Leabhar a bhféadfá é a phiocadh suas áit ar bith, agus a leagan uait in áit ar bith fosta…

Sa mhír nua seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Leabhar a bhféadfá é a phiocadh suas áit ar bith, agus a leagan uait in áit ar bith fosta…

Má tá leisce fós ort léim isteach san úrscéal fada sin in airde ar an tseilf uachtarach, b’fhéidir nach fearr rud a dhéanfá ná leabhar colún nó aistí a phiocadh suas, nó im chás-sa, aníos. Bhíodh colúin Liam Uí Mhuirthile i gcónaí dea-scríte, eolgaiseach, crua-stíleach. Foilsíodh scata díobh i bhfoirm leabhar, arb é Rogha Alt an ceann is furasta tosnú leis. Ní raibh an t-aitheantas céanna ar cholúin Philip Cummings de dheasca, b’fhéidir, na hintinne críochdheighiltí atá go rómhinic ag daoine abhus agus abhus.

Nuair a ceapadh é ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua cuireadh de cheangal na seacht gcaol air colún seachtainiúil a bhreacadh, agus is léir gur theastaigh uaidh díoltas a bhaint amach ar chách. Foilsíodh rogha de na colúin sin in Dar Liom (Coiscéim €10) agus tá an bua sin go rábach aige a bhíonn ag lucht scribleála, a bheith in ann a bheith ag plabaireacht leis faoi ábhar ar bith, go háirithe na cinn sin nach bhfuil aon eolas aige orthu.

Tá tuairimí baotha anseo aige mar gheall ar bhansagairt, ar chúrsaí ama, ar an bPápa (nó b’fhéidir beirt acu), ar scríbhneoirí ag dul ar stailc (rud a mholann sé, ach nár ghlac sé a chomhairle féin), ar scannáin x, ar chruthú an domhain, ar an Domhnach (a chruthaigh Dia mar nach raibh ‘smaointe maithe ar bith fágtha aige’), ar an Anglacánachas (‘an t-aon eaglais amháin sa domhan atá bunaithe ar chaidreamh collaí’), agus má shíleann tú go mbíonn sé i gcónaí maslach, níl sin iomlán fíor ar fad. Tugann sé ardmholadh do Shéarlas, Prionsa na Breataine Bige, as ciall cheannaithe a bheith aige gan duine dóighiúil a phósadh ‘mar ba cheart do dhuine gránna duine gránna eile a ghlacadh mar chéile’ ar eagla éada ‘go háirithe sa teaghlach sin ina bhfuil an dathúlacht chomh neamhchoitianta le torthaí maithe i scrúduithe’. Leabhar é seo a bhféadfá é a phiocadh suas áit ar bith, a leagan uait in áit ar bith fosta, nó go fiú é a léamh sa chathaoir, ag an tábla, sa leaba, nó sa teach beag féin.

Fág freagra ar 'Leabhar a bhféadfá é a phiocadh suas áit ar bith, agus a leagan uait in áit ar bith fosta…'

  • file

    An ceart ar fad ag Titley maidir le dearcadh críochdheighilteach i leith ábhar Cummings. Molaim don Titlíoch ceann amháin – ar a laghad – de na 17 ngradam Cholúnaí na Bliana atá aige féin a chur sa phost chuig Cummings mar chúiteamh.

  • Féasóg Feasa

    Sin moladh nach bhfuil baois ar bith leis… Taibhsítear dom go bhféadfadh an Titlíoch sin a dhéanamh ad delectionem stultorum gan baint dá ré i measc néalta na hÉigse. Ó Fear Dána amháin, chuig Fear Dána eile. Gan eiriceachtaí ar bith.

  • Fearn

    In éineacht leis an Ultach agus leis an Mhuaimhneach, chuirfinn Breandán Ó hEithir: An chaint sa tSráidbhaile,

  • file

    Yeah, Fearn, cinnte, ach an síleann tú gur cheart do Titley ceann amháin dá ghradaim a bhronnadh ar Cummings?

  • Fearn

    A fhile, i gcead duit, ní shílim go n-oibríonn gradaim mar sin. Mar a dhéarfadh Bus Éirinn, ní ticéid inaistrithe iad! Is iomaí aisteoir maith nár thóg Oscar.

  • file

    Yeah, Fearn, but still … mar gheall ar an éigeandáil agus gach rud.