Leathanach Gaeilge ón 15ú haois aimsithe a léiríonn nasc diamhair idir na Gaeil agus saol Ioslam

Thángthas ar chumhdach leabhair a bhí déanta as leathanach páir ón 15ú haois a bhí lán le téacs i nGaeilge

Leathanach Gaeilge ón 15ú haois aimsithe a léiríonn nasc diamhair idir na Gaeil agus saol Ioslam

'Blúire Avicenna' agus é ceangailte leis an leabhar ón 16ú haois

Tá léargas le fáil i  lámhscríbhinn nua-aimsithe ón 15ú haois ar cheangal diamhair idir an saol Gaelach, an saol Moslamach agus saol an léinn. 

Thángthas ar an lámhscríbhinn, ar chuid í d’aistriúchán ar chiclipéid leighis ó Ré Órga Ioslam, agus mar chumhdach ar leabhar ón 16ú haois.

An tOllamh le Nua-Ghaeilge i UCC Pádraig Ó Macháin a tháinig ar an nasc seo nuair a fuair sé amach mar gheall ar leabhar ársa a bhí ag teaghlach i gCorn na Breataine, a raibh baint aige le saol an léinn in Éirinn sna meánaoiseanna. 

Lámhleabhar póca a bhí sa saothar a bhain leis an riarachán áitiúil. I seilbh an teaghlaigh i gCorn na Breataine a bhí sé ó cuireadh i gcló i Londain é in 1534/1536.

An cumhdach leabhair ba mhó a mhúscail suim an Ollaimh Ó Macháin. Is é a bhí sa chumhdach  ná leathanach páir as Éirinn ón 15ú haois a bhí lán le téacs i nGaeilge. Bhí an leathanach gearrtha fillte agus fuaite isteach i ndroim an leabhair ar mhaithe le cumhdach láidir a thabhairt dó. 

Dúirt Ó Macháin nach rud neamhghnách é i dtraidisiúin na hEorpa n-úsáidfí pár ó shean-lámhscríbhinní chun leabhair nua a chumhdach, ach gurb é seo an chéad uair gur thángthas ar shampla “chomh láidir sin” i gcás na Gaeilge. 

Bhí an tOllamh Ó Macháin ábalta a dhéanamh amach ó ghrianghraif den chlúdach a cuireadh ar fáil dó gur ó leabhar faoi chúrsaí leighis a baineadh an leathanach Gaeilge. Dúirt sé go mbaineann an ceathrú cuid de na lámhscríbhinní Gaeilge a tháinig slán chugainn ó na meánaoiseanna déanacha le cúrsaí leighis, léiriú ar a phraiticiúla is a bhí na leabhair sin in Éirinn ag an am. 

‘Blúire Avicennat’ bainte den leabhar agus é dírithe amach chun go bhféadfaí é a léamh

Ba í an tOllamh Aoibheann Nic Dhonnchadha ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, saineolaí ar chúrsaí leighis in Éirinn sna meánaoiseanna, a d’aithin cárbh as a tháinig an leathanach Gaeilge.  Leathanach atá ann as aistriúchán Gaeilge ar al-Qānūn fī al-Ṭibb, ‘Canóin an Leighis’, ciclipéid cúig imleabhar faoi chúrsaí leighis a scríobh an dochtúir de chuid na Peirse Ibn Sena (980–1037), fear a dtugtaí Avicenna air chomh maith agus atá áirithe ar dhuine de mhórdhochtúirí ré órga Ioslam.

Seo an chéad fhianaise go ndearnadh an saothar mór le rá seo a aistriú go Gaeilge.   

Baineann an blúire den aistriúchán Gaeilge ar leagan Laidine de shaothar Avicenna agus le tús na ciclipéide, mar a bhfuil eolas faoi fhiseolaíocht na ngiall, na sróine agus an droma.

Sna meánaoiseanna ba iad na Moslamaigh a bhí i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí leighis agus bhí an-tóir i measc scoláirí ar fud na hEorpa ar ‘Chanóin an Leighis’.

Bhí léann an leighis in Éirinn inchurtha leis an léann a bhí ar siúl aon áit eile ar mhór-roinn na hEorpa agus ba é an t-ábhar staidéir in Éirinn ba mhó a raibh aird aige ar a raibh ar siúl thar lear. 

Ba nós le scoláirí na tíre seo taisteal go dtí scoileanna leighis san Eoraip agus a gcuid léinn a thabhairt abhaile leo go dtí scoileanna leighis na hÉireann.

Ó tharla go meastar tábhacht mhór a bheith leis an lámhscríbhinn nua-aimsithe ó thaobh stair an leighis agus an léinn in Éirinn bhí na húinéirí sásta go mbainfí an cumhdach den leabhar. Ar John Gillis ó Choláiste na Tríonóide a leagadh an cúram sin agus deineadh digitiú ar an ábhar faoi stiúir Uí Mhacháin. Cuireadh cumhdach nua ar an leabhar. 

An blúire agus an leabhar

Is féidir ‘Blúire Avicenna’ a fheiceáil ar an suíomh Irish Script on Screen.

“Eachtra iontach léinn” a bhí in aimsiú agus digitiú an téacs Ghaeilge, a dúirt Ó Macháin. Dúirt sé gur oibrigh gach duine, úinéirí an leabhair, as lámha a chéile ar mhaithe leis an leánn.

Beidh seimineár poiblí faoi ‘Bhlúire Avicenna’ agus faoi chúrsaí leighis in Éirinn sna meánaoiseanna in UCC ar an 7 Márta.

Fág freagra ar 'Leathanach Gaeilge ón 15ú haois aimsithe a léiríonn nasc diamhair idir na Gaeil agus saol Ioslam'

  • Arnaldus de Villa Nova

    ”Is féidir ‘Blúire Avicenna’ a fheiceáil ar an suíomh Irish Script on Screen.”
    Is féidir, go deimhin, ach seachain an mbeifeá ag súil le haon fhocal Gaeilge ó aos léinn na hÉireann. Gan oiread agus focal amháin.
    An rud céann anseo: http://www.dil.ie/
    Airgead poiblí á chaitheamh agus gan a ceart á thabhairt dár dteanga féin.
    Mo chlann féin a dhíol a máthair.

  • Panu Höglund

    “an saol Ioslamach” nó “saol an Ioslaim”, le do thoil. Níl “saol Ioslam” ceart ar aon nós.

  • eamann

    Pangu

    Ní dóiche go bhfuil leagan den ghinideach molta don fhocal sin ‘Ioslam’.
    Ní mholann an Coiste Téarmaíochta aon infhilleadh a dhéanamh cib é ar bith.

  • seillí

    iontach ar fad