Lá mór do Ghaillimh agus seaimpíní na hÉireann ag teacht ar cuairt

Nuair a fógraíodh sceideal na gcluichí, bhí cluiche an lae inniu in aghaidh Bhaile Átha Cliath ar cheann de na cluichí ba mhó lena raibh lucht leanúna na Gaillimhe ag súil

Lá mór do Ghaillimh agus seaimpíní na hÉireann ag teacht ar cuairt

Captaen na Gaillimhe, Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Tá gach cluiche sraithe go dtí seo in 2018 buaite ag Gaillimh agus ag Baile Átha Cliath ach ní bheidh sé sin le maíomh a thuilleadh ag ceann de foirne seo tráthnóna i Staid an Phiarsaigh.

Nuair a fógraíodh sceideal na gcluichí, bhí an cluiche in aghaidh Mhaigh Eo agus cluiche an lae inniu in aghaidh sheaimpíní na hÉireann le trí bliana anuas ar na cinn ba mhó lena raibh lucht leanúna na Gaillimhe ag súil.

Agus iad ag caitheamh súil chun cinn ar an gcluiche seo i rith an gheimhridh, is beag seans gur cheap lucht peile na Gaillimhe go mbeadh siad ag tabhairt aghaidh ar churaidh na hÉireann agus iad  ní hamháin slán sábháilte i Roinn 1 an chéad bhliain eile ach iad cáilithe chomh maith do chluiche ceannais na sraithe. Sin mar atá agus fágann sin go bhfuil cinneadh crua le déanamh anois ag Kevin Walsh.

Is í an fhoireann chéanna, nach mór, a chuir bainisteoir na Gaillimhe chun páirce i ngach cluiche go dtí seo, agus thosaigh dhá dhuine dhéag dá chuid imreoirí gach ceann den chúig chluiche atá imeartha acu sa tsraith. Nuair a imreofar cluiche ceannais na sraithe ar an 1 Aibreán, beidh cluichí imeartha ag Gaillimh ceithre dheireadh seachtaine as a chéile agus má choinníonn Walsh air ag cur na bhfear céanna chun páirce, seans go mbeidh siad traochta faoin am sin.

Ar an láimh eile, má thugtar briseadh do na himreoirí is fearr atá ag Gaillimh ó chluiche an lae inniu, d’fhéadfadh Baile Átha Cliath scrios uafásach a dhéanamh orthu.

Má bhuailtear Gaillimh go dona arís i gcluiche ceannais na sraithe, d’fhéadfadh sé an séasúr uile a mhilleadh, mar a tharla do Chorcaigh agus do Dhoire nuair a thug Baile Átha Cliath greadadh dóibh i gcluichí ceannais na sraithe le blianta beaga anuas.

Gach seans mar sin go gcuirfidh na Gaillimhigh foireann láidir chun páirce, go háirithe agus deis eile acu sos a thabhairt d’imreoirí an tseachtain seo chugainn in aghaidh Chill Dara.

Faoin am seo, tá beagnach gach stíl imeartha triailte ag foirne chun an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath agus is beag acu a d’oibrigh. Agus iad ag brath go mór ar a bhfrithionsaithe chun deiseanna a chruthú tá cosúlachtaí idir Gaillimh i láthair na huaire agus foireann Dhún na nGall a bhuaigh ar fhoireann Jim Gavin in 2014. Tá Baile Átha Cliath feabhsaithe go mór ó shin, áfach.

Tá rian de stíl Thír Eoghain le feiceáil in imirt na Gaillimhe chomh maith agus iarracht déanta acu an chosaint a phlódú ach caithfidh siad a bheith cúramach gan an spás céanna a thabhairt do thosaithe Bhaile Átha Cliath agus a thug foireann Mickey Harte dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Más faoi Ghaillimh deis ar bith a bheith acu cluiche an lae inniu a bhuachan, caithfidh siad gach uile rud a dhéanamh i gceart agus fiú ansin féin, tá an baol fós ann go mbeidh Baile Átha Cliath róláidir dóibh.

Fág freagra ar 'Lá mór do Ghaillimh agus seaimpíní na hÉireann ag teacht ar cuairt'