‘Laigí móra’ i gcur chuige NAMA i gcás Project Eagle – tuarascáil ón gCoiste um Chuntais Phoiblí

De réir na tuarascála, níor éirigh le NAMA a chruthú go bhfuair sé luach ar airgead don Stát i gcás Project Eagle

‘Laigí móra’ i gcur chuige NAMA i gcás Project Eagle – tuarascáil ón gCoiste um Chuntais Phoiblí

Bhí “laigí móra” i gcur chuige NAMA i gcás díol a gcuid maoine i dTuaisceart Éireann, de réir tuarascáil atá foilsithe ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí.

Deirtear sa tuarascáil, a foilsíodh inniu, go raibh caillteanas £162 milliún i gceist leis an leabhar iasachtaí, Project Eagle, a díoladh leis an gcomhlacht as Meiriceá Cerebus agus maítear gur chaill NAMA €800 milliún ar fad i gcás díol a gcuid maoine ó thuaidh idir 2010-2014.

De réir na tuarascála, bhí cur chuige díolacháin NAMA sa chás seo ‘lochtach’. Deirtear chomh maith gur loic NAMA ina chuid dualgas ó thaobh an rialachais chorparádaigh nuair nár tugadh ar Frank Cushnahan éirí as Coiste Comhairleach Thuaisceart Éireann na heagraíochta i bhfianaise a róil mar chomhairleoir ag féichiúnaithe de chuid NAMA ó thuaidh.

Deirtear sa tuarascáil nár cuireadh Bord NAMA ar an eolas faoin gcaillteanas a bheadh i gceist leis an leabhar iasachtaí a dhíol ar an bpraghas forchoimeádta a socraíodh, £1.3 billiún.

Maítear go raibh tionchar ar ghnéithe lárnacha de chuir chuige díolacháin NAMA ag an gcomhlacht PIMCO, an chéad dream a rinne teagmháil le NAMA maidir leis an leabhar iasachtaí a cheannach.

De réir na tuarascála, bhí an oiread srianta ag baint le cur chuige díolacháin NAMA go bhféadfaí a rá go raibh ‘laigí tromchúiseacha’ ann agus maítear nár éirigh le NAMA a chruthú go bhfuair sé luach ar airgead don Stát nuair a díoladh Project Eagle.

Fág freagra ar '‘Laigí móra’ i gcur chuige NAMA i gcás Project Eagle – tuarascáil ón gCoiste um Chuntais Phoiblí'