Léamhthuiscint 02 – Cuntas iontach ar shaol Chormaic McAnallen ó pheann a dhearthár

Léamhthuiscint 02 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 02 – Cuntas iontach ar shaol Chormaic McAnallen ó pheann a dhearthár
  1. Rugadh Cormac McAnallen i dTír Eoghain i 1980, d’imir sé peil do Thír Eoghain ag tús an chéid seo agus bhásaigh sé, gan choinne, i dTír Eoghain sa mbliain 2004. Ins an leabhar seo déanann Dónal, a dheartháir, cur síos ar a shaol agus ar a bhás in áit ar a dtugtar an Bréantar. Is minic go mbíonn cuntais spóirt thar a bheith leamh ach níl an ceann seo. Is scéal uilíoch atá sa leabhar, a bhuíochas sin do thaighde agus do chumas scríbhneoireachta Dhónail. Is duine tuisceanach, géarchúiseach é. Léifear an leabhar seo arís eile agus cuirfear suim ann, fiú nuair atá chuile imreoir inti maol nó liath. Tá cúis leis sin.  ’Sí an pheil atá i gcuislí an leabhair ach caidreamh Dhónail agus Chormaic, an cur síos ar an bpobal inar tógadh iad agus an cur síos ar iarrachtaí a muintire dul i ngleic le bás anabaí, croí an leabhair.
  2. Go bunúsach tá trí théama sa leabhar. Déanann Dónal cur síos ar Chormac, an duine, an bheocht a bhí ann, an teannas agus an grá a bhí eatarthu mar fhir óga.  Níorbh fhéidir iad a scaradh, iad chomh gar dá chéile is atá an t-aon don dó. Bhí siad ar fhoirne peile le chéile agus ar fhoirne do Thráthanna na gCeist. Go deimhin, bhuaileadar mé féin uair amháin agus muid ar an tsraith teilifíse Blackboard Jungle, dhá bhliain is fiche ó shin. Níorbh é sin éacht mór Chormaic, áfach. Peileadóir den chéad scoth a bhí ann. Sin an dara téama atá sa leabhar. Bhuaigh sé boinn Uile-Éireann, boinn Uladh, boinn shraithe, Sigerson, bonn contae le UCD. D’imir sé dá thír. Líonfadh na gradaim a bronnadh air an léirmheas seo astu féin. Bhí sé machnamhach, anailíseach agus d’fhág sé cuntais fhéinmheastóireachta ina dhiaidh. Baineann Dónal úsáid astu anseo. Cíortar cluichí agus foirne móra na linne. Turas taitneamhach ar bhóithrín na smaointe atá ann do lucht an spóirt ach ná cuireadh sé daoine eile dá mbuille. Tá an leabhar seo in ann freastal orthu araon. An tríú téama ná an laoch a bhásaigh go hóg. Ba laoch é, ní hamháin mar gheall ar an méid a bhain sé amach ar an bpáirc ach mar gheall ar an obair a tharraing sé air féin ar son a phobail i dTír Eoghain agus CLG. Fear oibleagáideach, coinsiasach a bhí ann. Ró-oibleagáideach, róchoinsiasach a bhí sé, b’fhéidir.
  3. Ansin, tagann muid go dtí an píosa is cumhachtaí dá bhfuil ann, a bhás. Dónal bocht a tháinig air. Tá sé deacair an píosa seo den leabhar a léamh agus ní fhéadfadh sé go raibh sé éasca ar Dhónal é a scríobh. Brón, éiginnteacht, ceisteanna, easpa freagraí. Sochraid ollmhór, buíochas fós dóibh siúd a thaistil i bhfad chun teacht agus ómós a thaispeáint, roinnt acu ar shlí na fírinne iad féin ó shin. Ach, ní chuirtear clabhsúr ar an leabhar ar bhealach éadóchasach. Dá fhad oíche a mhuintire tá gile na maidine sa gcaibidil dheireanach freisin. Déanann Dónal cur síos ann air féin, a bhean agus a chlann agus ar obair na carthanachta The Cormac Trust. Bunaíodh an cumann sin chun aird a tharraingt ar fhadhbanna croí i measc an aosa óig agus trealamh a chur ar fáil chun daoine a shábháil. Is maith ann iad.
  4. Fillfidh mé ar an leabhar seo sna blianta atá amach romhainn. Bainfidh mé sásamh as chuile chuairt. Molaim an leabhar seo. Is fiú go mór é a léamh. Tá súil agam go léifidh níos mó ná lucht spóirt é agus go léifidh níos mó ná na hUltaigh é. Peaca a bheadh ann gan lucht léitheoireachta mór, náisiúnta a bheith aige. ’Sé an leacht cuimhneacháin a bhí tuillte ag an laoch óg uasal Cormac McAnallen é.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén moladh a tugann an t-údar don scríbhneoir Dónal McAnallen sa chéad alt?
  2. Cad deirtear faoi chuntais spóirt go ginearálta? (alt 1)
  3. Céard é croí an leabhair, dar leis an údar? (alt 1)
  4. Luaigh na trí théama atá sa leabhar. (alt 2)
  5. Cén fáth a luaitear Blackboard Jungle? (alt 2)
  6. Cad iad na boinn pheile a bhuaigh Cormac? (alt 2)
  7. Cad iad na mothúcháin a luaitear maidir leis an gcuid is cumhachtaí den leabhar? (alt 3)
  8. Cén fáth ar bunaíodh The Cormac Trust? (alt 3)
  9. Cad leis a bhfuil an t-údar ag súil? (alt 4)
  10.  Tabhair cuntas, i d’fhocail féin, ar thuairimí an údair i leith an leabhair.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach san uimhir uatha in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir fháistineach in alt 4.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  4. Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 3.
  5. Sracfhéachaint ar an aimsir chaite:

Ar (clois) tú an drochscéal a bhí ar an nuacht?
(Siúil + muid) ar scoil le chéile maidin inniu.
(Éirigh) sé go luath gach maidin an tseachtain seo caite.
Ní (feic) mé mo chara Liam le bliain.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Leabhar/alt a léigh tú a chuaigh go mór i bhfeidhm ort.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
    Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Inis cén chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm ort, cuir mothúcháin in iúl, déan cur síos ar ábhar an ailt, déan seasamh a thógáil, inis cén teachtaireacht a bhí ann.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 02 – Cuntas iontach ar shaol Chormaic McAnallen ó pheann a dhearthár'