Leibhéal eile bainte amach ag Luimneach, an ceathrú craobh as a chéile buaite ag fathaigh Kiely

Bhí Cill Chainnigh cúig phointe chun tosaigh agus leathuair an chloig fágtha i gcluiche ceannais na hÉireann ach ní raibh aon fhreagra acu nuair a thug Luimneach rúid orthu

Leibhéal eile bainte amach ag Luimneach, an ceathrú craobh as a chéile buaite ag fathaigh Kiely

Cian Lynch agus Declan Hannon leis an gcorn Liam McCarthy. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Luimneach 0-30 Cill Chainnigh 2-15

Ba dheacair a shamhlú go bhféadfadh gaiscígh seo Luimnigh leibhéal níos airde fós a bhaint amach ach rinneadar amhlaidh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna chun an ceathrú craobh as a chéile a bhuachan. Sa dara leath thug siad ceann de na taispeántais is fearr atá feicthe againn i gcluiche ceannais na hÉireann agus iad rómhaith do Chill Chainnigh.

Naoi bpointe a bhí le spáráil ag Luimneach ar deireadh agus a gcúigiú craobh buaite in imeacht sé bliana buaite ag fir John Kiely. Cé gur choinnigh Cill Chainnigh le seaimpíní na hÉireann ar feadh 40 nóiméad nó mar sin, léiríodh an bhearna ollmhór atá idir Luimneach agus chuile fhoireann eile sa tír.

Nuair a scóráil Paddy Deegan an dara cúl do Chill Chainnigh théis 41 nóiméad, chuir sé na Cait cúig phointe chun tosaigh ach thóg Luimneach ceannas iomlán ar chúrsaí as sin go deireadh. Bhí Cill Chainnigh 2-10 in aghaidh 0-11 chun tosaigh i ndiaidh an chúil sin ach bhí siad ceithre phointe taobh thiar taobh istigh de dheich nóiméad nó mar sin. Deich gcúilín a fuair Luimneach sa tréimhse i ndiaidh an chúil, i gcomparáid le ceann ag Cill Chainnigh.

Peter Casey, a bhí ar fheabhas ar fad sa dara leath, a chuir tús leis an teacht aniar le pointe gleoite ón taobhlíne. D’aimsigh Gearóid Hegarty, lena chéad scór den chluiche, agus Diarmaid Byrnes, fathach eile ag Luimneach inniu, pointí eile taobh istigh de 90 soicind.

Darragh O’Donovan, Luimneach agus Adrian Mullen, Cill Chainnigh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí seans ag Cill Chainnigh stop a chur leis an teacht aniar nuair a chuir TJ Reid pas isteach i dtreo Martin Keoghan, a bhí saor i mbéal an chúil, théis 46 nóiméad, ach sciorr Keoghan díreach ag an am mhícheart. Chuaigh Luimneach díreach suas an pháirc agus sheol Aaron Gillane iarracht ón taobhlíne díreach idir na postaí. Bhí lucht leanúna Luimnigh, a bhí taobh thiar de in Ardán Uí Chíosóig, ar a gcosa ag ceiliúradh sular chrom an maor cúil chun bratach bhán a ardú. Bhí na foirne ar comhscór den chéad uair ón gcúigiú nóiméad.

Scóráil TJ Reid poc saor chun briseadh beag a thabhairt do Chill Chainnigh ach níor mhair sé i bhfad. Scóráil Luimneach cúig phointe eile i gcúig nóiméad  chun iad a chur chun tosaigh – trí cinn ag Diarmaid Byrnes agus ceann an duine ag Aaron Gillane agus Darragh O’Donovan.

As an gcéad cheithre scór eile, fuair Cill Chainnigh trí cinn chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe agus deich nóiméad fágtha ach tháinig Luimneach le rúid eile, seacht bpointe as a chéile chun Cill Chainnigh a chur de dhroim seoil. Scóráil Casey trí cinn acu thíos faoi Ardán Uí Chíosóig.

Tom Morrissey, Luimneach. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’aimsigh David Reidy an t-ochtú pointe is fiche do Luimneach sa 65ú nóiméad agus bhí sé thiar sa líne lánchúil cúpla nóiméad ina dhiaidh chun Alan Murphy a bhrú amach thar an líne agus fear Chill Chainnigh ag dul i dtreo an chúil. Casey agus an t-ionadaí Cathal O’Neill a chuir deireadh leis an scóráil agus leis an gcluiche ach rinne gach duine a gcuid do Luimneach. 12 imreoir a d’aimsigh an sprioc do Luimneach.

Ní hé seo an chéad uair ag Luimneach gaisce a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann ach nuair a chuirtear san áireamh na himreoirí a bhí ar iarraidh orthu – captaen na foirne Declan Hannon agus an sárchosantóir Seán Finn – seans gurb é seo an ceann is fearr fós acu.

Scór gleoite eile ó Peter Casey in ainneoin iarrachtaí Richie Reid. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Mar a tharla sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe, bhí Luimneach go mór faoi bhrú sa chéad leathuair an chloig. Ní raibh Luimneach riamh chun deiridh i gcluichí ceannais 2020, 2021 ná 2022 ach bhíodar taobh thiar théis 60 soicind de cheann na bliana seo agus Cill Chainnigh curtha chun tosaigh ag Paddy Deegan. Fuair Cian Lynch agus Diarmuid Byrnes scóranna do Luimneach mar fhreagra ar na Cait ach bhí Cill Chainnigh chun cinn arís sa deichiú nóiméad nuair a scóráil Eoin Cody cúl iontach. Fuair Cill Chainnigh trí cinn den chéad cheithre scór eile agus bhíodar sé phointe chun cinn ar feadh tamaill,  1-8 in aghaidh 0-5. Bhí TJ Reid cruinn ó na pocanna saora ach bhí sárobair á déanamh ag leithéidí Tom Phelan, Martin Keoghan, Richie Reid, Paddy Deegan agus Huw Lawlor.

John Donnelly, Cill Chainnigh agus Tom Morrissey, Luimneach. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Mar a rinne siad in aghaidh na Gaillimhe, thosaigh Luimneach ag teacht aniar roimh leath ama le trí phointe as a chéile, péire ag Gillane agus ceann ag David Reidy.  Ba é Cian Lynch an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc sa chéad leath ach bhí cúl idir na foirne go fóill ag an mbriseadh, 1-9 in aghaidh 0-9.

Laghdaigh Luimneach an bhearna go dtí aon phointe amháin leis an gcéad dá scór den dara leath ach d’aimsigh Tom Phelan sárphointe agus chruthaigh sé an cúl do Paddy Deegan, rud a chuir an chuma ar an scéal go mb’fhéidir go raibh ionsaí Luimnigh curtha díobh ag Cill Chainnigh. Ní raibh Luimneach ach ag tosú, áfach.

Fág freagra ar 'Leibhéal eile bainte amach ag Luimneach, an ceathrú craobh as a chéile buaite ag fathaigh Kiely'