Lá gnóthach é d’fhoireann na hÉireann i bPáras agus seans maith ann go gcuirfear le líon na mbonn atá buaite go dtí seo roimh dheireadh an lae.
Beidh Rhys McClenaghan sa tóir ar bhonn óir nuair a ghlacfaidh sé páirt sna babhtaí ceannais ar an gcapall corr.
Bhí díomá ollmhór ar fhear Aontroma ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo nuair a d’fhág botún sa bhabhta ceannais gur chaill sé a sheans ar bhonn ach tá bonn óir ag craobhacha an domhain buaite aige faoi dhó ó shin, in 2022 agus arís in 2023.
Is ag McClenaghan agus Stephen Nedoroscik ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí na scóranna ab airde sna babhtaí cáilithe ach beidh McClenaghan muiníneach gur aige féin a bheidh an bua chomh fada is go n-éiríonn leis botún a sheachaint.
Lá mór a bheidh ann do Kellie Harrington freisin agus í ag troid sna babhtaí leathcheannais i rannóg 60kg na mban anocht. Tá bonn cré-umha ag an mBaile Átha Cliathach cheana féin ach beidh sí ag iarraidh cur leis an gceann óir a bhuaigh sí trí bliana ó shin.
Beidh obair mhór le déanamh ag Harrington an babhta ceannais a bhaint amach, áfach, agus í ag troid i gcoinne Beatriz Ferreira ón mBrasaíl, an trodaí ar bhuaigh bean na hÉireann uirthi sa bhabhta ceannais i dTóiceo.
Beidh Daniel Wiffen ar ais sa linn snámha anocht freisin tar éis dó an bonn óir a bhuachan sa snámh saorstíle 800m ag tús na seachtaine. Is é an rás 1500m an ceann is fearr leis agus beidh sé ag súil go dtiocfaidh sé tríd na babhtaí cáilithe anocht gan stró.
Rogha an Lae
Rothaíocht – Rás bóthair na bhfear, 10.00rn
Beidh Ben Healy agus Ryan Mullen na hÉireann san iomaíocht i rás rothaíochta bóthair na bhfear ar maidin le cuid de na rothaithe is aitheanta ar domhain. Is é Remco Evenepoel na Beilge a bhuaigh an bonn óir sa triail ama an deireadh seachtaine seo caite agus beidh an fear a bhuaigh craobh dhomhanda sa rás bóthair in 2022 agus a bhfuil céimeanna sna trí mhór-rás, an Tour de France, an Giro d’Italia agus an Vuelta a España, buaite aige san iomaíocht do bhonn eile inniu. Tá Beilgeach eile, Wout van Aert, an tÍsiltíreach Mathieu van der Poele, agus Tom Pidcock na Breataine i measc na bhfear eile is mó a bhfuil seans acu ar bhonn agus beidh an Francach Julian Alaphilippe freisin ag iarraidh bonn a bhuachan sa bhaile.
Fág freagra ar 'Lá mór do McClenaghan agus Harrington agus Éire sa tóir ar a thuilleadh bonn i bPáras'