Leanfar leis an bhfeachtas ‘Bóthar Chumann na mBan’ a thabhairt ar an N40 i ndiaidh don TII moladh a dhiúltú

Dúirt an TII go mbeadh baol ann do thiománaithe dá gcuirfí an t-ainm ‘Bóthar Chumann na mBan’ ar an mbealach idir Dún Citil agus an Curraichín, go háirithe do thurasóirí

Leanfar leis an bhfeachtas ‘Bóthar Chumann na mBan’ a thabhairt ar an N40 i ndiaidh don TII moladh a dhiúltú

Tá geallta ag an gComhairleoir Gobnait Ní Mhuineacháin, as Gaeltacht Chorcaí, go leanfaidh sí ar aghaidh lena feachtas ‘Bóthar Chumann na mBan’ a thabhairt ar bhóthar an N40 i ndiaidh do Bhonneagar Iompair Éireann (TII) an t-iarratas chuige sin a dhiúltú.

Chuir Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Chorcaí araon moladh faoi bhráid an TII go n-athainmneofaí an bóthar, a shíneann 15km ar fad ar an mbealach ó chathair Chorcaí go Cill Airne agus Trá Lí, as an gcumann réabhlóideach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse.

Dúirt an TII go mbeadh baol ann do thiománaithe dá gcuirfí an t-ainm ‘Bóthar Chumann na mBan’ ar an mbealach idir Dún Citil agus an Curraichín, go háirithe do thurasóirí.

Dúradh freisin go mbeadh costas mór ag baint le crochadh comharthaí ar an mbóthar agus go dtiocfadh sé salach ar an bpolasaí comharthaíochta atá i bhfeidhm sa cheantar.

Ag labhairt di ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Ní Mhuineacháin gur chuir cinneadh an TII “ionadh” uirthi agus nach dtuigeann sí cén fáth a ndiúltófaí dá leithéid.

“Teastaíonn uaim go mbeadh gach aon duine sábháilte ar an mbóthar agus ní theastaíonn uaim go mbeadh dainséar ann ach ní thuigim conas a bheadh comhartha bóthair ag cur isteach ar dhaoine agus conas a bheadh dainséar éigin ann leis an ainm ‘Bóthar Chumann na mBan’ a thabhairt air. Ní thuigim sin.

“Tá sé seo ar siúl le dhá bhliain, bhíomar ag iarraidh é a chur tríd chun comóradh a dhéanamh ar na mná a ghlac páirt sa troid ar son shaoirse na hÉireann. Níor tharla faic le bliain, chuireas an cheist arís an tseachtain seo caite agus chuir [an comhairleoir] Mary Shields an cheist chéanna sa chomhairle cathrach,” a dúirt Ní Mhuineacháin.

Dúirt sí go mbeadh sé “go hiontach” do na turasóirí a bheadh ag tiomáint tríd an gceantar ainm an bhóthair a fheiceáil agus go spreagfadh sé a spéis i gcúlra an ainm agus i stair Chumann na mBan. Mhaígh sí freisin go spreagfadh sé spéis aos óg an cheantair sa scéal freisin.

Dúirt an TII nach dtuigfeadh mórán daoine céard is brí le ‘Cumann na mBan’, go háirithe turasóirí agus nach raibh ainm an bhóthair tábhachtach “ar chor ar bith” do ghréasán na mbóithre in Éirinn.

Thug Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Tim Lucey, le fios ag cruinniú de chuid na Comhairle Dé Luain, ag ar pléadh an cheist, nach mbeadh sé sásta dul ar aghaidh leis an moladh mura mbeadh an TII sásta leis.

Dúirt Ní Mhuineacháin, áfach, gur aontaigh gach comhairleoir eile leis an moladh, idir chomhairleoirí contae agus chomhairleoirí cathrach.

“Nílimid ach ag iarraidh béim a chur ar na mná seo, rinneadar an oiread sin dúinn. Seo slí amháin leis sin a dhéanamh. Tá a lán lán timpeallán againn faoi ainmneacha éagsúla, canathaobh nach mbeadh bóthar faoi ainm eile?

“Dhein na mná rud iontach dúinne. Bhí na mílte comóradh againn [i gcaitheamh na bliana] ach beidh siad ag críochnú anois. Ní theastaíonn uaim go ndéanfar dearúd ar na mná. Leanfaimid ar aghaidh leis an bhfeachtas,” a dúirt sí.

Ní fheictear do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go mbíonn deacrachtaí nó contúirt ag baint le hainmneacha Gaeilge a bheith ar bhóithre na cathrach sin. Tá polasaí neamhoifigiúil i bhfeidhm i gCathair na dTreabh le tamall de bhlianta anuas ainmneacha aonteangacha Gaeilge a thabhairt ar eastáit tithíochta agus bóithre nua — leithéidí Bhóthar na dTreabh, Bóthar na Long agus Bóthar na Mine ina measc.

Fág freagra ar 'Leanfar leis an bhfeachtas ‘Bóthar Chumann na mBan’ a thabhairt ar an N40 i ndiaidh don TII moladh a dhiúltú'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Dúirt an TII nach dtuigfeadh mórán daoine céard is brí le ‘Cumann na mBan’, go háirithe turasóirí agus nach raibh ainm an bhóthair tábhachtach “ar chor ar bith” do ghréasán na mbóithre in Éirinn. ‘

    An bhfuil muid anseo le tóin na turasóirí a lí??? Seo an sean scéal céanna a thugtar am ar bith a bhionn comharthaí agus fógraí go hiomlán i nGaeilg á mholadh nó a chuir in airde. Gnóthaí sa Ghaeltacht leis an caoineadh céanna – ‘Ach ní thuigfidh na cuairteoirí é’, amaidí!!! Cuireann an dream seo a bhíonn i mbun bóithre samhnas orm. Níl de dhith anois ach uimhir ar achan rud agus is cuma sa tsioc le logainmneacha agus ainmneacha!