Joyeux Noël? Na srianta a bheidh i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip an Nollaig seo…

Agus a lorg á fhágáil ag an dara maidhm den víreas ar an saol san Eoraip, is déine na srianta in go leor tíortha eile ná mar atá abhus

Joyeux Noël? Na srianta a bheidh i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip an Nollaig seo…

Sa Ríocht Aontaithe ón 23 -27 Nollaig beidh cead ag daoine taisteal ar fud na tíre ach ní bheidh cead ach ag trí líon tí a bheith le chéile in aon teach. Ochtar atá ceadaithe in Albain agus tá dhá lá breise ag daoine ó thuaidh den teorainn in Éirinn (22-28 Nollaig). I gceantar Londan ón lá inniu ar aghaidh ní bheidh cead ag tithe ósta agus bialanna ach bia is deoch beir leat a dhíol agus beidh ionaid siamsaíochta laistigh dúnta.

Tá an scéal san Iodáil níos measa anois ná a bhí aon uair ón Márta agus tá srianta nua tugtha isteach ansin. Tá cosc ar thaisteal idir na réigiúin ón 21 go dtí an 6 Eanáir agus ní bheidh cead ag daoine a mbaile mór féin a fhagáil Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin ná Lá Chinn Bhliana ach chun oibre, cúrsaí sláinte nó éigeandála. Beidh cuirfiú ann óna hocht san oíche go dtí a cúig ar maidin.

Ón lá inné ar aghaidh agus an dianghlasáil a bhí ansin ón 28 Samhain bogtha de bheagán, ní call do mhuintir na Fraince cáipéis a bheith ar iompar acu ag míniú údar a dturais ach beidh cuirfiú i bhfeidhm óna 8.00pm go 6.00am. Beidh an cuirfiú sin i bhfeidhm freisin oíche chinn bhliana, oíche mhór cheiliúrtha sa bhFrainc. Beidh tithe tábhairne, bialanna, amharclann, pictiúrlanna is ionaid sciála dúnta.

Sa Spáinn ceadófar taisteal idir na réigiúin ón 23 Nollaig go dtí Lá Chinn an Dá Lá Dhéag agus ní bheidh cead ag níos mó ná deichniúr as an teaghlach céanna a bheith i bhfochair a chéile don Nollaig ná don bhliain nua agus áirítear leanaí ar an deichniúr sin. Tá cead ag údaráis na réigiún srianta níos déine a chur i bhfeidhm go háitiúil más gá.

San Ísiltír tá cúrsaí an víris go holc agus tá dianghlasáil ansin ón lá inné go ceann cúig seachtaine, an 19 Eanáir. Beidh scoileanna, naíonraí, siopaí neamhriachtanacha, gruagairí is ionaid aclaíochta dúnta agus iarradh ar an bpobal gan aon turas nach bhfuil fíor-riachtanach a dhéanamh as seo go lá mhí an Mhárta. Beidh cead ag beirt chuairteoirí Lá Nollag a chaitheamh le líon tí.

Beidh dianghlasáil i bhfeidhm sa nGearmáin i rith na Nollag ón lá inniu go dtí an 10 Eanáir. De bharr cúrsaí sláinte a bheith imithe in olcas ansin agus a lán daoine básaithe ón víreas le cúpla seachtain, beidh na scoileanna agus siopaí neamhriachtanacha dúnta. Beidh cead ag ceathrar ón teaghlach teacht ar cuairt ar feadh dhá lá ón 24-26 Nollaig.

Tá na hionaid sciála dúnta ag údaráis na Fraince, na hIodáile agus na Gearmáine. Beidh siad ar oscailt ón 24 Nollaig san Ostair ach ó tharla srianta taistil i bhfeidhm agus óstáin dúnta, a muintir féin a bheidh ag sciáil iontu. Tá ionaid sciála na hEilvéise ar oscailt.

Go dtí an 15 Eanáir i Moscó. caithfidh bialanna agus caiféanna dúnadh luath, agus caithfidh daoine atá os cionn 65 bliain nó a bhfuil a sláinte i mbaol ón víreas féinleithlisiú.

Tá an dara maidhm den víreas sa tSualainn níos measa ná an chéad ráig agus deimhníodh go bhfuair 1400 duine bás ón Covid-19 ansin le mí. Tá oibrithe sláinte faoi bhrú mór ansin agus tá cuidiú iarrtha ag na húdaráis ar an arm le freastal ar na réigiúin is measa atá buailte. Thairg an Fhionlainn agus Iorua aon chúnamh is feidir leo a thabhairt dá gcomharsana ach níor iarradh sin go fóill.

Fág freagra ar 'Joyeux Noël? Na srianta a bheidh i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip an Nollaig seo…'