Léamhthuiscint 08 – Mo thrua inniu Éire, í faoi bhos an chait, a maoin á díol go náireach arís

Léamhthuiscint 08 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 08 – Mo thrua inniu Éire, í faoi bhos an chait, a maoin á díol go náireach arís

1) An bhfuil beart ar bith is fearr a léiríonn a laghad is atá fágtha de neamhspleáchas na hÉireann ná an gheamaireacht atá ar bun sa Dáil i dtaobh na morgáistí atá le díol agus a bhfuil na creach-chistí ag faire go santach orthu lena n-alpadh? Tá sé sách dona go bhfuil ár máistrí ag iarraidh neodracht na tíre a scriosadh agus muid a mhealladh isteach in arm Eorpach ach é seo anois freisin. Leis an Stát 70% de Permanent TSB ach níl fonn dá laghad ar an Stát an díol a stopadh. Caithfidh muid é a dhéanamh, a deir na bainc, mar go bhfuil brú ag teacht orainn ó Bhanc Ceannais na hEorpa.

2) Níor chuir na Tráchtairí Móra béim rómhór ar an gcuid sin den tréas ach ní raibh náire ar bith ar an Aire Airgeadais Paschal Donoghue é a admháil. Seo mar a tuairiscíodh a chuid cainte san Irish Times: “Mr Donoghue sought to distance himself from the decision to sell such a large portfolio of non-performing loans, saying that it was at the direction of the bank’s independent regulator, the European Central Bank.” Mo thrua inniu Éire: í faoi bhos an chait, i ladhar an chasúir, ina caora idir dhá reithe – Banc Ceannais na hEorpa ar thaobh amháin agus na creach-chistí ar an taobh eile. Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair ar díoladh cuid mhór d’acmhainní na tíre leis na creach-chistí.

3) Bliain ó shin craoladh clár dar teideal The Great Sell Off  ar RTÉ faoin gcaoi ar díoladh luach €200 billiún de mhorgáistí tráchtála agus de thalamh leis na creach-chistí céanna. Tá an chuid is mó den talamh sin fágtha díomhaoin acu ó shin agus iad ag fanacht go n-ardóidh a luach. Idir an dá linn tá lánúineacha agus gasúir ina gcónaí in óstáin cheal tithe agus tuilleadh daoine ina gcodladh ar an tsráid. Is é an deilín a bhí ag fear ceannais NAMA, Bernard McDonagh, nuair a bhí an anachain déanta, gur chúis díomá dó nach bhfuil tithe tógtha ar na stráicí talún a bhfuair na creach-chistí seilbh orthu. Nach sílfeá go dtuigfeadh sé gur mar sin a tharlódh sular díoladh an talamh? 

4) Duine dall nach n-aithneodh gur aidhm amháin atá ag na creach-chistí seo – brabach éasca a dhéanamh. Mar a bheifeá ag súil leis, tá Fianna Fáil ag sileadh deora bréige faoin díol agus iad ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb iad féin sciath chosanta lucht na morgáistí. Caint í seo nach ceart dúinn a shlogadh gan neart salainn. Gothaí toghcháin atá i dtroid na mbó maol atá ar bun idir iad féin agus Fine Gael faoin gcás. Níl caint ar bith ag Fianna Fáil ar an bhfreagracht atá orthusan as an scrios a rinne na bainc nuair a bhí siad féin i gcumhacht. Níorbh é amháin go raibh ar na cáiníocóirí a theacht i gcabhair ar bhancanna na tíre seo ach tugadh le fios dúinn go neamhbhalbh go raibh sé de dhualgas orainn bancanna Aontas na hEorpa ar fad a chosaint.

5) Chuirfeadh an tragóid ar fad aimsir an Ghorta Mhóir agus ar lean é i gcuimhne do dhuine. Ar an 17ú lá de Mheán Fómhair 1851 thug Mr. John Robertson seasca báille isteach sa bparóiste seo a bhfuil mé i mo chónaí ann, paróiste Charna i gConamara.  Dhíbir siad seacht muirín amach faoin drúcht i nDoire Iorrais. Níor fhág siad cleith ná sop ar na tithe. Chuaigh siad as sin go Dúleitir, don Mhás agus go Dumhaigh Ithir gur dhíshealbhaigh siad naoi muirín déag eile.

Ba é John Robertson an gníomhaire a bhí ag an Law Assurance Society as Londain- creach-chiste de chuid na linne sin. Bhí eastát mór na Máirtíneach i bhfiacha agus socrú déanta ag rialtas na Breataine le cuidiú leis na tiarnaí talún agus leis na bancanna. Thug siad isteach an Encumbered Estates Act (Acht na nEastát Fiachbháite) dhá bhliain roimhe sin. Thapaigh an Law Assurance Society a ndeis agus cheannaigh siad eastát na Máirtíneach ar ardaigh orm é. Ba iad na tionóntaí a bhí thíos leis. Ní raibh mairg ar bith ar an gcóras iad a íobairt ar altóir an rachmais. Cuireadh fiach an mhadra rua ar an gcuid acu nach raibh in acmhainn an cíos a íoc agus tiomáineadh na céadta acu thar sáile. Ní raibh aon chumhacht pholaitiúil ag an Éireannach an uair sin. Ba chuid d’Impireacht muid. Ábhar impireachta eile, Aontas na hEorpa, atá dár rialú inniu. Dlí an mhargaidh atá i réim. Níl meáchan cleite sa gcaint atá ar bun sa Dáil agus tá gnáthphobal na hÉireann ina gcodladh arís.

1) Céard a léiríonn ‘an gheamaireacht’ sa Dáil, dar leis an údar (alt 1)?

2) Cén fáth a luaitear Permanent TSB in alt 1?

3) Céard a bhí le rá ag an Aire Airgeadais? (alt 2)

4) Cad a bhí le feiceáil sa chlár The Great Sell Off? (alt 3)

5) Céard atá tarlaithe ó shin? (alt 3)

6) Céard a bhí le rá ag Bernard McDonagh? (alt 3)

7) Cén aidhm atá ag na creach-chistí? (alt 3)

8) Cad deir an t-údar faoin ngaol idir Fine Gael agus Fianna Fáil? (alt 4)

9) Cén fáth a luaitear an Gorta Mór in alt 5?

10) Céard a tharla i mí Mheán Fhómhair 1851?

  1. Céard atá i gceist ag an údar nuair a úsáideann sé an focal ‘geamaireacht’?
  2. Céard is brí leis na frásaí ‘faoi bhos an chait’ agus ‘i ladhar an chasúir’?
  3. Cén fáth nach bhfuil an t-údar róshásta le Bernard McDonagh?
  4. Céard í tuairim an údair i leith na gcreach-chistí?

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 1.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  4. Aimsigh sampla den bhriathar saor in alt 2.
  5. Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
    1. Chuaigh mé ar thuras timpeall (an Eoraip) anuraidh.
    2. Tá mé chun cuntas (banc) a oscailt amárach.
    3. Tá an carr páirceáilte ar thaobh (an tsráid).
    4. Beidh go leor díospóireachtaí ar siúl i rith (an toghchán).
    5. Tarlaíonn sé seo bliain i ndiaidh (bliain).

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Tá go leor daoine gan dídean sa tír, céard ba cheart/is féidir a dhéanamh faoi?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair moltaí, déan cáineadh, cuir tuairimí in iúl, cuir mothúcháin in iúl, tabhair rabhadh.
  • Arís, is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 08 – Mo thrua inniu Éire, í faoi bhos an chait, a maoin á díol go náireach arís'