- Tá a dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar an suíomh Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell do Tuairisc.ie. Sa bhliain 2015, bhí tuairim is 770 cuntas ag giolcaireacht i nGaeilge ar Twitter, ach tá 1,500 cuntas anois ann a sheolann ar a laghad teachtaireacht amháin i nGaeilge uair sa tseachtain. Tá giolc amháin Gaeilge seolta ag 12,763 cuntas ó bunaíodh Twitter in 2006, agus tá 2.3 milliún giolc seolta ó tháinig an suíomh meán sóisialta ar an bhfód.
- Tá ardú tagtha freisin ar líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar sa tseachtain. Dhá bhliain ó shin, bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain ar Twitter. De réir figiúirí Scannell, tá 8,500 giolc Gaeilge, ar an meán, á gcur amach sa tseachtain anois. Mar sin féin, níl aon fhás tagtha ar an ‘gcroíphobal Gaeilge’ ar Twitter — daoine a labhraíonn Gaeilge go príomha agus go rialta ar an suíomh. Tá giolc amháin Gaeilge ar a laghad seolta ag 5,854 cuntas ó thús na bliana, ach ní hí an Ghaeilge an phríomhtheanga ag formhór na gcuntas sin. Tá 442 cuntas ann a bhí i mbun cumarsáide i nGaeilge den chuid is mó, is é sin cuntas a mbíonn 66.6% nó níos mó dá tvuíteanna i nGaeilge, go dtí seo i mbliana. 111 de na cuntais sin a úsáideann an Ghaeilge ‘go rialta’, is é sin ar a laghad uair sa tseachtain.
- Nuair a bhaintear eagraíochtaí agus cumainn den liosta, níl fágtha ach thart ar 40 duine a úsáideann an Ghaeilge go príomha agus go rialta ar Twitter — an líon céanna a bhí ann dhá bhliain ó shin. Gach bliain i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge tagann borradh faoi líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar ar Twitter. Is iondúil go bhfoilsítear idir 950 agus 1,000 teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter gach lá le linn na féile sin ach tháinig borradh faoi líon na ngiolcacha i nGaeilge le linn na féile idirnáisiúnta teanga in 2017. Seoladh 1,255 giolc in aghaidh an lae, ar an meán, le linn Sheachtain na Gaeilge, a bhí ar siúl ar feadh 17 lá ón gcéad lá de mhí Mhárta go Lá Fhéile Pádraig.
- Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge agus áit aici dá bharr i stair na teanga sa chibearspás.
Seoladh an 2,000,000ú giolc ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath. Ba é Trevor Herbert, múinteoir agus scoláire Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a sheol an 2,000,000ú giolc mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh.
Ritheann Kevin Scannell an suíomh IndigenousTweets.com, a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge sa chúigiú háit ar an liosta sin de mhionteangacha a mbítear ag giolcaireacht iontu, i ndiaidh Chriól Háití, an Bhreatnais, an Svahaílis, agus an Bhascais.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
- Cad a chruthaíonn na figiúirí atá curtha ar fáil ar an Ollamh Kevin Scannell? (alt 1)
- Cad dó a thagraíonn an figiúr 770? (alt 1)
- Cé hiad an ‘croíphobal Gaeilge’? (alt 2)
- Cad dó a thagraíonn an figiúr 40 in alt 3?
- Cad a tharlaíonn i rith Sheachtain na Gaeilge gach bliain? (alt 3)
- Cad é an gaisce a rinne cuntas giolcaireachta @aine? (alt 4)
- Cén fáth a luaitear an Svahaílis in alt 4?
- Luaigh dhá phoine eolais faoi Kevin Scannell?
Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:
- Céard faoi a bhíonn lucht na Gaeilge ag tvuíteáil, meas tú?
- Déan tvuít/giolc Gaeilge a chumadh faoi thrí rud atá ag tarlú i do scoil?
- An dtaitníonn Twitter leis an údar seo, meas tú? Cuir fáthanna le do fhreagra.
Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.
Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
- Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 2.
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
- Aimsigh sampla den bhriathar saor 2.
- Sracfhéachaint ar an modh coinníollach:
- (Sleamhnaigh) sé ar an leac oighir mura mbeadh maide aige.
- (Tar + briathar saor) ar réiteach na faidhbe dá mbeadh a thuilleadh airgid ar fáil.
- (Éalaigh + mé) amach as an gcruinniú go luath dá mbeinn in ann.
- (Ní + tuirling) an t-eitleán dá mbeadh an aimsir go hainnis.
- (An + téigh + tú) ar laethanta saoire liom dá n-íocfainn as do thicéad?
Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
Céard a cheapann tú féin de Twitter?
An bhfuil cuntas agat?
Cé a bhíonn á leanúint agat?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair buntáistí/míbhuntáistí, luaigh an chontúirt, tabhair rabhadh, cuir imní agus dóchas in iúl.
- Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 12 – A dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin'