Kyne agus McHugh ceaptha sa Dáil chuig bord an Rialtais

Cuireadh ceithre cheapachán aireachta an Taoisigh faoi bhráid na Dála tráthnóna

Kyne agus McHugh ceaptha sa Dáil chuig bord an Rialtais

Cuireadh faoi bhráid na Dála tráthóna ceapachán an Teachta Dála Seán Kyne ina Aire Stáit don Ghaeltacht agus ceapachán a réamhtheachtaí sa phost sin Joe McHugh ina Aire Oideachais.

Vótáladh sa Dáil tráthnóna ar son cheapachán Joe McHugh ina aire sinsearach agus chuaigh sé as sin go dtí Áras an Uachtaráin chun a shéala oifige a fháil ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Fágann na ceapacháin oifigiúla go bhfuil beirt a labhraíonn Gaeilge sa dá phost aireachta is mó a mbíonn tionchar acu ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ceapadh Kyne chomh maith ina Phríomh-Aoire, an post eile a bhíodh ag McHugh roimhe seo. Mar Phríomh-Aoire beidh Kyne ag freastal ar chruinnithe rialtais feasta.

Thréaslaigh an Taoiseach Leo Varadkar agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra a ngradam tráthnóna le McHugh agus Kyne agus guíodh gach rath orthu agus ar a muintir.


Dúirt an Taoiseach go mbeadh ról “tábhachtach” ag Seán Kyne mar Phríomh-Aoire de bharr a chúinge agus atá an uimhríocht ag an Rialtas sa Dáil faoi láthair.

Dúirt leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary, áfach, gur mó suim a chuirfeadh sé féin i gceapachán Kyne in aireacht stáit na Gaeltachta ná mar a chuirfí ina cheapachán mar Phríomh-Aoire. 

Dúirt Calleary go mbeadh obair dhúshlánach roimhe mar Phríomh-Aoire ach go mbeadh “brú mór” air “spreagadh” a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chun an Ghaeltacht “a choimeád beo”.

Thréaslaigh Calleary le McHugh a ardú céime “from the high-chair to the senior table” agus dúirt sé go raibh sé cinnte go mbeadh an tAire Oideachais nua ina “ábhar bróid” ag “muintir a chontae agus a thíre”.

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí teanga roimh na ceapacháin agus dóchas léirithe acu gur chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a rachaidh siad.

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar na hathruithe seo mar thoradh ar éirí as an iar-aire cumarsáide Denis Naughten i bhfianaise na conspóide faoin bpróiseas tairisceana don phlean náisiúnta leathanbhanda.

Mar chuid de na hathruithe céanna, aistríodh Richard Bruton ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Cumarsáide agus ceapadh Seán Canney, an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh Thoir, ina aire stáit don fhorbairt tuaithe agus pobail.

Bhí Seán Kyne ina aire stáit Gaeltachta cheana, idir 2016-2017.

Rinne polaiteoirí an fhreasúra cáineadh géar ar chinneadh an Taoisigh anuraidh gan cúram na Gaeltachta a fhágáil air agus an cúram sin a leagan ar an bPríomh-Aoire nua, Joe McHugh.

Toghadh Seán Kyne, arb as Maigh Cuilinn dó, chun na Dála mar Theachta Dála i nGaillimh Thiar den chéad uair in 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán i nGaillimh Thiar agus gan le spáráil aige ach 17 vóta.

Toghadh an athuair Kyne, atá 43 bliain d’aois, in olltoghchán na bliana 2016.

Iarchomhairleoir feirmeoireachta é atá pósta leis an iriseoir Avril Horan.

As Carraig Airt i nDún na nGall do Joe McHugh. Bhí sé ina aire stáit Gaeltachta agus ina Phríomh-Aoire le breis is bliain anuas. Ba é sin an dara tréimhse aige mar aire stáit Gaeltachta, post a bhí aige chomh maith idir 2014-2016. Bhain conspóid mhór lena cheapachán i Roinn na Gaeltachta in 2014 toisc nach raibh ar a chumas gnáthchomhrá a dhéanamh i nGaeilge. D’fhógair an té a cheap é an uair sin, an t-iarThaoiseach Enda Kenny, go mbeadh McHugh ag dul ar aistear foghlama teanga, aistear ar thug sé faoi le fonn.

Toghadh chun na Dála den chéad uair é in 2007. Toghadh an bhliain chéanna chun na Dála a bhean chéile, an t-iarTheachta Dála Olwyn Enright, an chéad uair gur toghadh lánúin phósta san olltoghchán céanna.

Fág freagra ar 'Kyne agus McHugh ceaptha sa Dáil chuig bord an Rialtais'