Léamhthuiscint Ghaeilge na hArdteiste –céasadh don scrúdaitheoir agus don dalta bocht

I gcás an oideachais, is minic a ndéantar rudaí atá in ainm is a bheith briste a dheisiú nuair nach bhfuil siad briste ar an gcéad dul síos

Léamhthuiscint Ghaeilge na hArdteiste –céasadh don scrúdaitheoir agus don dalta bocht

Uaireanta is ionann céim amháin chun tosaigh agus dhá chéim ar gcúl. Braithim go dtarlaíonn sé seo i gcúrsaí oideachais minic go leor.

Déantar cúrsaí a athrú agus a uasdátú ar bhonn rialta. Déantar rudaí atá in ainm is a bheith briste a dheisiú nuair nach bhfuil siad briste ar an gcéad dul síos. Ar an drochuair, bíonn an réiteach níos measa ná an bhunfhadhb i gcásanna áirithe.

Bíonn múinteoirí ag lorg go n-athrófaí an siollabas ach an rud a tharlaíonn go minic ná nach bhfaigheann siad na hathruithe a rabhadar ag súil leo. Tarlaíonn sé seo de bharr nach mbíonn go leor tionchair ná ionchuir acu sna hathruithe a cuirtear i bhfeidhm. Ó tháinig deireadh ré Chomhar na Múinteoirí Gaeilge – nach mór dhá bhliain déag ó shin – is ag dul i laghad atá an t-ionchur sin.

Ba mhaith liom díriú ar ghné amháin den chúrsa reatha Gaeilge don Ardteist, Ardleibhéal. An ghné atá i gceist agam ná an léamhthuiscint. Is í an léamhthuiscint an chéad cheist ar Pháipéar 2. Bíonn dhá shliocht léamhthuisceana i gceist agus tá leath de na marcanna (100) do Pháipéar 2 ag dul dóibh. Bíonn cúig alt fada agus sé cheist ag gabháil leo araon.

An fhadhb atá ann ná go mbíonn, ar an meán, ceithre fhocheist i ngach ceann de na ceisteanna seo. Ciallaíonn sé sin go mbíonn breis agus daichead ceist le freagairt ag an dalta. Ceisteanna eolais iad ar an iomlán seachas ceist bheag gramadaí amháin (Ceist 6 (a) ach tá Ceist 6 (b) beagáinín níos casta sa mhéid is go n-iarrtar ar an dalta scríobh ina chuid focal féin mar a chuaigh an t-alt i bhfeidhm air, tréithe an té atá faoi chaibidil sa sliocht, dearcadh an údair ar ábhar an tsleachta agus mar sin de. ‘Is leor 60 focal’, deirtear sna treoracha a ghabhann le Ceist 6 (b).

Ón aiseolas atá faighte agamsa ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí thar na blianta, braitear go bhfuil an cur chuige seo iomarcach agus lochtach. Goilleann sé orthu siúd a cheartaíonn an páipéar sa mhéad is go dtógann sé an t-uafás ama déileáil leis mar ní hamháin go mbíonn breis agus daichead focheist le ceartú ach go mbíonn níos mó ná freagra amháin i gceist le gach focheist agus bíonn dáileadh na marcanna fíorchasta dá réir. Ní haon ionadh é, dar liom, go bhfuil sé éirithe an-deacair go deo ar an Roinn Oideachais scrúdaitheoirí a fháil chun páipéir scrúdaithe a cheartú ar na saolta seo.

Os mo chomhair amach anseo tá Páipéar 1, Ardteist, Ardleibhéal 1980. Ceithre cheist le freagairt: 1: Aiste (100m), 2: (a) Gramadach, (b) Athscríobh gan lúibíní, (c) leaganacha cainte in abairtí (50m), 3. Sliocht léamhthuisceana amháin le trí halt ann (50m), 4: Stair na Gaeilge nó na Teanga (40m).

Díreoidh mé m’aird ar an Sliocht Léamhthuisceana. Is sliocht faoi imircigh a théann go Meiriceá agus go Nua-Eabhrac ach go háirithe atá ann. An téis nó an dearcadh atá á mholadh ag údar an tsleachta ná go n-éiríonn níos fearr leis na himircigh a choimeádann a gcultúir agus a dtraidisiúin féin ná mar a éiríonn leo siúd a thréigeann a ndúchas agus a dhéanann aithris ar nósanna agus ar chultúr Mheiriceá. Luann sé na Sínigh mar shampla amháin nár thug cúl le cine agus nár ghéill do nósmhaireacht Mheiriceá agus gurbh é an duine a raibh cion aige dá thír dhúchais féin ‘an t-ábhar saoránaigh Mheiriceánaigh is fearr.’

Sliocht suimiúil, gan dabht. Anois seo iad an dá cheist (sea, DHÁ CHEIST!) a ghabhann leis:

(a) Cuir a bhfuil le rá san sliocht thuas i d’fhocail féin. Ná téigh thar 120 focal nó mar sin.

(b) Abair cad a cheapann tú féin faoina bhfuil le rá san sliocht.

Anois, im’ thuairimse ar aon nós, braithim go bhfuil an cur chuige seo neamhchasta agus cothrom. Tugann sé am agus deis don dalta an sliocht a léamh (faoi dhó más gá) agus an dá cheist a ghabhann leis a fhreagairt go sásúil.

Ní chuirtear brú nó strus air ná ní chuirtear go bun a fhoighne é ag iarraidh dhá shliocht mór fada a léamh agus breis agus daichead focheist a fhreagairt laistigh de theorainn ama ghairid.

Gan trácht ar an bhfaoiseamh aigne a thugtar don scrúdaitheoir bocht a cheartaíonn é.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint Ghaeilge na hArdteiste –céasadh don scrúdaitheoir agus don dalta bocht'

  • Sibéal

    Sa siollabas Bhéarla don Ardteist glactar leis go bhfuil Béarla líofa agus cumas ag na daltaí Béarla a léamh agus a scríobh.
    Is siollabas do foghlaimeoirí dara teanga an siollabas uisciúil Gaeilge don Ardteist.
    A Mhichíl deireann tú go “mBíonn múinteoirí ag lorg go n-athrófaí an siollabas ” ach sna meánscoileanna Gaeltachta agus Gaeloideachais tá roinnt mhaith tuismitheoirí atá ag tógáil gasúir le Gaeilge ag súil le siollabas Gaeilgr faoi leith a bheith ann dos na scoileanna sin.
    Is fadhb mhór atá mar nach bhfuil siollabas sin ag tabhairt seans ar bith dos na daoine óga a labhraíonn an Ghaeilge sa mbaile a dteanga dúchais a fhorbairt chun labhairt faoina gcuid mothúcháin gan trácht ar job a fháil san AE!

  • Gearóid

    Ní bheadh tromlach na n-iarrthóirí in ann ag ceist cosúil leis an gceann a luadh ó 1980. Meaitseáil focal atá i gceist le léamhthuiscintí an lae inniu a chinntíonn go n-éiríonn le fórmhór na n-iarrthóirí. Is é ceist 6 an t-aon cheist a léiríonn tuiscint an iarrthóra agus an difear idir grád maith agus pas.

    Maidir leis na scrúdaitheoirí, ní aontaim leat. Tá sé i bhfad níos éasca na ceisteanna eolais nó ‘meaitseáil focal’ a cheartú, bíonn siad ceart nó mícheart agus bronntar marcanna orthu go sciobtha. Glacann freagraí tuairimíochta níos mó ama mar bíonn ort measúnú a dhéanamh air mar aonad.

    Tagaim leat faoi chastacht an pháipéir. Tá leagan amach na bpáipéar agus na gceisteanna uafásach. Tá sé greannmhar ar bhealach cé chomh casta is atá siad ‘Ceist 1, Léamhthuiscint A. Ceist 1. (a) agus (b) le focheisteanna i agus ii’!

    B’fhearr i bhfad córas scrúdaithe TEG a thabhairt isteach. Córas a dhéanann measúnú ceart ar chumas teanga an iarrthóra. Ach ní bheadh fórmhór na múinteoirí Gaeilge sásta leis. Bíonn siad gafa leis an scrúdú agus ag iarraidh daltaí a ullmhú le haghaidh an pháipéir seachas Gaeilge a mhúineadh dóibh.