Laghdú leanúnach ar líon na ndaltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge san Ardteist

Tá léargas nua ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais ar fáil in anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua

Laghdú leanúnach ar líon na ndaltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge san Ardteist

Tá laghdú leanúnach ag teacht ar líon agus ar chéatadán na ndaltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge san Ardteist.

Chomh maith leis sin, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, tá laghdú ag teacht de réir a chéile ar líon na ndaltaí nach mbacann le scrúdú Gaeilge a dhéanamh don Ardteist fiú agus gan aon díolúine faighte acu ó staidéar na Gaeilge.

Mar sin féin, ní dhearna 8,776 dalta, nó 15.36% de dhaltaí na hArdteiste in 2018, aon scrúdú Gaeilge. 

Ba é seo an chéad uair ó 2009 go raibh líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge faoi bhun 9,000 dalta.

Den 8,776 dalta sin nach ndearna scrúdú Gaeilge in 2018, ní raibh aon díolúine ag 2,356 dalta, nó 27%. Ba é sin an líon is ísle daltaí le 15 bliain anuas nach ndearna scrúdú Gaeilge cé nach raibh aon díolúine óna leithéid acu. 

2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018
Líon na ndaltaí a rinne an Ardteist 57,532 55,815 55,572 56,990 57,929 58,466 58,543 57,149
Líon na ndaltaí a rinne scrúdú Gaeilge 46,585 45,118 45,478 47,195 48,377 48,939 49,529 48,373
Líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge 10,947 10,697 10,094 9,795 9,552 9,527 9,014 8,776
Céatadán de líon iomlán na ndaltaí Ardteiste nach ndearna scrúdú Gaeilge 19.03% 19.17% 18.16% 17.19% 16.49% 16.29% 15.40% 15.36%
Líon na ndaltaí a raibh díolúine ón nGaeilge acu 6,787 7,015 6,916 6,908 6,593 6,514 6,436 6,420
Céatadán de líon iomlán na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu 11.80% 12.57% 12.45% 12.12% 11.38% 11.14% 10.99% 11.23%
Céatadán na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge a raibh díolúine acu 62% 65.58% 68.52% 70.53% 69.02% 68.37% 71.4% 73.15%
Líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge agus nach raibh díolúine acu 4,160 3,682 3,178 2,887 2,959 3,013 2,578 2,356
Céatadán na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge agus nach raibh díolúine acu 38.00% 34.42% 31.48% 29.47% 30.98% 31.63% 28.60% 26.85%

 

Cé nach bhfuil aon mhíniú oifigiúil ar fáil ar laghdú a bheith ag teacht ar líon na ndaltaí nach dtugann faoi scrúdú Gaeilge san Ardteist, meastar go bhféadfadh baint a bheith ag an scrúdú a bheith níos éasca leis. 

Ocht mbliana ó shin, in 2011, a thosaigh líon na ndaltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge don Ardteist ag titim go leanúnach. An bhliain sin, ní dhearna 10,947 dalta aon scrúdú Gaeilge. B’ionann sin agus 19.03% de líon iomlán na ndaltaí a rinne an Ardteist in 2011.

Le linn na tréimhse 2004-2018, tháinig méadú mór ar líon na ndaltaí a fuair díolúine – ó 2,391 duine in 2004 go dtí 6,420 duine in 2018, méadú 169%.

Idir 2011-2018, áfach, bhí líon na ndíolúintí seasmhach go maith. Fuair idir 10.99% (2017) agus 12.57% (2012) de dhaltaí na hArdteiste díolúine ó staidéar na Gaeilge le linn na tréimhse sin.

Baineann na figiúirí san alt seo le líon na ndaltaí a rinne an Ardteist thraidisiúnta, Clár Gairme na hArdteiste agus an Ardteist Fheidhmeach. 

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Comh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste. Ina measc siúd bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear. Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste don dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu.

Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc go mbíonn díolúine faighte acu ó Ollscoil na hÉireann, na hollscoileanna sin a bhfuil Gaeilge mar riachtanas iontrála acu. Dúirt urlabhraí na Roinne go mbíonn grúpa eile daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge toisc go mb’fhearr leo díriú ar ábhair eile.

Tá an Ghaeilge agus an Béarla ina gcroí-ábhair i scoileanna a bhfuil aitheantas na Roinne Oideachais acu. 

Bíonn ar gach dalta sna bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna sin staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, seachas iadsan a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. 

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hábhair sin ar gá a theagasc do dhaltaí ionas go n-áireofar iad agus maoiniú agus acmhainní á gcur ar fáil don scoil. Cé gur gá do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i scoileanna na Roinne, ach oiread le hábhair eile níl aon riachtanas ann na scrúduithe stáit sa Ghaeilge a dhéanamh.

Tá admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge.

Os cionn 10,000 freagra a fuair an Roinn Oideachais ón bpobal faoi cheist dhíolúine na Gaeilge mar chuid den athbhreithniú sin, an líon is mó freagraí a fuair an Roinn riamh i bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

Tá sé ina imní ag eagraíochtaí teanga le tamall go gcuirfeadh próiseas comhairliúcháin na Roinne tús athuair leis an díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

Cé go ndúirt an tAire Oideachais Joe McHugh ag tús na bliana nach mbeadh aon athrú ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, d’fhéadfadh mar sin féin go bhfuil an tuar tagtha faoin tairngreacht anois i bhfianaise líon ollmhór na bhfreagraí ar shuirbhé na Roinne.

Meastar gur ar éigean go mbeadh an oiread sin daoine agus tuairimí láidre acu faoi chóras díolúine na Gaeilge amháin agus gur dócha go bhfuil ceist níos leithne na Gaeilge éigeantaí ag déanamh tinnis dóibh bealach amháin nó bealach eile chomh maith.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le déanaí gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile agus go gcaithfí deireadh a chur leis an ‘cleasaíocht’ a bhaineann le córas na díolúine.

Údar buartha ar leith do dhaoine atá ag plé leis an ngaeloideachas go bhfuil “imní” agus “strus” nach bhfuil aon bhonn cliniciúil leo  á lua ag an Roinn Oideachais mar argóint i bhfabhar cur le líon na gcúiseanna a gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Deirtear chomh maith sa phlécháipéis atá foilsithe ag an Roinn mar chuid dá n-athbhreithniú ar an gcóras díolúine gur gá féachaint freisin ar na cúiseanna a bhíonn ag daoine gan bacadh le scrúduithe Gaeilge an Stáit a dhéanamh fiú agus gan aon díolúine faighte acu.

 

 

 

Fág freagra ar 'Laghdú leanúnach ar líon na ndaltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge san Ardteist'

  • Páidín Aigeanta

    “Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le déanaí gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile agus go gcaithfí deireadh a chur leis an ‘cleasaíocht’ a bhaineann le córas na díolúine.”

    Maith thú a Theachta Kyne, ach cogar; nil ach 0.5% des na díospóireachtaí i nDáil Éireann a bhíonn as Gaeilge.
    Mura fiú libhse na polaiteoirí go bhfui Gaeilge acu í a labhairt go minic sa bpairlimint agus ag ócáidí phoiblí go ghinearálta cén fáth a cheapann tú a Theachta Kyne go mba chóir leanúint len í a bheith éigeantach don Ardteist?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ní thuigim an fáth go bhfuil díolúintí ann. Ní laghdaíonn na deacrachtaí foghlamtha an dualgas atá ar an duine sa saol. Is gá tacaíocht a thabhairt do mhic léinn a bhfuil na deacrachtaí seo orthu seachas méid agus cáilíocht an oideachais a fhaigheann siad a ísliú.
    Ní chuirtear díolúintí ar fáil d’ábhar ar bith i dtíortha forbartha eile an domhain. Ní dóigh liom go bhfuil aon chúis le hÉirinn bheith ina heisceacht.