Léamhthuiscint 05 – An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix

Léamhthuiscint 05 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 05 – An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix
  1. Nuair bhí mé ag fás aníos i mBealach an Doirín bhíodh go leor seanirisí agus sean-nuachtáin sa teach. Bhíodar an-úsáideach an lá a mbeifeá tinn agus sa mbaile ón scoil. Is cuimhin liom ceann amháin a bhí coinnithe ag mo mháthair ón uair a phós Banphrionsa Eilís Shasana. Bhí cúig mhíle réiltín bróidnithe ar a caille bhrídeoige. Nach aisteach na rudaí a fhanann i d’intinn? (Agus mé i mbun taighde, fuair mé amach go raibh 10,000 péarla uirthi ach fós cloím le mo chuimhne ar na réaltaí).
  2. Ansin nuair a tháinig an teilifís den chéad uair chun an bhaile, ba thúisce a tháinig bealaí na Breataine ná an ceann Éireannach- Telefís Eireann, Bealach a Seacht-nuair a leaindeáil sé. Bhí an-chur amach againn ar na carachtair i Coronation Street agus ar na hamhráin ‘pop’ ó Juke Box Jury. Chaithfeá aeróg a chrochadh ar an díon le teacht ar an gcomhartha teilifíse. Siombail de do stádas sóisialta a bhí ann má bhí aeróg bhreá ard greamaithe den simléar. Bhí an ceann ab airde ar fad, ar ndóigh, ag an Teachta Dála áitiúil, Seán Flanagan.
  3. Gach tráthnóna bhíodh slua beag daoine cruinnithe le chéile ag fuinneog an tsiopa earraí leictreacha, Kelly’s, agus iad ag féachaint ar phictiúir gan fuaim ar na teilifíseáin sa bhfuinneog.Dóibh siúd nach bhfuil mioneolas ná mionchuimhní ar bhainis an Bhanphrionsa Eilís acu, anois tá Netflix ann. Sea, ceann de na sraitheanna is mó tóir ar an tseirbhís shruthaithe, ná The Crown. Dhá shraith – agus deich gclár sa tsraith – atá déanta go dtí seo agus é i gceist acu 60 clár ar fad a dhéanamh chun muid a thabhairt suas chun dáta. Ceann de na rudaí ba shuimiúla a bhraith mé féin faoi The Crown (…er…b’éigean dom breathnú ar an gcéad dá shraith ar son taighde, bíodh a fhios agat) ná cé chomh mór is atá sé ina shraith staire freisin.
  4. Ceann de na cláracha ab fhearr sa dara sraith, bhain sé le Príomh-Aire na Breataine Winston Churchill agus é ag dul in aois. Agus ba é an bealach ar inis siad an scéal áirithe seo, ná trí scéal a phortráide leis an ealaíontóir aitheanta Graham Sutherland a insint. Níor thuig Churchill go raibh an tseanaois buailte leis go dtí go bhfaca sé an phortráid. (Níor mhair an phortráid ach an oiread). Céim ar chéim le scéal an teaghlaigh ríoga i Sasana san aois seo caite, insítear stair na Breataine chomh maith – na Príomh-Airí, an pholaitíocht, na scannail, na mórimeachtaí, deireadh na hImpireachta agus mar sin de.
  5. Insítear scéal na staire le cruinneas agus le samhlaíocht. Ceart go leor, bíonn beagán solúbthachta i gceist le cuid de na scéalta- nuair ba léir nach bhféadfaidís rudaí áirithe a chruthú- scéal Jackie Kennedy agus an Bhanríon mar shampla. Ach tá cruinneas d’ardchaighdeán ag baint le cur i láthair na radharcanna sráide, na héadaí, na carranna, na heitleáin agus an troscán a bhí ann sna réanna éagsúla inar mhair sí. Cosnaíonn sé sin airgead – airgead mór.
  6. De réir na dtuairiscí chosain sé idir seacht agus deich milliún dollar, in aghaidh an chláir. Sin an bhagairt is mó a tháinig i dtreo na ngnáthstáisiún teilifíse ariamh. Níl airgead den chineál sin á chaitheamh ag aon cheann acu ar dhrámaí. Ceaptar gur ocht mbilliún dollar a chaithfeas Netflix ar chláracha i mbliana.Nuair a éisteann tú le daoine ag caint ar a bhfaca siad ar an scáileán aréir, is mó seans go mbeidh siad ag caint ar Netflix ná a mhalairt. Deirtear gur gearr gur mbeidh níos mó síntiúsóirí ag Netflix ná a bheidh ag seirbhísí teilifíse cábla sna Stáit Aontaithe. Go minic bíonn an dá rogha le chéile ag daoine – cábla agus seirbhísí sruthaithe ar nós Netflix. Ach tá níos mó cainte anois faoi ‘gearradh an chorda’ – is é sin, fáil réidh ar fad leis an tseirbhís cábla.
