JOHN ALLEN: Faraor, beidh fuar ag na Fánaithe agus cuma na maitheasa ar Bhaile Uí Aodha

Tá deis ag Fánaithe an Ghleanna tús a chur le hathbheochan na hiománaíochta cois Laoi, ach cuma níos láidre ar Bhaile Uí Aodha

JOHN ALLEN: Faraor, beidh fuar ag na Fánaithe agus cuma na maitheasa ar Bhaile Uí Aodha

Mar Chorcaíoch, is cúis phléisiúir é go bhfuil foireann ón gcontae fós san iomaíocht agus cluiche ceannais sinsir chlubanna na Mumhan á imirt amárach. Nuair a bhíos i mo leaid óg bhain draíocht i gcónaí leis an ainm Fánaithe an Ghleanna agus is dócha go raibh an scéal amhlaidh toisc gur leo a bhí Christy Ring agus an ‘fíorThaoiseach’ Jack Lynch. Dar ndóigh, bhí réalta acu ar bheagnach gach aon fhoireann chontae a thug cois Laoi Corn Liam Mhic Cárthaigh.

Ach tá mórán athraithe faoi chúrsaí iomána Chorcaí le tamall anuas agus an contae in ísle brí. Thiar sna seachtóidí bhuaigh foirne Chorcaí Craobh Club na hÉireann seacht n-uaire as naoi n-iarracht.  Ach ó 2009 go dtí coicís ó shin, níor bhuaigh aon fhoireann ó Chorcaigh oiread is cluiche amháin i gcomórtas na Mumhan gan a bheith ag caint ar chraobh náisiúnta a bhuachan.

Amárach, tá seans ag Fánaithe an Ghleanna tús a chur leis an athbheochan atá ag teastáil go géar cois Laoi. Ag tosach na bliana ní raibh mórán de lucht leanta na hiomána sa chúige den tuairim gurb iad na foirne a thabharfaidh aghaidh ar a chéile amárach a bheadh sa chluiche ceannais.

Cheapas féin go dtiocfadh buaiteoirí an chomórtais as an gcluiche idir Durlas agus Baile Gunnair. Ach ní hamhlaidh a tharla agus is maith an rud go bhfuil dhá chlub fós sa chraobh nach bhfuil aon taithí acu ar a bheith ag imirt a chéile.

Tá Baile Uí Aodha, ó Chontae an Cláir, sa chluiche ceannais den chéad uair agus iad ag feabhsú an t-am ar fad. Léirigh siad tréithe an-dearfach i gcoinne Dhurlais go háirithe san aiséirí a rinne siad nuair a bhí an chuma orthu go raibh a rás rite acu. I gcoinne Chluain Lára agus Dhurlais ba mar íochtaráin a d’fhéach daoine orthu roimh thús na himeartha, ach níor chuir sé sin isteach orthu. Is amhlaidh an scéal an turas seo agus na geallghlacadóirí ag ceapadh go mbeidh an corn ag filleadh cois Laoi tráthnóna amárach.

Tá a fhios agam nach minic a bhíonn na geallghlacadóirí céanna mícheart, ach caithfidh go bhfuil cúpla euro íoctha amach acu le leantóirí dílse Bhaile Uí Aodha le tamall anuas.

Tá tréithe léirithe acu a bheadh ag teastáil ó gach bainisteoir agus ar an mbua is tábhachtaí acu, tá a ngoile chun oibre agus tacú lena chéile. Agus, ar ndóigh, tá an tréith sin iontu beag beann ar an scéal go bhfuil duine de na himreoirí is fearr riamh acu, Tony Kelly.

Tá éacht déanta go n-uige seo ag foireann an Chláir agus tá gach seans go ndéanfaidh siad éacht eile amárach.

Tá an dá fhoireann feicthe agam i mbliana agus tá cuid mhaith cosúlachtaí eatarthu. Tá réalta nó dhó ar an dá thaobh ach foirne iad arb é an bua is mó acu go bhfuil siad sásta an obair dhian a dhéanamh.

An tseachtain seo caite, scríobh mé faoi na cáilíochtaí iontacha atá ag Tony Kelly . Tá a fhios ag imreoirí an Ghleanna go gcaithfidh siad srian a chur le Kelly más leo aon seans réasúnta a bheith acu an corn a thabhairt leo.

Tá a réalta féin ag an nGleann, Patrick Horgan, ach níl sé gar féin do Kelly, imreoir eisceachtúil ar fad.

Mar Chorcaíoch ba mhaith liom go mbuafadh foireann mo chontae dúchais ach mar fhear anailíse neamhchlaonta, tomhaiste, chaithfinn a rá go bhfuil Baile Uí Aodha ábhairín níos fearr faoi láthair.


 

Cluichí an deireadh seachtaine

Dé Domhnaigh, 20 Samhain

Cluiche ceannais Iomána na Mumhan

Baile Uí Aodha (an Cláir) v Fánaithe an Ghleanna (Corcaigh), Staid Semple, 14:00 (Craoladh beo ar TG4).

Cluich leathcheannais Iomána Laighean

Cuala (Baile Átha Cliath) v Tigh Moling (Ceatharlach), Páirc Uí Choileáin, 14:00.

Abhallort-An Bealach (Loch Garman) v Gaeil Uí Lochlainn (Cill Channaigh), Páirc Loch Garman, 14:00 (Craoladh iarbheo ar TG4).

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Faraor, beidh fuar ag na Fánaithe agus cuma na maitheasa ar Bhaile Uí Aodha'