Léargas nua ar fáil ar spéis Hilary Mantel i litríocht na Gaeilge

In 2020 chuaigh an t-údar agus foilsitheoir Micheál Ó Conghaile i dteagmháil le húdar iomráiteach na tríolóige Wolf Hall, a bhásaigh le déanaí...

Léargas nua ar fáil ar spéis Hilary Mantel i litríocht na Gaeilge

Tá léargas ar leith ar an tsuim a bhí ag an scríbhneoir Hilary Mantel i litríocht na Gaeilge le fáil i gcomhfhreagras a bhí aici le húdar Gaeltachta.

In 2020 a chuaigh an t-údar agus foilsitheoir Micheál Ó Conghaile i dteagmháil le húdar iomráiteach na tríolóige Wolf Hall féachaint an mbeadh sí sásta rud éigin a scríobh faoi leagan Béarla de chnuasach gearrscéalta de chuid Mháirtín Uí  Chadhain.

Chuir Ó Conghaile an cnuasach sin sa phost chuig Mantel in éineacht le beart leabhar eile.

Ghabh an scríbhneoir Sasanach, a bhásaigh le déanaí, buíochas leis an scríbhneoir as Conamara as an ‘bountiful parcel’ agus thoiligh sí blurba beag a thabhairt dó faoi The Quick and the Dead, aistriúcháin ar ghearrscéalta an Chadhnaigh, a d’fhoilsigh Yale University Press anuraidh.

Mar chuid den bhlurba sin, dúirt Hilary Mantel: “Every sentence is packed with explosive power, not a word wasted, and the whole is almost unbearably moving.”

Ach tá léargas breise le fáil sa chomhfhreagras le Ó Conghaile faoin tsuim a chuir Mantel sa Chadhnach agus i litríocht na Gaeilge. Thug Hilary Mantel cead do Mhicheál Ó Conghaile pé úsáid ba mhaith leis a bhaint as an méid a bhí le rá aici agus tá cuid den chomhfhreagras eatarthu léite ag Tuairisc.

B’údar iontais don údar Béarla, a bhí an-bhródúil as a cúlra Éireannach, a haineolas agus a heaspa tuisceana ar stádas an Chadhnaigh mar scríbhneoir cé go raibh cloiste aici faoi Cré na Cille, nó ‘leabhar na reilige’, mar a thug sí air.

Bhain na scéalta siar aisti, a dúirt sí. ‘Truth to tell I’m a bit overwhelmed…’ ar sí.

D’aithin sí go mbaineann fadhbanna ‘eitice agus teicniúla’ le haistriúcháin ach bhraith sí gurbh fhiú é a dhéanamh le haird a tharraingt ar an saothar agus a n-aistriú go teangacha eile a chothú.

An rud is mó a deir sí a bhraith sí ó scéalta sin an Chadhnaigh an “brú” – an brú an teanga a ainliú lena bhfuil ar a cumas a bhaint aisti agus an brú a bhaineann leis an ábhar ‘lom agus truacánta’ féin.

“Tá Ó Cadhain in ann an oiread sin ábhair a chur in abairt, an oiread sin le treabhadh ag an léitheoir agus an oiread sin a chuirfeas iontas air.”

D’aithin Mantel an teanga sin san aistriúchán mar gurbh í sin an teanga, a deir sí, a bhí ina timpeall agus í ag fás aníos –  “mionchomhrá ar geall le paidir é, ortha”. Deir sí go n-éiríonn leis an gCadhnach an rud nach ndeirtear “a tharrtháil agus a léiriú don léitheoir”.

Bhí Mantel fíormholtach faoi chumas scríbhneoir grinn an Chnocáin Ghlais “solas a scaladh ar an saol crua gan taise gan maoithneachas ar bith sa gcaoi is gur geall le laochas siobáil an lae agus go bhfuil comhrá fánach na ndaoine suaracha seo chomh cumhachtach le mallachtaí nó paidreacha”.

Mhaígh sí nár ghá don léitheoir nua ach alt nó dhó de scéal a léamh le tábhacht an Chadhnaigh mar scríbhneoir a thuiscint. Níl “niche or cranny” i litríocht na hEorpa a d’oirfeadh d’Ó Cadhain mar gur ‘ilchríoch iomlán’ as féin a bhí ann. Is cosúil go raibh an scríbhneoir, a raibh dhá dhuais Booker faighte aici agus dhá chnuasach gearrscéalta dá cuid foilsithe chomh maith le 12 úrscéal, tosaithe ar ghearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile féin a léamh chomh maith. Bhí ardmholadh aici dá shaothar.