  7. Is féidir é sin a dhéanamh go héasca sa tír seo agus greim a choinneáil fós ar do chuid stáisiún baile. ‘Saorview’ an t-ainm atá ar an réiteach sin. Ach cá bhfágann na himeachtaí seo ar fad ár gcuid stáisiún seirbhíse poiblí? Tá sraith fógraí ar an teilifís faoi láthair, urraithe ag an EBU, ag inseacht dúinn cé chomh luachmhar is atá na seirbhísí meán poiblí inár saol féin. Ach má chasann muid ar fad i dtreo ‘binge-viewing’ (ráigeanna tromféachana?) ar Netflix ní fada a mhairfidh siad beo. Bhí baint bheag agam féin le gairid le clár faisnéise le George Lee ar RTÉ a hAon- Brexit:Farming on the Edge. Fuair sé lucht féachana os cionn 350,000 duine – 27.4% den lucht féachana ar fad.Sin figiúr an-sásúil sa lá atá inniu ann. An rud a bhí difriúil faoi, mheas mé féin, ná go ndeachaigh an clár amach i measc na bhfeirmeoirí, beag agus mór, le labhairt leo. Ó cheantar Dhúiche Sheoigheach go cósta iarthar Dhuibhneach, labhair na daoine faoina n-imní maidir leis an mBreatimeacht.
  8. Ar TG4 um Nollag, d’éirigh go maith ó thaobh lucht féachana le leithéidí Rocky Ros Muc agus Rugbaí Beo, rud a d’ardódh do chroí. Cad a léiríonn sin ar fad dúinn? Caithfear dul i dtreo an ‘Súil Eile’. Ní haon mhaith anois do chomhlachtaí craolacháin a bheith ag iarraidh dul in iomaíocht le leithéidí Netflix agus na buiséid ollmhóra atá acu. Ní hé an buiséad ard féin a tharraingeoidh an lucht féachana thart ar fhuinneog John Kelly, Electrical. Ach coinnímis an t-ionracas, an tsamhlaíocht agus an bhéim ar ár scéalta féin. Nó gearrfar níos mó ná an corda.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad deirtear faoi sheanirísí/shean-nuachtáin in alt 1?
  2. Cén fáth a luaitear ‘stádas sóisialta’ in alt 2?
  3. Cén fáth a bhfuil an t-údar chomh tógtha sin leis an tsraith The Crown? (alt 3)
  4. Cén chaoi ar thuig Winston Churchill go raibh sé ag dul in aois? (alt 4)
  5. Ní scéal an teaghlaigh Ríoga i Sasana amháin a bhíonn idir chamáin sa tsraith seo; cad iad na nithe eile a ndéantar cíoradh orthu? (alt 4)
  6. Cén fáth a luaitear Jackie Kennedy in alt 5?
  7. Cad í an bhagairt is mó do na gnáthstáisiúin teilifíse? (alt 6)
  8. Cad atá i gceist leis an bhfrása ‘gearradh an chorda’? (alt 6)
  9. Cad a tharlóidh má chasaimid i dtreo ráigeanna tromfhéachana?(alt 7)
  10. 10) Cén fáth a raibh ardú croí ag baint le Rocky Ros Muc agus Rugbaí Beo? (alt 8)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh agus tú ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3
  • Sracfhéachaint ar an modh coinníollach:
    • (Bris + mé) an leac oighir dá (seas + mé) air.
    • (Faigh + muid) ardú pá dá (lorg + muid) é.
    • (Goid + siad) an t-airgead mura mbeinn ann.
    • An (tabhair + tú) cabhair dom dá (tabhair + mé) airgead duit?
    • Ní (téigh + mé) ar saoire chuig an tír sin ar ór ná ar airgead.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An mbíonn tú féin ag féachaint ar chainéil leithéidí RTÉ agus TG4?

Cén fáth?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, cuir tuairim in iúl, luaigh dúshláin, tréithe, buntáistí srl. Déan tuar faoi chéard a tharlóidh amach anseo.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 05 – An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix'