Leasú le déanamh ar liosta na siomptóm agus tástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%

Leasú le déanamh ar liosta na siomptóm do Covid-19 agus tástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%

Leasú le déanamh ar liosta na siomptóm agus tástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar tí an liosta siomptóm do Covid-19 a leasú tráth a bhfuil céatadán na dtástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%.

Tá sé i gceist an galar anosmia, an cumas boladh a fháil a bheith caillte ag duine, á chur le liostaí comharthaí nó siomptóim an Covid-19.

Tá údaráis sláinte na Breataine tar éis an éalang sin a chur le liosta na siomptóm ba chóir do dhochtúirí súil a choinneáil orthu agus othar á mheas acu.

Tá sé luaite ag dochtúirí sa tír seo freisin go raibh an tsrón ag cur as d’othair atá buailte ag Covid-19.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:

“Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile arís an tseachtain seo. Beimid ag breathnú arís ar an sainmhíniú ar chás den víreas ó tharla go bhfuil an ráta cásanna dearfacha ag titim agus an acmhainn tástála treisithe.”

Faoi mheán oíche Dé Luain, 295,626 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 36,818 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 932 duine, nó 2.5% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 3.3% seachtain ó shin.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) gur dea-scéal é nach raibh aon mhéadú mór tagtha ar líon na ndaoine a deimhníodh go raibh an galar orthu in ainneoin go raibh na critéir do thástáil níos boige ná mar a bhí.

“Cé gur leathnaíodh an sainmhíniú ar chás den ghalar agus cé go bhfuil níos mó daoine á gcur ar aghaidh le tástáil ag dochtúirí teaghlaigh, tá líon na ndaoine acu sin a fhaigheann toradh dearfach ar an tástáil ag titim i gcónaí. Léiríonn sé sin go bhfuil Covid-19 faoi chois i gcónaí sa phobal,” arsa De Gascun

49,891 tástáil don ghalar atá déanta sa Tuaisceart.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh 16 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
51 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 14 Márta, 66 lá ó shin.

2,050 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,561 duine ó dheas den teorainn agus 489 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

28,672 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,251 cás ó dheas den teorainn agus 4,421 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 976 den 1,561 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 859 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

71 ráig den ghalar a deimhníodh in ionaid chúraim an Tuaiscirt agus meastar go raibh ráig i 33 ionad eile. De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) bhain nach mór leath de na básanna de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,176 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,143 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 390 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,661 cás, 31.5%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,759 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,379 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,372 cás, nó 5%
  • 438 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.8%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 477 cás bhí i nDún na nGall (2%), 147 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 782 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 37% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Fág freagra ar 'Leasú le déanamh ar liosta na siomptóm agus tástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%'

  • Aine Ní Neachtain

    Is maith an rud é go bhfuil cásanna nua leis an víreas toisc go gciallaíonn sin go bhfuil díonacht níos leithne ann. Is iad na figiúirí maidir le bás atá tábhachtach, gan trácht ar an scrios eacnamaíochta. Ba cheart éisteacht le guth na n-eolaithe a deir linn go bhfuilimid i lár paindéimeach ar a nglaotar Cearc an Phrompa! Cur i gcás Ollamh Dolores Cahill.