LEABHAIR A LÉIGH MÉ FEADH NA SLÍ

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an scríbhneoir Philip Cummings atá an rogha.

AliceWonderland6

An leabhar a chuir ar mo shúile dom gur féidir ciall thánaisteach a bhaint as frásaí

Meastar mar leabhair do pháistí iad Alice’s Adventures in Wonderland agus Through The Looking‑Glass, and What Alice Found There (tá siad in aon eagrán agam; níl sárú rialacha ag dul ar aghaidh – go fóill), ach is beag duine fásta nach mbainfeadh tairbhe as seal a chaitheamh sna domhain shamhlaíocha seo atá lán de ghreann is d’iontais. Imeartas focail agus an chiall thánaisteach is féidir a bhaint as frásaí an dá cheacht is mó a d’fhoghlaim mé ó Lewis Carroll, ach faighim rud eile achan uair a léim na leabhair. Mar shampla, an bhfuil samhail níos fóirsteanaí ann ar na cainteanna fá chainteanna fá chainteanna sa Dubhsceart ná an Caucus-Race, damhsa ciorclach gan tús, deireadh, rialacha ná buaiteoirí? ‘Will you, won’t you, will you, won’t you, won’t you join the dance?’ Am éigin léifidh mé aistriúcháin Ghaeilge Nicholas Williams ar na leabhair seo seachas na bunleabhair féin; an t-aon leisce atá orm nach mbeidh an míniú s’aige ar an fhrása ‘Ango-Saxon attitudes’ chomh greannmhar céanna agus atá míniú Carroll.

 

lanausee2

An leabhar a thug dúshlán don mhéid ar chreid mé ann

Údar a chuir ar bhealach m’aimhleasa mé ab ea Jean-Paul Sartre, ach bhí an locht ar na Bráithre Críostaí: iadsan a cheadaigh dúinn staidéar a dhéanamh air agus ar an eiseachas sa rang Fraincise do na hardleibhéil, faillí a d’fhág gur chaill mé an creideamh agus mé 18 bliana d’aois (ná bí buartha, tháinig sé ar ais). Maithim é, áfach, mar gheall ar an úrscéal leis, La Nausée, lón machnaimh ar dóigh faoi fhear a thuigeann de gheit nach bhfuil ciall ar bith lena shaol féin agus gur caimiléireacht amach is amach atá i luachanna coitianta gach sochaí. Tá déistín air leis an bheith, an bronntanas gan iarraidh a tugadh dó, ach aimsíonn sé sólás éigin sna healaíona, go háirithe sa cheol. Tá mé buíoch den aindiachaí dhéanta Sartre mar ní bheadh an creideamh leath chomh láidir agus atá sé anois agam gan é a bheith de dhualgas orm dul i ngleic leis na smaointe sa leabhar seo, agus iad a shárú.

the-third-policeman

An leabhar a chabhraigh liom comharthaí sóirt daoine a aithint

Bhuail mé le beirt de na póilíní diabhlaí as The Third Policeman oíche i ndiaidh dom an 12 míle idir Béal an Átha Móir, Contae Liatroma, agus an Muileann Iarainn, contae an Chabháin, a shiúl. Agus tá mé ag déanamh gur labhair mé le Sergeant Pluck ar an ghuthán an oíche chéanna. Fáth na siúlóide amaidí, sin scéal eile, ach d’aithin mé na póilíní as an fhreagra a thug duine acu nuair a d’iarr mé toitín orthu: ‘You couldn’t be talkin to two worse fellahs.’ Seo an leabhar is fearr agus is greannmhaire de chuid Flann O’Brien, agus munar bhuail tú féin leis na carachtair iontacha ann go fóill, molaim duit an ríomhaire a mhúchadh láithreach agus an leabhar a léamh, agus a athléamh. Ní fheadar an mbeadh saol ní ba shona ag O’Brien féin munar dhiúltaigh foilsitheoirí bómánta an leabhar seo a fhoilsiú lena bheo.

 

cuaifeach mo londubh

An leabhar is mó a chuir ag gáire mé

Is é Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí an dara leabhar is pléascaí agus is conspóidí sa Ghaeilge. Shéid Mac Annaidh bearna san úrscéal Gaeilge leis an leabhar seo, bearna nár líonadh go fóill. Is é an bhleid dhíreach a bhualann sé ar an léitheoir is mó a chuaigh i bhfeidhm orm an chéad uair a léigh mé é, ach is iad an tsamhlaíocht mhire, an t-imeartas focal agus teicníocht na hinsinte a thugaim faoi deara le gach athléamh. Agus, i gcomhthéacs, níl jóc níos fearr ná ‘What the fathach!’

Bhí fuireach fada ag léitheoirí na Gaeilge ar an leabhar a chuireann Mac Annaidh sa dara háit maidir le conspóid agus pléascacht. Tháinig an chéad leabhar sa tsraith amach i 1958, ach bhuail tost tubaisteach an t-údar go dtí gur fhoilsigh sé an dara leabhar dhá bhliain ó shin. Ach anois, dála busanna, tuigtear dúinn go bhfuil an tríú leabhar ar na bacáin. Níl an teideal fógartha fós, ach mholfainn féin Mac an Chaighdeáin Athbhreithnithe a thabhairt air in áit teideal leamh/teidil leamh [scrios de réir mar a athróidh na rialacha a bhaineann leis an tuiseal ghinideach] amhail An Caighdeán Oifigiúil III. Beidh mé féin ag dúil go mór leis na forbairtí ar an charachtar is achrannaí orthu uilig, mar atá an Séimhiú Sí, nó athrú tosaigh i ndiaidh ainmfhocal éiginnte baininscneach, mar is fearr aithne uirthi.