Tá scríbhneoir Gaeltachta san iomaíocht le leithéidí Cora Staunton, Davy Fitzgerald agus Seán Cavanagh agus na hainmniúcháin do ghradam ‘eir Sport Book of the Year’ fógartha.
Rónán Mac Con Iomaire a scríobh The Man Who Was Never Knocked Down, leagan Béarla den leabhar Rocky Ros Muc. Cuireann an leabhar síos ar shaol Sheáin Uí Mhainnín, a throid do Chraobh Dornálaíochta an Domhain in Madison Square Garden tar éis dó Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe a fhágáil ag tús na 1970dí.
23 leabhar atá ar an liosta iomlán a foilsíodh tráthnóna, dírbheathaisnéisí na laochra CLG, Cora Staunton, Davy Fitzgerald agus Seán Cavanagh ina measc.
Bronnfar duais €1,500 agus trófaí ar an údar buacach agus tabharfaidh eir Sport luach €10,000 d’fhógraíocht teilifíse don leabhar.
Ainmneofar an gearrliosta don chomórtas ag deireadh na míosa seo agus fógrófar an buaiteoir ag ócáid bhronnta i mBaile Átha Cliath ar an 10 Nollaig.
Foilsíodh an leagan Gaeilge de leabhar Mhic Con Iomaire, arbh as an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe é, in 2013 ach is anuraidh a shínigh Mac Con Iomaire conradh le, Rowman & Littlefield, ceann de na foilsitheoirí neamhspleácha is mó i Meiriceá, chun an leagan Béarla a fhoilsiú.
Foilsíodh an leagan sin i mbliana agus ba é iarchuradh dornálaíochta an domhain, Micky Ward a sheol an leabhar i mBostún i mí an Mheithimh.
Tá gradaim idirnáisiúnta buaite ag an scannán faisnéise Rocky Ros Muc atá bunaithe ar an leabhar agus ba é an chéad fhadscannán faisnéise Gaeilge a bhain áit amach ar fhadliosta na n-ainmniúchán do na Gradaim Oscar.
Na leabhair atá ainmnithe do ghradam ‘eir Sport Book of the Year’
The Obsession – Seán Cavanagh agus Damian Lawlor (Black and White Publishing)
100 Greatest GAA Moments – John Scally (Black and White Publishing)
Winners – Hugh Cahill (Hachette Ireland)
Dream. Believe. Achieve. My Autobiography – Jonathan Rea (Harper Collins)
Driven – Rosemary Smith agus Ann Ingle (Harper Collins)
Play It Again, Des – Des Cahill (Sport Media)
The Boys of ’93: Derry’s All-Ireland Kings – Eamonn Coleman agus Maria McCourt (Merrion Press)
Tony 10 – Declan Lynch agus Tony O’Reilly (Gill Books)
Fighter – Andy Lee agus Niall Kelly (Gill Books)
At All Costs – Davy Fitzgerald agus Vincent Hogan (Gill Books)
The Rory’s Stories Guide to Being Irish – Rory O’Connor (Gill Books)
110% Legend – Tony Keady agus Liam Hayes (Umbrella Publishing)
Dark Arts – Mike Ross agus Liam Hayes (Umbrella Publishing)
Game Changer – Cora Staunton (Penguin Ireland and Transworld Ireland)
The Hurlers – Paul Rouse (Penguin Ireland and Transworld Ireland)
Dublin: The Chaos Years – Neil Cotter (Penguin Ireland and Transworld Ireland)
The Lost Soul of Eamonn McGee – Paul D. Gibson (Mercier Press)
The Little Book of Irish Athletics – Tom Hunt (The History Press)
Great Moments in Irish Rugby – Sportsfile (O’Brien Press)
Behind the Lines, No. 2: Great Irish Sports Stories from the 42 – The42.ie (Journal Media)
The Last Amateurs – Jonathan Bradley (Blackstaff Press)
The Man Who Was Never Knocked Down – Rónán Mac Con Iomaire (Rowman and Littlefield)
The Growth and Development of Sport in County Tipperary 1840-1880 – Pat Bracken (Cork University Press)
Fág freagra ar 'Leabhar ó údar Gaeltachta san iomaíocht do mhórghradam leabhar spóirt na bliana'