Ní raibh Naomh Eoin Baiste ná an Bhandia Áine i bhfabhar go hiomlán leis an dream a d’eagraigh an comóradh ‘Lóchrann Chonamara’ Oíche Fhéile tSin Seáin ag an Teach Dóite anseo i gConamara.
Tháinig an bháisteach agus b’éigean na himeachtaí a aistriú isteach san óstán. Ach is beag a chuir sé sin as do chúrsaí mar an slua mór a bhí i láthair bhain siad an-sásamh as taispeántas breá ceoil agus damhsa.
Ba mhór an tógáil croí a bheith ag breathnú ar mhuintir dheisceart agus thuaisceart Chonamara ag ceiliúradh le chéile agus an Ghaeilge in uachtar ar an stáitse ó thús go deireadh.
Nuair a bhí sé in am an tine a lasadh bhí an bháisteach stoptha agus rinneadh an beart go taibhseach, draíochtúil.
Oíche Fhéile Eoin a thugann cuid de na daoine ar an oíche sin. Is minic a chloistear caint ar Naomh Eoin Baiste ach bhí an Bhandia Áine ann i bhfad roimhe agus tinte cnámh á lasadh ina honóir sa tír seo sula bhfaca Naomh Pádraig an tine úd ar Choc na Teamhrach.
As an mBandia Áine a hainmníodh Cnoc Áine i gcontae Luimnigh. Ansiúd a bhí a ceanncheathrú aici. B’ise Dia an ghrá agus na torthúlachta agus chreid na seanGhaeil go raibh smacht aici ar bharraí agus ar ainmhithe.
I seanscéal amháin deirtear go ndearna Rí Chúige Mumhan, Ailill Ólom, éigniú uirthi ach gur éirigh léise píosa den chluais a bhaint de le greim fiacal. D’fhág sin gurbh éigean dósan éirí as an ríochas mar de réir sheandlí na nGael ní raibh cead ag fear a raibh ainimh air a bheith ina rí.
Ní dhearnadh dearmad ar Áine i gceantar Chnoc Áine in imeacht na mblianta. Go fiú sa naoú haois déag lastaí tinte ina honóir ansin agus thugtaí tuí lasta ar fud na bpáirceanna le rath a chur ar na barraí.
Agus mé ag breathnú ar na lasracha ag dul san aer ag an Teach Dóite chuimhnigh mé ar thuairiscí eile atá i litríocht na nGael ar oícheanta mar sin. Seo é an tuairisc a thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an oíche sa mbliain 1830. Ciarraíoch ba ea Amhlaoibh a raibh cónaí air i gCallainn i contae Chill Chainnigh:
Níl aon tine cnámh i gCallainn anocht arbh fhiú trácht air óir maraíodh fear, oíche a cruinnithe, an t-am so anuraidh .i. i gcomhghairm an oíche aréir, ach is iomaí sop Seáin chím ar lasadh ó Chnocán an Éithigh ag ceann a’ Fatha. Tá caortha ar gach cnoc, sop Seáin ar gach sliabh, gártha i ngach gleann glas um tinte tréine. Bíonn tinte acu Oíche Bealtaine i gContae luimpre Luimní. Is in onóir Beal .i. Baal .i. an grian deintear iad. Bhí tine Beal, no Bealtaine, ar lasadh Oíche Bealtaine ag Teamhair na Rí ag teacht Pádraig, aimsir Laoghaire, Rí Éireann.
Sa leagan eile atá ar an scéal faoin tine i dTeamhair deirtear gur faoi Cháisc a lasadh í. Ar éigean a d’fhéadfadh an Cháisc a bheith chomh deireanach sin sa mbliain, fiú de réir an oird a thug Pádraig go hÉirinn leis.
Nuair a bhí Séamas Ennis ag bailiú béaloidis i bparóiste Charna sa mbliain 1945 thug sé cuntas ina dhialann ar eachtra a tharla Oíche Fhéile tSin Seáin:
Bhíos i gCloch na Rón arís ar a ceathair chun dinnéir agus casadh Seán Choilm Mac Dhonncha agus Seán Jeaic Mac Donncha as an Aird Thoir (Carna) dhom agus d’iarr mé orthu ó bhíodar ag dul síos, mé a thabhairt leo sa mbád nuair a gheobhainn mo dhinnéar, mar is ag dul síos ar mo rothar a shil mé a bheinn, mar tá feis amárach thíos agus níl tada eile graithe anseo agam.
Chuas leo agus bhí an tráthnóna go breá, bhí spraoi againn ag gabhail fhoinn agus mise ag píobaireacht sa mbád ag dul síos agus Seán Choilm ag damhsa ar an teile deiridh sa mbád. Ba bhreá liom pictiúr dhe a bheith agam ach níl neart air sin. Chuaigh muid suas tigh Sheáin Jeaic tar éis a theacht i dtír ag a naoi a chlog agus chaith muid béile breá ann. Cuireadh fios ar dheochanna agus chaith muid oíche Fhéile tSin tSeáin go haoibhinn idir an chistineach agus an tine cnámh a las muid le titim na hoíche. Ach bhí buntáiste áirithe agamsa san oíche. Chuir mé aithne níos fearr ar Sheán Choilm agus scaoil sé an ruóg de go leor amhrán nár chuala mé riamh cheana.
Ar ndóigh bhí Seán Choilm agus Seán Jeaic ar bheirt de na fonnadóirí sean-nóis ab fhearr in Éirinn lena linn.
Le cúnamh na Bandé Áine, cloisfear amhráin i gcónaí ag tinte cnámh sna blianta atá romhainn ar fud Chonamara.
Fág freagra ar 'Le cúnamh Bhandia Áine, cloisfear amhráin i gcónaí ag tinte cnámh ar fud Chonamara'