Láithreoir nua ag TG4 agus craobhacha na mban ar tí tosú

Is í iar-imreoir na Gaillimhe, Máire Ní Bhraonáin, a chuirfidh Peil na mBan Beo i láthair ar TG4

Láithreoir nua ag TG4 agus craobhacha na mban ar tí tosú

Beidh láithreoir nua ag TG4 do chraoladh Chraobh Pheil na mBan i mbliana agus é fógartha gurb í Máire Ní Bhraonáin a bheidh ag cur Peil na mBan Beo i láthair in 2020.

Cuirfear tús le Chraobh Shinsir Pheil na mBan seachtain ón Aoine seo, an 30 Deireadh Fómhair, nuair a thabharfaidh Tír Eoghain agus Ard Mhacha aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta agus beidh an cluiche sin á chraoladh beo ar TG4.

Iar-imreoir le Gaillimh, Máire Ní Bhraonáin, a chuirfidh an clár i láthair. Ba mhinic Máire ar TG4 roimhe seo agus í i mbun tráchtaireachta agus anailíse ar Pheil na mBan.

Tá gaiscí déanta ag Máire Ní Bhraonáin ar pháirc na himeartha agus trí Chraobh Chonnacht, Craobh Mhionúir na hÉireann, Craobh na hÉireann Faoi 16 buaite aici le Gaillimh. Ba í a chuir an clár C.L.U.B i láthair ar TG4  in éindí le Diarmuid Lyng chomh maith.

Dúirt Ní Bhraonáin go bhfuil sí ag súil go mór Peil na mBan Beo a chur i láthair an séasúr seo.

“Tá ról lárnach ag an spórt inár saol. Tá an-chuid déanta ag TG4 le 20 bliain anuas chun Peil na mBan a chur chun cinn agus a fhorbairt. Táim ag obair i m’anailísí ar Pheil na mBan Beo ó 2011, mar sin, tá ríméad orm gur mé a bheidh ag cur Craobhchomórtas Pheil na mBan Beo 2020 i láthair.”

Beidh lucht anailíse mór le rá ag obair in éindí le Ní Bhraonáin ar an gclár agus laoch Chorcaí Rena Buckley – a bhuaigh 18 bonn uile-Éireann, 11 acu sa pheil – ar fhoireann Peil na mBan Beo.

Beidh Sorcha Furlong, a bhuaigh Craobh na hÉireann le hÁth Cliath in 2010, agus gaiscíoch na nDéise Michelle Ryan i gcuideachta Buckley agus Ní Bhraonáin freisin.

Fógraíodh mí Lúnasa go raibh Gráinne McElwain, a bhíodh ag cur clúdach Pheil na mBan ar TG4 i láthair ag teacht i gcomharbacht ar Rachel Wyse ar chláir CLG Sky Sports don séasúr seo.

Tá leagan amach nua ar Chraobhacha Pheil na mBan i mbliana de bharr an choróinvíris. Ní bheidh craobhacha na gcúigí ann ar chor ar bith agus rachfar díreach ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais i ndiaidh chluichí na ngrúpaí.

Chomh maith leis an gcluiche idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha ar an Aoine, beidh an cluiche mór i nGrúpa 3 idir seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath agus Dún na nGall ar an Satharn le feiceáil beo ar TG4 chomh maith. Tá Áth Cliath ag iarraidh an chraobh a thabhairt leo arís i mbliana, den cheathrú huair as a chéile.

Naoi gcluiche ar fad a bheidh le feiceáil beo ar TG4 an séasúr seo, cluichí ceannais chraobh na sóisear, an chraobh idirmheánach agus craobh na sinsear ina measc.

Fág freagra ar 'Láithreoir nua ag TG4 agus craobhacha na mban ar tí tosú'