‘Lá iontach don duine agus don eolaíocht’ – cosaint 90% ón gCovid-19 le fáil ón gcéad vacsaín éifeachtach

Is iontach an t-údar misnigh go mb’fhéidir go mbeadh vacsaín éifeachtach ar fáil tráth a bhfuil an domhan ar fad ag faire ar aon chomhartha dóchais go bhféadfaí an phaindéim seo a chur faoi chois

‘Lá iontach don duine agus don eolaíocht’ – cosaint 90% ón gCovid-19 le fáil ón gcéad vacsaín éifeachtach

D’fhéadfadh go bhfuil vacsaín in aghaidh Covid-19 ar na bacáin agus é fógartha ag Pfizer agus BioNTech go bhfuil an vacsaín atá á triail acusan ag cosaint breis is 90% de dhaoine nach raibh aon chomharthaí den choróinvíreas orthu roimhe sin.

Agus an chéad anailís á déanamh acu ar an tríú céim dá gcuid trialacha atá fós ar siúl, is cosúil go bhfuil an vacsaín i bhfad níos éifeachtaí ná mar a bhí na saineolaithe ag súil leis.

Údar misnigh an scéala seo go mb’fhéidir go gcuirfí deireadh leis an bpaindéim a bhfuil breis is 1.2 milliún duine curtha den saol aici, geilleagar tíortha scriosta aici agus an gnáthshaol trína chéile dá barr.

Maíonn Pfizer, a d’fhorbair an vacsaín i gcomhar le BioNTech, comhlacht déanta drugaí as an nGearmáin, nach raibh aon fho-iarmhairtí tromchúiseacha ag an druga ar an daoine a thóg é sa triail agus nach raibh aon imní faoina sábháilteacht.

Má sheasann na torthaí seo agus cosaint a thabhairt i 90% de na cásanna, bheadh an vacsaín seo chomh héifeachtach leis an gceann in aghaidh na bruitíní agus cinn eile a thugtar coitianta do leanaí.

Tá sé i gceist ag Pfizer iarratas ar cheadúnas éigeandála a dhéanamh ar an Údarás Bia agus Drugaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos déanaí sa mhí. Dhá dháileog den vacsaín atá i gceist acu a thabhairt do dhaoine.

Deir lucht an chomhlachta go mbeidh dóthain den vacsaín táirgthe acu faoi dheireadh na bliana seo le cosaint a thabhairt do idir 15 agus 20 milliún duine.

Is iontach an t-údar misnigh go mb’fhéidir go mbeadh vacsaín éifeachtach ar fáil tráth a bhfuil an domhan ar fad ag faire ar aon chomhartha dóchais go bhféadfaí an phaindéim seo a chur faoi chois.

“Is iontach an lá é seo don eolaíocht agus don duine. Is iad na torthaí dearfacha seo an chéad fhianaise atá againn go bhfuil ar chumas an vacsaín seo Covid-19 a chosc,” a dúirt an Dr Albert Bourla, cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach Pfizer.

Chuir Uachtarán tofa na Stát Aontaithe, Joe Biden fáilte roimh an dea-scéala. Cé nár admhaigh ceannairí an pháirtí Phoblachtánaigh gur toghadh Biden, tá tús curtha aige leis an obair chun feidhmeannas a chur le chéile, agus é fógartha aige go gcuirfear tascfhórsa Covid-19 ar bun.

Tá an tUachtarán Donald Trump fós ag diúltú glacadh leis gurb é Biden a bhuaigh an toghchán.

Fág freagra ar '‘Lá iontach don duine agus don eolaíocht’ – cosaint 90% ón gCovid-19 le fáil ón gcéad vacsaín éifeachtach'

  • Antóin

    Níl aon dabht ach go bhfuil údar misingh ag teastáil ó dhaoine na laethanta gruama seo ach ní ó Pfizer atá sé ag teacht. Maíonn siad nach raibh aon fho-iarmhairtí tromchúiseacha ag an druga ar na daoine a thóg é sa triail agus nach raibh aon inmí faoina sábháilteacht más fíor!

    Níl an vacsaín seo ach á forbairt le roinnt míonna anois. Úsáideadh teicneolaíocht nár úsáideadh cheana chun an vacsaín a chruthú agus mar sin níl aon tsonraíocht fhadtéarmach ar fáil faoina sábháílteacht. Ní fios cad a tharlóidh i gceann bliana nó cúig bliana ach fós eolaithe agus polaiteoirí a rá linn gurb í íocshláinte an domhain í.

    Bímis ionraic dála an Dr Michael Yeadon, iarUachtarán Pfizer a chaith níos mó na tríocha bliain i ngort na cógaisíochta, taighde agus forbairt, agus a d’admhaigh nach bhfuil ann ach vacsaín thrialach.

    Cé mhéad polaiteoir a bhéas ag fanacht sa scuaine leis an dá dháileog a fháil?

    Agus rud eile. Ní mór an vacsaín a stórail ag 94 faoi bhun an reophointe. Sin 94 faoi bhun an reophointe!! Tá mo mhisneach ag trá