Tá leabhar nua i nGaeilge agus in Úcráinis atá dírithe ar pháistí óga na Gaeltachta seolta i gConamara.
Is iad Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, a d’fhoilsigh an leabhar Spraoi, a bhfuil sé mar aidhm aige tacaíocht a thabhairt do pháistí agus do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta.
I Scoil Náisiúnta Naomh Colmáin, i Maínis i gCarna, a seoladh inné an leabhar dathúcháin ina bhfuil frásaí agus focail a bhíonn á n-úsáid ag páistí óga.
As an Úcráin leath de na daltaí a fhreastalaíonn ar Bhunscoil Cholmáin, scoil a bhí i mbaol a dúnta sular tháinig naonúr páistí ón Úcráin chun cónaí sa cheantar anuraidh.
Tá míreanna fuaime taifeadta ag páistí ó Scoil Naomh Colmáin i nGaeilge agus in Úcráinis sa leabhar agus iad ar fáil ar shuíomh Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, gur áis “an-tábhachtach” atá sa leabhar nua agus go raibh sí ag súil go dtabharfadh sé “cúnamh” do mhúinteoirí agus daltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.
“Tá an togra seo an-speisialta dúinne agus thaitin sé an-mhór liom a bheith ag obair air. Tá sé an-tábhachtach d’imeascadh pháistí na hÚcráine i bpobal na Gaeltachta agus léiríonn sé chomh maith an gá atá le hacmhainní breise do scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Ní Chéilleachair.
Dúirt Micheál Mac Donnchadha, a chuimhnigh ar an smaoineamh an leabhar a chur ar fáil nuair a d’oibrigh sé d’Fhorbairt Tuaithe na Gaillimhe go raibh sé ag súil go gcabhródh an leabhar le páistí ón dá thír a bheith ina ann caint le chéile.
“Ba é an smaoineamh a bhí ann ar dtús ná leabhar a chabhródh leis an bhfoghlaim go horgánach agus an teagasc ón mbarr anuas a sheachaint ionas go mbeadh na daltaí ag déanamh caidreamh le chéile agus ansin le tuismitheoirí ag baile.
“Agus chomh maith le bheith sothuigthe, deis a bheadh ann freisin dul ar líne agus an teanga a chloisteáil, rud a bheadh ar leas an phobail go léir.”
Gné thábhachtach den tionscnamh an cód QR ar chlúdach an leabhair ar nasc é go dtí comhad fuaime ar líne, a dúirt sé.
“Smaoineamh ar leith a bhí ann seachas an gnáthchur chuige ach tá an t-imeascadh chomh tábhachtach sin agus táimid an-sásta go deo inniu,” a dúirt Mac Donnchadha.
Is é Fearghas Mac Lochlainn, scríbhneoir agus amhránaí, a rinne an obair ealaíne don leabhar.
“Tá an-bród orm go raibh baint agam leis an saothar seo agus leis na léaráidí a dhéanamh don leabhar. Tá sé an-tábhachtach go gcuirfí fáilte mhór roimh na hÚcránaigh atá tagtha inár measc.”
Is í Nadia Dobrianska, cainteoir Gaeilge as Cív ó dhúchas agus atá ag cur fúithi in Éirinn ó thús an chogaidh san Úcráin, a d’aistrigh na frásaí agus na focail Úcráinise agus Ghaeilge sa leabhar.
Thaifead sí na míreanna fuaime i dteannta páistí ón Úcráin agus ón cheantar a fhreastalaíonn ar Scoil Naomh Colmáin.
“Baineadh siar astu beagáinín nuair a shroich mé an áit agus nuair a thosaigh mé ag labhairt Úcráinise leo mar ní raibh siad ag súil le bualadh le duine a bheadh ag labhairt Gaeilge agus Úcráinise leo!” ar sí.
Dúirt Nadia Dobrianska, a d’fhoghlaim an Ghaeilge i gCív agus a chaith sealanna ag foghlaim na teanga i gCorcaigh agus i mBéal Feirste, go raibh “áthas” uirthi go bhféadfadh páistí ón Úcráin sa Ghaeltacht an Ghaeilge agus an Úcráinis a fhoghlaim ón leabhar gan dul i muinín an Bhéarla.
“Tá an leabhar go hálainn mar gurb í an Ghaeilge agus an Úcráinis atá inti. Tá daoine ar fud an domhain ag foghlaim na Gaeilge anois agus teanga í atá ag fás.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir na hÉireann agus muintir na Gaeltachta as fáilte a chur romhainn, muintir na hÚcráine,” a dúirt sí.
Dúirt Róisín Ní Chualáin, múinteoir i Scoil Náisiúnta Naomh Colmáin, go raibh ag éirí go maith leis na daltaí ón Úcráin sa scoil ach go raibh “géarghá” le tacaíocht bhreise ón Roinn Oideachais.
“Tá sé iontach gur fhan an scoil oscailte mar gheall ar na páistí nua. Is iontach an dream iad agus páistí óga ag an aois sin, is féidir leo aon rud a fhoghlaim.”
“Is cuimhin liom an chéad lá ar tháinig siad go dtí Maínis ar an mbus agus ní raibh a fhios acu cá raibh siad ach anois tá ag éirí go hiontach leo.”
“Dea-scéal uilig atá ann ach teastaíonn níos mó tacaíochta uainn anois. 50% de na daltaí sa scoil anois is Éireannaigh iad agus Úcránaigh an 50% eile. Tá múinteoir tacaíochta teanga againn trí lá in aghaidh na seachtaine ach tá géarghá againn le múinteoir tacaíochta teanga breise cúig lá in aghaidh na seachtaine.”
Is é Spraoi, a bheas á dháileadh ar scoileanna Gaeltachta, an dara leabhar Gaeilge agus Úcráinise do pháistí a foilsíodh.
Anuraidh foilsíodh Ba Mhaith liom Úcráinis a labhairt, leabhar faoi chailín beag as Mariupol a cuireadh ar fáil i nGaeilge agus in Úcráinis.
Breathnóir1
Tionscadal breá é seo. Sílim go dtuigeann muintir na hÚcráine go maith cé chomh tábhachtach is atá sé seasamh le do chultúr féin, go háirithe agus comharsa níos mó ag iarraidh é a scriosadh go hiomlán.
Fearghas Mac Lochlainn
Maith thú a Mhéabh – an-phíosa!
Bhí an-bhród orm féin gur iarr Tuismitheoirí na Gaeltachta orm a bheith páirteach sa togra seo, ag tarraingt na bpictiúr, ag roghnú na bhfocal, na leaganacha cainte agus leagan amach an leabhair.
Tá sé an-tábhachtach go n-aireodh muintir na hÚcráine go bhfuil fáilte rompu anseo tar éis gach ar fhulaing siad ina dtír féin. Tá sé fíor-thábhachtach go léireodh muid meas orthu féin, agus ar a dteanga.
Tá sé tábhachtach chomh maith céanna go mbeadh meas againn ar ár dteanga féin, agus taispeánann an leabhar seo nach gá a bheith ag casadh ar an mBéarla i gcónaí le labhairt le cuairteoirí.
Tá éacht á dhéanamh ag Scoil Cholmáin i Muighinis, ag déileáil le gasúir na hÚcráine agus le gasúir na háite ag an am céanna, ó thaobh na teanga de. Go deimhin féin, theastódh i bhfad níos mó cúnaimh ó scoileanna na Gaeltachta – theastódh múinteoir breise lán-aimseartha 5 lá na seachtaine le dul i ngleic le dúshláin teanga den chineál seo…