Tá léargas le fáil i lámhscríbhinn nua-aimsithe ón 15ú haois ar cheangal diamhair idir an saol Gaelach, an saol Moslamach agus saol an léinn.
Thángthas ar an lámhscríbhinn, ar chuid í d’aistriúchán ar chiclipéid leighis ó Ré Órga Ioslam, agus mar chumhdach ar leabhar ón 16ú haois.
An tOllamh le Nua-Ghaeilge i UCC Pádraig Ó Macháin a tháinig ar an nasc seo nuair a fuair sé amach mar gheall ar leabhar ársa a bhí ag teaghlach i gCorn na Breataine, a raibh baint aige le saol an léinn in Éirinn sna meánaoiseanna.
Lámhleabhar póca a bhí sa saothar a bhain leis an riarachán áitiúil. I seilbh an teaghlaigh i gCorn na Breataine a bhí sé ó cuireadh i gcló i Londain é in 1534/1536.
An cumhdach leabhair ba mhó a mhúscail suim an Ollaimh Ó Macháin. Is é a bhí sa chumhdach ná leathanach páir as Éirinn ón 15ú haois a bhí lán le téacs i nGaeilge. Bhí an leathanach gearrtha fillte agus fuaite isteach i ndroim an leabhair ar mhaithe le cumhdach láidir a thabhairt dó.
Dúirt Ó Macháin nach rud neamhghnách é i dtraidisiúin na hEorpa n-úsáidfí pár ó shean-lámhscríbhinní chun leabhair nua a chumhdach, ach gurb é seo an chéad uair gur thángthas ar shampla “chomh láidir sin” i gcás na Gaeilge.
Bhí an tOllamh Ó Macháin ábalta a dhéanamh amach ó ghrianghraif den chlúdach a cuireadh ar fáil dó gur ó leabhar faoi chúrsaí leighis a baineadh an leathanach Gaeilge. Dúirt sé go mbaineann an ceathrú cuid de na lámhscríbhinní Gaeilge a tháinig slán chugainn ó na meánaoiseanna déanacha le cúrsaí leighis, léiriú ar a phraiticiúla is a bhí na leabhair sin in Éirinn ag an am.
Ba í an tOllamh Aoibheann Nic Dhonnchadha ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, saineolaí ar chúrsaí leighis in Éirinn sna meánaoiseanna, a d’aithin cárbh as a tháinig an leathanach Gaeilge. Leathanach atá ann as aistriúchán Gaeilge ar al-Qānūn fī al-Ṭibb, ‘Canóin an Leighis’, ciclipéid cúig imleabhar faoi chúrsaí leighis a scríobh an dochtúir de chuid na Peirse Ibn Sena (980–1037), fear a dtugtaí Avicenna air chomh maith agus atá áirithe ar dhuine de mhórdhochtúirí ré órga Ioslam.
Seo an chéad fhianaise go ndearnadh an saothar mór le rá seo a aistriú go Gaeilge.
Baineann an blúire den aistriúchán Gaeilge ar leagan Laidine de shaothar Avicenna agus le tús na ciclipéide, mar a bhfuil eolas faoi fhiseolaíocht na ngiall, na sróine agus an droma.
Sna meánaoiseanna ba iad na Moslamaigh a bhí i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí leighis agus bhí an-tóir i measc scoláirí ar fud na hEorpa ar ‘Chanóin an Leighis’.
Bhí léann an leighis in Éirinn inchurtha leis an léann a bhí ar siúl aon áit eile ar mhór-roinn na hEorpa agus ba é an t-ábhar staidéir in Éirinn ba mhó a raibh aird aige ar a raibh ar siúl thar lear.
Ba nós le scoláirí na tíre seo taisteal go dtí scoileanna leighis san Eoraip agus a gcuid léinn a thabhairt abhaile leo go dtí scoileanna leighis na hÉireann.
Ó tharla go meastar tábhacht mhór a bheith leis an lámhscríbhinn nua-aimsithe ó thaobh stair an leighis agus an léinn in Éirinn bhí na húinéirí sásta go mbainfí an cumhdach den leabhar. Ar John Gillis ó Choláiste na Tríonóide a leagadh an cúram sin agus deineadh digitiú ar an ábhar faoi stiúir Uí Mhacháin. Cuireadh cumhdach nua ar an leabhar.
Is féidir ‘Blúire Avicenna’ a fheiceáil ar an suíomh Irish Script on Screen.
“Eachtra iontach léinn” a bhí in aimsiú agus digitiú an téacs Ghaeilge, a dúirt Ó Macháin. Dúirt sé gur oibrigh gach duine, úinéirí an leabhair, as lámha a chéile ar mhaithe leis an leánn.
Beidh seimineár poiblí faoi ‘Bhlúire Avicenna’ agus faoi chúrsaí leighis in Éirinn sna meánaoiseanna in UCC ar an 7 Márta.
Arnaldus de Villa Nova
”Is féidir ‘Blúire Avicenna’ a fheiceáil ar an suíomh Irish Script on Screen.”
Is féidir, go deimhin, ach seachain an mbeifeá ag súil le haon fhocal Gaeilge ó aos léinn na hÉireann. Gan oiread agus focal amháin.
An rud céann anseo: http://www.dil.ie/
Airgead poiblí á chaitheamh agus gan a ceart á thabhairt dár dteanga féin.
Mo chlann féin a dhíol a máthair.
Panu Höglund
“an saol Ioslamach” nó “saol an Ioslaim”, le do thoil. Níl “saol Ioslam” ceart ar aon nós.
eamann
Pangu
Ní dóiche go bhfuil leagan den ghinideach molta don fhocal sin ‘Ioslam’.
Ní mholann an Coiste Téarmaíochta aon infhilleadh a dhéanamh cib é ar bith.
seillí
iontach ar fad