Le Pen i bponc ach gaoth i seolta na heite deise i gcónaí

Níl aon ghean ag pobal na Fraince ar an pholaitíocht thraidisiúnta agus dá thoradh sin tá an RN go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna

Le Pen i bponc ach gaoth i seolta na heite deise i gcónaí

Os cionn deich mbliana fichead ó shin agus mé ar mo chéad turas go deisceart na Fraince sea chuala mé caint den chéad uair riamh ar Jean Marie Le Pen. Chuala mé freisin cur agus cúiteamh i measc na foirne san óstán ina raibh mé ag obair faoin ngluaiseacht pholaitiúil seo a bhí ag bailiú nirt in áiteanna ar nós Marseille ag an am.

Bhí an díospóireacht deighilte idir na glúnta – an chef, fear an tí a raibh cuimhne aige ar an dara cogadh domhanda agus cogadh na hAilgéire ag caint go drochmheasúil ar ‘Les Arabes’ agus ag caoineadh na Fraince mar a bhí, dar leis.

Sna blianta ó shin, chuaigh an ghluaiseacht ó neart go neart agus go deimhin ag tús an chéid seo d’éirigh leis dul tríd go dtí an dara babhta den toghchán uachtaránachta. Chuir an méid sin alltacht ar vótóirí meánaicmeacha na Fraince agus thug tromlach mór a gcuid tacaíochta do Jacque Chirac níos túisce ná mar a ghlacfaidís le hUachtarán de chuid an Front National.  Níos déanaí, agus Marine, iníon Jean Marie, i gceannas ar an bpáirtí thosaigh an Front National ag maolú ar a dteachtaireacht chiníoch agus ag cur béim ar chosaint na tíre ar choirpigh. Cuireadh Le Pen, an t-athair, amach as an bpáirtí agus lean an páirtí air ag neartú.

Tharla athruithe móra í bpolaitíocht uachtaránacht na Fraince ón am deiridh ar reáchtáladh babhta idir na Sóisialaigh agus na Caomhaigh le dul go dtí an Élysée. Tháinig Emmanuel Macron chun cinn in 2017 agus bhain sé stangadh as na príomhpháirtithe gurb í Marine Le Pen, ceannasaí an Rassemblement National (oidhre an Front National) a bhí ina choinne nuair a bhuaigh sé sa dara babhta vótála.

Tharla an rud céanna in 2022 mar go bhfuil na príomhpháirtithe i bpolaitíocht na Fraince in ísle brí. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an tír ar fad in ísle brí mar ba léir ar fheachtas na Gilets Jaunes ag agóidíocht in 2020. Tá an pobal thar a bheith míshásta le polaiteoirí agus dá bharr sin bhí tacaíocht an Rassemblement National ag neartú agus Marine Le Pen ag treabhadh léi sna pobalbhreitheanna.

An dtoghfaí í in 2027? Bheadh baint aige sin leis na hiarrthóirí a thiocfadh ina haghaidh a síleadh, ach tá an cinneadh déanta ag na cúirteanna di anois agus cosc curtha uirthi a bheith ina hiarrthóir ar oifig phoiblí ar feadh cúig bliana agus i ciontaithe as cúbláil airgid.

Glactar leis anois gurb é Jordan Bardella a bheidh mar iarrthóir ag RN in áit Marine Le Pen. D’fhéadfadh gurb é leas an pháirtí duine nua a bheith san iomaíocht mar go mbíonn drogall fós ar dhaoine a nguth a thabhairt do dhuine den sloinne Le Pen. Tá an pholaitíocht ar fud na hEorpa ag druidim i dtreo na heite deise agus cá bhfios cén bhail a bheidh ar chúrsaí ag brath ar céard eile a dhéanfaidh Donald Trump.

Buntáiste eile don eite dheis nach maith le daoine a fáisceadh i gcultúr Poblachtach na Fraince go mbeadh breithiúna ag cur a ladar i gcúrsaí polaitíochta. Níl aon ghean ag pobal na Fraince ar an bpolaitíocht thraidisiúnta agus dá thoradh sin tá an RN go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna. Ní bheidh Emmanuel Macron san iomaíocht mar go bhfuil dhá théarma déanta aige. Cén rogha atá ann ach tacú le Bardella?

Mura gcuireann na páirtithe traidisiúnta slacht orthu féin sna míonna seo romhainn, d’fhéadfadh go mbeadh freagra ag na Francaigh ar an gceist in 2027.

Fág freagra ar 'Le Pen i bponc ach gaoth i seolta na heite deise i gcónaí'