LÉAMHTHUISCINT: Taispeántas iontach ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Taispeántas iontach ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’

Tá an scannán Gaeilge Arracht, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana i rannóg na scannán idirnáisiúnta is fearr. Mí Aibreán 2021 a bheidh na gradaim ar siúl in Los Angeles.

Is saothar stuifiúil, machnamhach é Arracht, an scannán is déanaí ón scéim Cine4, a taispeánadh ar dtús ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe agus ar TG4 i rith na Nollag.

Déantar cíoradh sa scannán seo ar eispéireas fear aonair i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ar shlí ealaíonta, ach slí réalaíoch. Is léir ón gcéad luí súl gur saothar é seo atá go hiomlán teann as féin.

Fear seiftiúil é Colmán Ó Searcaigh (Dónall Ó Héalaí) atá in ann a chrústa a thuilleamh ar mhuir is ar tír i gConamara sna 1840idí. Lucht déanta poitín a mhuintir roimhe; iad go maith á dhéanamh, ach go dona á ól, mar a deir sé féin go seanbhlastúil.

Duine beagfhoclach dúnéaltach é Colmán ach is duine uasal stuama é lena chois sin.

Maireann sé ón láimh go dtí an béal go socair sásta i scioból beag lena bhean agus a mac. Tá suan na muice bradaí le sonrú ón tús, áfach, agus fios againn go bhfuil an drochshaol ag teacht go leac an dorais chucu.

Tagann Patsy Kelly (Dara Devaney) ’on dúthaigh agus iarrann an sagart ar Cholmán lámh chúnta a thabhairt dó. Fásann cairdeas eatarthu. Tá cíos na talún ag luí ar Cholmán agus tá na prátaí ag teip. Tugann sé cuairt ar an tiarna talún ach déanann gníomhartha fill Patsy an chairt a radadh agus bíonn ar Cholmán dul ar a theitheadh.

Tá trí théama cniotáilte le chéile sa scannán: saol Cholmáin agus é ar a theitheadh, uafás an Ghorta Mhóir agus an bhaint a bhí ag córas na dtiarnaí talún leis sin. “Níor tharla sé seo dúinn. Sé an chaoi ar déanadh é seo orainn,” a deir Colmán go fealsúnach, ach le drochmhianach ag pointe amháin.

Is é scéal aonair Cholmáin a thugann léargas dúinn ar an ainnise; níl aon radharc ar theach na mbocht, an imirce ná na corpáin.

An fear aonair ag maireachtaint ar éigean agus gan ann ach an craiceann agus na cnámha. É ciaptha ag cuimhneamh ar a bhean is a mhac. An daonnacht sleamhnaithe uaidh faoi mar atá an fheoil imithe dá chnámha.

Lá de na laethanta tagann sé ar chailín óg (Saise Ní Chuinn) agus tugtar ardú meanma dó mar aon le hábhar beag dóchais.

Tugann cúpla radharc le carachtar Siobhán O’Kelly léargas suaite cumhachtach ar an uafás agus ar an éadóchas i measc an phobail.

Oireann tírdhreach sceirdiúil Chonamara do ghruamacht an scéil agus tá glór na gaoithe is na farraige inár gcluasa ó thús deireadh nach mór.

Is léir go raibh an scríbhneoir/stiúrthóir Tomás Ó Súilleabháin agus a mheitheal ar a gcroí díchill ag iarraidh léiriú dílis cruinn a thabhairt ar shaol na tréimhse. I gcaitheamh an scannáin chímid na carachtair ag cur prátaí, ag cur éisc ar shalann, ag búistéireacht muice, ag tógaint claíocha agus ag iascach i húicéir. Cuireann an obair sin go mór le réalachas an scannáin, agus dá bharr, le cumhacht an tsaothair.

