan nua ach na mionscéalta fágtha ar lár ann.”

Thagair Nic Pháidín don díospóireacht mhór a bhí ag dul ar aghaidh i measc lucht athbheochana na teanga an uair a bhí Ó Laoghaire i mbun pinn maidir le cén chaoi ab fhearr an nualitríocht a chur ar fáil i nGaeilge. Dúirt sí gur tháinig an t-údar ar mhodh scríbhneoireachta a cheangail an “dá shaghas téacs” a bhí ann le chéile.

“Bhí an dá shaghas téacs ann an uair sin; teanga ársa Chéitinn agus an béaloideas a d’eascair ón gcaint bheo. Rinne Ó Laoghaire iarracht ábhar liteartha a chur ar fáil bunaithe ar an gcaint bheo sin. Is mar sin a bhunaigh lucht na hathbheochana an nualitríocht. Ba iad a leag síos an bhunchloch sin.”

Dúirt sí, áfach, go bhfuil easnamh ann i litríocht na Gaeilge mar sin féin. Seanna2016-Hi

“Ta roinnt leabhar den chineál sin ag Ó Conaire ach is é Séadna an ceann is mó a ritheann liom. Tá an tsraithiú sin comónta idir Dickens agus Ó Laoghaire ach níl sé coitianta sa Ghaeilge ar chor ar bith. D’fhéadfaí na finscéalta a fhoilsiú sa Nua-Ghaeilge ach ní mór iad sin a chóiriú agus a chur in oiriúint do léitheoir an lae inniu. Bheadh sé cosúil le saothar Chaucer i mBéarla a chur amach gan é a leasú; tá an stíl agus an friotal athraithe ó bhun ó scríobhadh iad.”

Is í Olivia Golden a mhaisigh Séanna, maisitheoir atá tar éis roinnt oibre a dhéanamh ar leabhair Chois Life cheana féin. Tá stíl atá ildaite agus spéisiúil glactha chuici féin ag Golden don eagrán seo, ach “léiriú dílis” déanta aici ar charachtair Uí Laoghaire, dar le Nic Pháidín.

“An dúshlán a bhain leis an eagrán seo ná na carachtair agus saol Shéanna féin a léiriú agus a bheith dílis don téacs gan a bheith seanfhaiseanta agus seanchaite. Léirígh Olivia an rud go dílis agus tá spórt agus spraoi sna léaráidí a rinne sí.

“An rud atá deas faoin téacs seo ná, cé go bhfuil sé bunaithe ar thuiscintí agus ar shaol an Athar Pheadair, ní léirítear aon chnáimhseálaithe ann. Cé go raibh saol simplí ag daoine, ní bhraitear go raibh sé go hainnis.”

Séanna ar fáil anois i siopaí leabhar ar fud na tíre agus ar shuíomh Chois Life.

Fág freagra ar '‘Léirigh sé caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí’ – leagan nua den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ ar fáil'

  • Darragh Ua Caoimh

    N’fheadar cad ina thaobh gur “Séanna” an teideal seachas “Séadna” mar atá ar eagrán Mhic Mahtúna? Caighdeánú atá i gceist is dócha.