Léamhthuiscint 13 – Tugann an Pop-Up Gaeltacht dúshlán impireacht chultúrtha an Bhéarla (Cartlann 2017)

Léamhthuiscint 13 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 13 – Tugann an Pop-Up Gaeltacht dúshlán impireacht chultúrtha an Bhéarla (Cartlann 2017)

1) An-chleas pleananna, seifteanna agus cleasanna iad na Gaeil. Is mó iarracht a bhíonn acu d’fhonn iad féin, agus a dteanga a chur chun cinn agus a chur i lár an aonaigh. Iarrachtaí fiúntacha a bhíonn ina lán acu, ach ní i gcónaí a thagann siad chun foirfeachta –faraor níor éirigh, le Ravelóid, a bhí chun féasta ceoil Gaelainne a chur ar bun sa phríomhchathair, ach nár éirigh leo ar chúis amháin nó ar chúis eile.

2) Is é an Pop-Up Gaeltacht an plean is fearr a cheap Gaeil le ana-thamall. Smaoineamh ana-shimplí é seo; Gael, ag ól. Samhlaigh ciorcal comhrá ollmhór, óg, ólta, uirbeach. Caint, craic agus cuileachta. Ní dóigh liom go ndéarfadh bunaitheoirí na Pop-Uipe (fáilte romhaibh? !) gur iarracht shollúnta é seo ar an teanga a shábháil, ach iarracht a thabhairt le fios don saol mór go bhfuilid ann, na Gaeil uirbeacha, daoine a mbíonn an teanga á labhairt go nádúrtha, go laethúil acu, díreach fé mar a bhíonn Béarla á labhairt ag daoine eile ina dtimpeall.

3) Cé nach rabhas féin ag aon ceann acu fós, is cosúil, más fíor an méid a bhíonn le feiscint ar na meáin shóisialta, go bhfuil ag éirí go rímhaith leo. Tá sé i gceist agam freastal ar cheann acu lá breá éigin; níl uaim ach féasóg go himleacán agus stíl ghruaige shuaithinseach a fhás agus bead ar aon dul leis na hipstéirí a bhíonn ag an bPop-Up. Níor cheart go dtógfadh sé ach cúpla bliain orm…

4) Ritheann dhá bhriathar liom agus sinn ag trácht ar an bPop-Up Gaeltacht; Normalú agus Geiteoú. Feictear dom gur ana-shlí é seo chun normalú a dhéanamh ar an teanga – í a tharrac amach as na seanbhoscaí ina bhfuil sí i súilibh an mhórphobail Bhéarla sa tír seo, breith an chluais uirthi agus í a chur i lár an aonaigh. Sin fadhb leanúnach atá ag ár dteanga-ne leis na cianta; í teanntaithe istigh sa gheiteo Gaelach, ansan thall, gan aon bhaint aici le himpireacht chultúrtha an Bhéarla. Haven’t they the Gaeltacht to be speaking d’Irish in? And their own radio and television? Nach diail an choráiste atá aici mar theanga a bheith le cloistint i ndomhan an tsacs-bhéarla?

5) Bíonn an teanga de shíor sa chúinne, sna ceantair chéanna, sna hionaid chéanna, ar na stáisiúin chéanna. Tógtar ana-cheann di nuair a éalaíonn sí tamall as an mbosca. Cruthaíonn a leithéid seo d’ócáid pobail teangan, rud atá ana-thábhachtach go háirithe i sochaí ina bhfuil teanga amháin chomh láidir i gcodarsnacht leis na cinn eile. Tuigim-se é sin go rímhaith mar fhear Gaeltachta; mura bhfuil pobal agat, níl teanga agat, agus mura bhfuil deiseanna ag na pobail úd teacht le chéile, níl teanga phobail agat.

6) Cuireann sé seo scéal i gcuimhne dhom a d’inis fear ón mbaile seo againne dom tamall maith de bhlianta ó shin. Bhí sé féin agus Árannach istigh i dtigh Taaffe sa Ghaillimh tráthnóna, agus cad eile a bheadh fé chaibidil ag beirt fhear óg ach scéalta gáirsiúla. Bhíodar go domhain sa chomhrá, iad imithe thar cailc ar fad i dtaobh gáirsiúlachta de, as Gaelainn gan dabht. Sara i bhfad tháinig bean tonnaosta chucu aníos, tocht ina scornach agus í oiriúnach le cromadh ar ghol. ‘I’m sorry to bother ye,’ arsa í sin, ‘but I just wanted to tell ye that ye are a credit to ye’re country, speaking that fine Irish, keeping it alive. God Bless the two of ye’. Sheas sí dhá phiúnt dóibh. Cheap sí sin, is dócha, gur ag duanaireacht nó ag plé Laoi Oisín ar Thír na nÓg a bhíodar, toisc an teanga a bhí á labhairt acu.

Ní gnáthrud é don mbean úd an teanga a chloistint in aon chomhthéacs seachas sa seomra ranga. Sin an saghas tuisceana agus meoin a chuirfear de dhroim seoil ar deireadh, a bhuíochas do leithéidí an Phop-Up. Agus, rud atá níos tábhachtaí ná aon mhian uaillmhianach sochtheangeolaíoch, tá súil agam go mbeidh baby-boom breá Gaelach againn de bharr na bPop-Up Gaeltachtaí.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén sórt daoine iad na Gaeil, dar le halt 1?
  2. Cad deirtear faoi Ravelóid? (alt 1)
  3. Luaigh dhá rud a deirtear faoin Pop-Up Gaeltacht in alt2.
  4. Céard atá na hócáidí seo ag iarraidh a dhéanamh dar leis an údar? (alt 2)
  5. Céard atá ag teastáil ón údar le freastal ar cheann de na hócáidí seo? (alt 3)
  6. Cad deirtear faoi ‘normalú’? (alt 4)
  7. Cén fhadhb leanúnach atá ag an nGaeilge? (alt 4)
  8. Cén sórt comhrá a bhí ar siúl idir an bheirt i dTigh Taaffe? (alt 6)
  9. Cén fáth ar cheannaigh an bhean deoch dóibh? (alt 6)
  10. Cad leis atá an t-údar ag súil leis? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir chaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an aidiacht:
    1. Cheap mé go mbeadh Seán níos (ciallmhar) ná sin.
    2. Sí an Ghaeilge an t-ábhar is (deacair) ar scoil.
    3. Beidh na báid (mór) ag teacht amárach.
    4. Tá seachtain (fada) romhainn amach.
    5. Tá obair (casta) le déanamh againn.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An bhfuil aon deiseanna agat an Ghaeilge a labhairt i do cheantar?
An bhfuil na meáin shóisialta úsáideach le hócáidí a eagrú  agus feachtais a eagrú?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, aontaigh/easaontaigh, tábhacht a chur in iúl, tabhairt cúiseanna le rud, déan moltaí.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.