Tá aisteoireacht den scoth ón gcliar ar fad. Dara Devaney atá i bpáirt an bhithiúnaigh agus é ar fheabhas mar is gnáth. Dhá ainmniúchán IFTA a fuair fear Mhuiceanach Idir Dhá Sháile i mbliana, ceann d’Arracht agus ceann do Finky, scannán eile de chuid Cine4. Tá ardtaispeántais leis ann ó Ian McElhatton, an tiarna talún, ó Eoin Ó Dubhghaill, an deartháir agus ó bheirt aisteoirí cumasacha eile as an nGaeltacht, Siobhán O’Kelly, an mháthair agus Saise Ní Chuinn, an cailín óg.

Dá fheabhas iad go léir, Is le Dónall Ó Héalaí an scannán seo. Tugann fear Ghaeltacht Chois Fharraige taispeántas den chéad scoth uaidh agus an scannán go minic i dtaobh le ciúnas agus seatanna teanna dá chuntanós. Ach ní gá d’Ó Héalaí a dhéanamh ach amharc anseo nó focal fánach ansiúd lena theachtaireacht a thabhairt. Tá a thaispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga agus is cinnte go bhféadfaí cás a dhéanamh gurb é seo an taispeántas scáileáin i nGaeilge is fearr riamh.

Ní haon bhréag ag IFTA scannán “suaithinseach” agus cineamatagrafaíocht “chumhachtach” a thabhairt ar scannán Tom O’Sullivan.

Gníomhaíocht 1: Triail Léamhthuisceana

  1. Cén cineál scannáin é Arracht? An maith leatsa an seánra sin?
  2. Tá eolas againne in 2021 nach raibh ag Colmán i dtús an scannáin? Conas?
  3. Deir an léirmheastóir go raibh trí théama ceangailte le chéile sa scannán? Céard iad?
  4. “Sé an chaoi ar déanadh é seo orainn” a deir an príomhcharachtar sa scannán. Céard a rinneadh orthu agus cé a rinne é?
  5. Cén fáth go gceapann an t-údar go n-oireann tírdhreach Chonamara do scéal an scannáin?
  6. Tugtar léiriú sa scannán ar an saol i gConamara sna 1840idí. Tagair do thrí chineál oibre ón ré sin a fheictear sa scannán.
  7. Conas a deir sé a chuirtear an t-éadóchas in iúl?
  8. Molann an léirmheastóir an príomhcharachtar go mór. Cad iad na buanna aisteoireachta a luann sé le Dónall Ó Héalaí?
  9. “an daonnacht sleamhnaithe uaidh” – conas a tharlódh sin do dhuine uasal?
  10. An bhfaca tú aon scannán Gaeilge riamh? Déan cur síos air. Mura bhfaca tabhair faoin taighde.

Gníomhaíocht 2: Nathanna le cur i d’abairtí féin:

suan na muice bradaí
anseo is ansiúd
ó tús deireadh
ón gcéad luí súl, ar muir is ar tír
do chrústa a thuilleamh, lámh chúnta.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Faigh sampla d’aidiacht bhriathartha sa chéad abairt.
  • An bhfeiceann tú aon sampla den bhriathar saor san aimsir chaite sa dara halt?
  • Aimsigh sampla den chopail in alt 2.
  • Sa dara halt ón deireadh faigh sampla de shárchéim aidiachta.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:

  Is breá le mo chara seánra (an scéinséir).

    •      Tá scannáin na hÉireann i measc na (scannáin cháiliúla) anois.
    •      Míshocair go maith a bhíonn saol (an t-aisteoir gairmiúil).
    •      Tugadh suntas d’fheabhas (an aisteoireacht shuaithinseach).
    •      An aontófá féin le tuairimí (an léirmheastóir moltach)?

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Taispeántas iontach ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’'

  • M Mul

    1. is saothar stuifiúil, machnamhach é Arracht. Is maith liom an seánra seo mar is fearr liom scannáin réalaíocha.

  • Ben

    1. is saothar stuifiúil, machnamhach é Arracht. Is maith liom an seánra seo mar is fearr liom scannáin réalaíocha.