‘Laghdú ar chaighdeán Gaeilge’ daltaí bunscoile an toradh a bheidh mar churaclam nua

Sheol an tAire Oideachais Helen McEntee inné sonraíochtaí nua don churaclam bunscoile agus an ‘t-athrú is mó le glúin anuas’ atá tugtha ar an bplean

‘Laghdú ar chaighdeán Gaeilge’ daltaí bunscoile an toradh a bheidh mar churaclam nua

Tá a ndíomá curtha in iúl ag Conradh na Gaeilge faoi chinneadh an Aire Oideachais dul ar aghaidh le cur i bhfeidhm curaclam bunscoile nua agus imní ann faoin tionchar a bheidh aige ar chaighdeán Gaeilge daltaí.

Sheol an tAire Oideachais Helen McEntee inné sonraíochtaí nua don churaclam bunscoile agus an ‘t-athrú is mó le glúin anuas’ atá tugtha ar an bplean.

I measc na n-athruithe atá beartaithe, tá múineadh an tríú teanga, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus tá níos mó ama le caitheamh ar mhúineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Chun an t-am breise a fháil leis na hábhair nua a mhúineadh, tá sé molta laghdú 30 nóiméad sa tseachtain a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge i ranganna 1-6 i scoileanna Béarla, os cionn 90% de bhunscoileanna na tíre.

Deir an Roinn go bhfuil am breise leagtha amach sa gcuraclam a d’fhéadfadh scoileanna a chaitheamh ar theagasc na Gaeilge ach ó tháinig an plean seo chun cinn in 2023, tá imní léirithe ag saineolaithe oideachais, lucht feachtais agus polaiteoirí faoin tionchar a bheidh ag an athrú ar chaighdeán Gaeilge daltaí a bheidh ag caitheamh níos lú ama ag foghlaim na teanga.

In ainneoin gur mhaígh Norma Foley, a bhí ina haire oideachais ag an am, gur athrú chun feabhais ó thaobh sealbhú na Gaeilge a bheadh sa gcuraclam nua, bhí Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a léirigh míshástacht faoin bplean agus deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, gur “cúis mhór bhuartha” é go bhfuil an curaclam fós le cur i bhfeidhm mar a bhí beartaithe.

“Tá an-díomá orainn go bhfuil an Roinn chun leanúint leis an gcinneadh a rinne an t-iarAire Norma Foley in 2023 chun 30 nóiméad sa tseachtain a bhaint de mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó rang a 1 go rang a 6,” arsa de Spáinn.

“Is cinneadh é seo a raibh Conradh na Gaeilge ag feachtasaíocht ina choinne ag an am agus ó shin, agus is cúis mhór bhuartha é a fheiceáil á chur i bhfeidhm in ainneoin na fianaise soiléire agus na droch-impleachtaí a ardaíodh.”

Deir an Roinn Oideachais go mbeidh “tuiscint níos doimhne” ag páistí ar an mBéarla agus ar an nGaeilge mar thoradh ar an gcuraclam nua, ach deir de Spáinn nach léir dó cén chaoi a dtarlóidh sin agus laghdú le déanamh ar an líon ama a chaitear ag múineadh na teanga.

“Beidh laghdú ar chaighdeán agus b’fhearr don Roinn Oideachais sin a admháil in ionad cur i gcéill nach mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh seo ar an nGaeilge sna bunscoileanna,” ar sé.

“Léiríonn taighde Sealbhú [ionad taighde Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath] go mbraitheann múinteoirí cheana féin nach leor an t-am a thugtar don Ghaeilge ag an mbunleibhéal chun daltaí a ullmhú don tSraith Shóisearach. Níl aon chiall leis an laghdú breise seo mar sin.”

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, iarStiúrthóir Sealbhú,le Tuairisc in 2023 ​​go bhfuil “laghdú 37% tagtha ar an méid ama a chaitheann daltaí bunscoile ag foghlaim na Gaeilge le thart ar 20 bliain anuas” agus “go mbíonn tionchar mór aige sin ar chumas daltaí an Ghaeilge a thabhairt leo”.

Tá sé ráite roimhe seo ag príomhchigireacht na Roinne Oideachais go bhfuil “torthaí foghlama na ndaltaí i nGaeilge i scoileanna Béarla ina n-ábhar mór imní”.

Luaigh Julian de Spáinn plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais i láthair na huaire, plean a bheidh anois “ag tosú le céim ollmhór siar” dar leis.

Tá an curaclam nua le cur i bhfeidhm de réir a chéile le linn na scoilbhliana 2025/26.

Tá béim níos mó le cur ar chúrsaí folláine agus sláinte mar chuid den churaclam nua chomh maith.

Fág freagra ar '‘Laghdú ar chaighdeán Gaeilge’ daltaí bunscoile an toradh a bheidh mar churaclam nua'