Chuaigh an t-aistriúchán ‘Lost in Connemara’ i bhfeidhm go mór uirthi, a dúirt sí. B’aisteach an rud é, a dúirt sí, ach ní raibh sí féin riamh i gConamara ach amháin sa gheimhreadh. Mheabhraigh an scéal di an cumas a bhraith sí i dtírdhreach Chonamara an gheimhridh tú a scanrú.

Thagair sí ansin do réamhrá chnuasach an Chadhnaigh le Louis de Paor agus do ráiteas ón gCadhnach ann, ‘A kind of hunger came over me…’

“Sin an chomaoin a chuireann na scríbhneoirí is fearr ar scríbhneoirí eile – cuireann siad an t-ocras sin ort agus cothaíonn siad an díocas agus an goile sin ionat – ionas gur féidir leat a dhéanamh amach céard atá ag teastáil, agus an leabhar a scríobh…”

Bhí an-spéis ag Hilary Mantel ina cúlra Éireannach.

I gcaint a rinne sí fiche bliain ó shin faoina leabhar ficsin The Giant O’Brien, a spreag Charles Byrne, Éireannach as Doire, a bhí san ainmhéid agus ar cuireadh a chorp ar taispeáint i músaem i Londain, dúirt an t-údar gur bhuail maoithneachas aisteach í agus an leabhar sin á scríobh aici.

“Bhraith mé an-aiféala faoin gcaillteanas, a bhí sa nGaeilge, domsa. Thuigeas go raibh mo bhéal folamh.”

Mhéadaigh a doicheall roimh Shasana agus a meas ar an tír seo aimsir an Bhreatimeachta.

Bhí sé i gceist aici féin agus a fear bogadh chun cónaí in Éirinn. Luaigh sí an méid sin le Micheál Ó Conghaile le linn na paindéime.

Bhásaigh an t-údar Hilary Mary Mantel ar an 22 Meán Fómhair tar éis stróc. As Éirinn a chuaigh seanmhuintir Mantel go Sasana agus ina Caitliceach a tógadh í, cé gur faitíos is mó a cheangail sí leis an gcreideamh sin.

Úrscéalaí agus gearrscéalaí bisiúil a bhí inti ach chomh maith leis sin colúnaí, moltóir agus léirmheastóir aitheanta a bhí inti.

Ba í Mantel an chéad bhean riamh a bhuaigh Duais Booker faoi dhó ar Wolf Hall agus Bring Up the Bodies, péire de na trí leabhar ficsin a scríobh sí faoi Thomas Cromwell, Iarla Essex, a bhí ina aire tábhachtach ag Anraí VIII Shasana ó 1534 go 1540, agus a chuir an Reifirméisean i bhfeidhm le díocas. Ar ndóigh, baineadh an cloigeann de Cromwell féin ar deireadh. Bhí mhó an aithne a bhí in Éirinn ar Chromail eile, thart ar chéad bliain ina dhiaidh sin, cé go raibh smeadar sínte gaoil ann.

Is minic a tharraing a cuid scríbhneoireachta caint. Chuir an tArd-Easpag Mark O’Toole, i ndeoise Caerdydd agus Mwynglawdd sa mBreatain Bheag, ar de bhunadh Chonamara é, claontacht ina leith sa leabhar mórdhíola Wolf Hall, ‘tá snáth den fhrithChaitliceachas sa leabhar gan dabht…níl sé neodrach’.

Cháin sí an Breatimeacht agus an doicheall a léirigh na húdaráis i Sasana roimh imircigh is teifigh, agus luaigh imirce a seanmhuintire féin. Tharraing sí conspóid as a rá gur chuir Rialtas Boris Johnson náire uirthi agus go raibh rún aici cónaí in Éirinn le bheith ina “hEorpach”. Cheil Covid agus an bás an mhian sin uirthi.

Bhí mná buíoch de Hilary Mantel mar gur tharraing sí aird go poiblí ar an inmheatróis, fadhb a chéas í féin agus mná go leor le fada an lá ach gur bheag aird, tuiscint ná cúnamh a bhí le fáil acu ó lucht leighis.

Fág freagra ar 'Léargas nua ar fáil ar spéis Hilary Mantel i litríocht na Gaeilge'

  • Caitlín

    Alt an-suimiúil!

  • Fionntán de Brún

    Iontach suimiúil. Ar an téad chéanna, tá alt ag Mícheál Mac Craith in Léachtaí Cholm Cille 52 (a foilsíodh le déanaí) ina ndéanann sé comparáid idir triológ Mantel (Wolf Hall) agus triológ Liam Mhic Cóil (An Litir).