LÉAMHTHUISCINT: Guthán Cliste Anne Frank

Léamhthuiscint 07 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Guthán Cliste Anne Frank
  1. Cuimhním go rialta ar thaispeántas idirghníomhach ar fhreastail mé air ag ionad Anne Frank in Amstardam i samhradh na bliana 2008. Ní faoin Uileloscadh a bhí an taispeántas sealadach seo, ach faoi shaoirse phearsanta an duine. Mar chuid den taispeántas, bhí ar an lucht féachana vótáil i bhfabhar nó i gcoinne ráiteas áirithe a teilgeadh ar scáileán mór. Bhí an vótáil discréideach go maith,  agus cnaipí agat nach bhfeicfeadh do chomharsana. Cúpla soicind i ndiaidh na vótála, teilgeadh an toradh ar an scáileán.
  2. Seans nach bhfuil áit níos fearr ar chlár na cruinne ná ionad Anne Frank chun teacht ar dhearcadh coitianta domhanda faoi cheisteanna conspóideacha an tsaoil. Bíonn an t-ionad lán go béal gach lá den bhliain, le daoine ó gach uile chearn den domhan agus ó gach uile chúlra – slua a bhíonn smaointeach go leor tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh Anne agus a muintir ar a dteitheadh ó na Naitsithe. Seo ceann de na ráitis a cuireadh os comhair an lucht féachana randamach idirnáisiúnta sin an lá ar thug mé féin cuairt ar an taispeántas: ‘Ba cheart geataí fíorúla (virtual) a chur i bhfeidhm ar imeall na gcathracha móra a choinneodh súil ar gach duine a théann isteach agus amach.’
  3. Vótáil mé féin i gcoinne an ráitis, ach vótáil 60% den slua – tuairim is leathchéad duine a bhí i láthair – ina fhabhar. Arís is arís eile, bhí céatadán ard den slua sásta sciar suntasach dá saoirse phearsanta a ghéilleadh ar mhaithe lena sábháilteacht. Ar ndóigh, bhí córas monatóireachta á chur i bhfeidhm ar fud an domhain ag an am sin cheana féin; ceann atá i bhfad níos radacaí ná na ‘geataí fíorúla’ a cuireadh os comhair an phobail sa taispeántas sin ag ionad Anne Frank. Ní ar imeall na gcathracha móra atá na gléasanna a choinníonn súil orainn ar fad, ach i bpócaí ár mbrístí agus inár gcuid málaí láimhe.
  4. Nuair a eagraíodh an taispeántas úd, ní raibh ach bliain caite ó seoladh an chéad iPhone. Sé cinn de bhlianta níos déanaí, úsáideann nach mór 1.75 billiún duine guthán cliste de chineál éigin – beagnach an ceathrú cuid de dhaonra an domhain. Ar na gutháin sin (agus ar ríomhairí agus táibléid de gach uile chineál) roinnimid eolas pearsanta gan smaoineamh air faoi dhó. I ngan fhios dúinn féin go minic, coinníonn na gléasanna seo súil ar gach coiscéim dá gcuirimid dínn.
  5. An comhtharlúint é go bhfuil an focal ‘líon’ san fhocal ‘idirlíon’? Ní dóigh liom é. An té a bhaineann úsáid as Facebook, Twitter nó aon cheann de na meáin shóisialta eile agus a cheapann nach bhfuil duine nó dream éigin (haiceálaí, rialtas nó ollchomhlacht) ag éisteacht, tá cónaí air in Útóipe éigin. Bíonn sé ina raic gach uair a bhriseann scéal nua faoin spíodóireacht dhigiteach a bhíonn ar bun ag rialtais agus ag dreamanna eile ar úsáideoirí idirlín, ach mar sin féin, leanaimid orainn ag roinnt eolais faoinár ndearcthaí polaitiúla, ár gclaonadh gnéis, ár sláinte, faoin áit a bhfuilimid.
  6. An é go gcreideann cuid mhór againn inár gcroíthe istigh – dála mhóramh na gcuairteoirí ag an taispeántas úd ag ionad Anne Frank – gur ar mhaithe lenár sábháilteacht an cineál seo gliúcaíochta? Más ea, tá droch-chuimhne againn, óir athraíonn rialtais agus dearcthaí na sochaí i rith an ama, agus ní chun feabhais é i gcónaí. Ach beidh a roinnimid fúinn féin ar fáil ar fhreastalaithe idirlín agus cá bhfios cén áit eile ar feadh i bhfad. Samhlaigh cén úsáid a bhainfeadh na Naitsithe as guthán cliste Anne Frank, dá mbeadh a leithéid d’fhearas aici ag an am.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad a bhí ar siúl in ionad Anne Frank i samhradh na bliana 2008? (alt 1)
  2. Cén tuairim a nochtann an t-údar faoin ionad? (alt 2)
  3. Cén fáth a mbíonn an slua ‘smaointeach’, dar leis an údar? (alt 2)
  4. Cad dó a thagraíonn an figiúr 60%? (alt 3)
  5. Cén fáth a luaitear an figiúr 1.75 billiún in alt 4?
  6. Céard a bhíonn ag tarlú i ngan fhios dúinn? (alt 4)
  7. Cén bhaint atá ag Útóipe le pointe an údair in alt 5?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. In alt 2 deirtear gur cheart geataí fíorúla a chur i bhfeidhm le súil a choinneáil ar dhaoine i gcathracha móra. Cén tslí a gcaithfeá féin vóta? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
  2. Vótáil 60% díobh siúd a bhí i láthair i bhfabhar an gheata. An gcuireann an figiúr sin iontas ort? Cén fáth?
  3. Céard atá i gceist leis an abairt dheireanach san alt?
  4. Cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo meas tú?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 3.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.
  • Sracfhéachaint ar an modh coinníollach:
    • (Vótáil + mé) dó dá mbeadh sé sásta labhairt amach faoi choiriúlacht.
    • (Freastal + siad) ar an gcruinniú dá bhfaighidís síob.
    • (Coinnigh) sé súil ar an teach dom dá n-iarrfainn sin air.
    • An (cuir + tú) an ríomphost sin chugam dá dtabharfainn mo sheoladh duit?
    • (Eagair + mé) an taispeántas dá mbeadh am agam.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

An bhfuilimd ag roinnt an iomarca eolas pearsanta ar na meáin shóisialta?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • smaoinigh ar na contúirtí
    • cén fáth a ndéanann daoine é?
    • rudaí atá cloiste agus feicthe agat féin
    • tionchar a bheadh ag eolas mar seo ar do shaol amach anseo
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Guthán Cliste Anne Frank'