Jacques Brel ‘alive and well’ sa Gate agus é tugtha slán ag Stanford

LÉIRMHEAS: Is í an ensemble san amharclannaíocht, ar fhíor-ardchaighdeán, bun agus barr chultúr stáitse Alan Stanford mar is léir ‘Jacques Brel Is Alive and Well and Living in Paris’ sa Gate

Jacques Brel ‘alive and well’ sa Gate agus é tugtha slán ag Stanford

Rory Nolan, Karen McCartney, Risteard Cooper agus Stephanie McKeon

Ceoldráma ina bhfuil breis is scór liricí le Brel, a d’aistrigh Eric Blau agus Mort Shuman go Béarla i 1968 is ea Jacques Brel Is Alive and Well and Living in Paris. D’éirigh thar barr leis mar dhráma, agus tá sé á léiriú ar fud an domhain go fóill. Léarscáil dhírbheathaisnéiseach ar shaol inmheánach an údair, duine de mhórscríbhneoirí amhrán lár an chéid seo caite. Tá David Bowie, Leonard Cohena agus Rod McKuen, ar thriúr den ál a ghlac inspioráid ón gceannródaí Beilgeach.

Bhain ard-drámaíocht riamh le Jacques Brel. Léiríodh sin ina phearsantacht agus ina chuid ceoil. Pléascántacht lasrach, na mothúcháin ar tinneall, fiántas, truamhéil, féinmhagadh, fonóid faoi luachanna is ábharachas na meánaicme – an gleann is a bhfuil ann, doirteal na cistine agus uncail Tom Cobley ‘and all’ –  bhí an t-iomlán dóite agus tuilleadh i Jacques Brel.

Is amhlaidh a bhí ar na cliatháin, deirtear liom, le linn na réamhchleachtaí in Amharclann an Gate an tseachtain seo caite. Bhuail Camille O’Sullivan léi amach as an léiriú reatha.  ‘Artistic differences,’ a dúirt sí ba chúis lena himeacht.

Is í Camille O’Sullivan, chanteuse, príomh-oirfideach Brel, dar le lucht an eolais. Ionchollú fiáin, íogair an mháistir. An éireodh le léiriú Alan Stanford dá huireasa? Sin í an cheist, go háirithe nuair nach raibh ach seachtain idir an scliúchas agus oíche na hoscailte.

Risteard Cooper agus Rory Nolan

Is í an ensemble san amharclannaíocht, ar fhíor-ardchaighdeán, bun agus barr chultúr stáitse Alan Stanford. Stiúrthóir suntasach, fathach amharclainne ar an seandéanamh. Tá cur chuige tomhaiste aige. Mar is dual dó, cuireann Stanford an bhéim ar éifeacht an iomláin, agus, tríd is tríd, éiríonn leis ard-oíche a bhaint as draíocht lasrach Brel.

Ní gnách le diva Chorcaí a bheith ag surfáil san uisce tanaí. Ón uair ar ardaigh sí sciortaí meallacacha an bhréagdhóchais nuair a ghlac sí leis an bpáirt, go dtí gur ísligh sí arís iad an tseachtain seo caite agus í ag dul an doras amach, thiteamar fá gheasa na tairisceana. Is mór an trua nach bhfíorófar an uair seo na féidearthachtaí dainséaracha a chothaíonn Camille O’Sullivan. Och, ochón, is ochón ó!

Ach, maidir leis an léiriú a cuireadh os ár gcomhair, éiríonn thar barr le Jacques Brel is Alive and Well and Living in Paris Alan Stanford nuair a dhéantar é a mheas ar a bhuanna féin.

Ach, cogar, a deir tú, cén fáth gur fiú go mór dul go dtí an Gate d’fhonn oíche gháire agus ghoil a bhaint as obair mháistirghabha na n-amhrán, file-cheardaí dhúichí an anama?

Mar, go neamhbhalbh, go dtugann amhráin Brel, cóiriú and stiúradh ceoil Cathal Synnott, taispeántais Risteárd Cooper agus Karen McCartney, agus go speisialta cumas Stephanie McKeon agus Rory Nolan báidín Brel slán chun cladaigh fá stiúir mháistir sofaisticiúil an mhórphictiúir, Alan Stanford.

Ní thógaim orthu má bhí an fhoireann iarracht bheag éiginnte don chéad chúpla tiúin, nuair a chuimhnítear ar imeacht O’Sullivan, ach gan dabht, tá sin réitithe acu faoin am seo.

Ach fán tráth ar thug Stephanie McKeon faoi ‘I Loved’ (‘J’Aimais’), lasadh tine bheo Brel agus bhíomar faoi dhraíocht na n-amhrán – eochair shaoirsithe an cheoldráma, eochair shaoirsithe an fhir                                                                                                                               

‘You laced the night with raging storms, You threw the lightning ’cross the skies, You kissed my mouth with promises, You burned me with your lies.’

Tá Brel ina mháistir ar raon iomlán na mothúchán – leochaileacht ‘Alone’ (‘Seul’) ‘We find love, you and I, It’s a new game to play, Then we tell our first lie. And see our love go away….’, mustar mealltach ‘Batchelor’s Dance’ (‘La Bourréé du célibataire’), agus paisean buile ‘My Death’ (‘La Mort’) –                                            

‘My death waits in your arms, your thighs,
Your cool fingers will close my eyes,
Let’s not talk about the passing time.
But whatever is behind the door,
There is nothing much to do,
Angel or devil, I don’t care,
For in front of that door,
There is you.’

Aithneoidh muintir Bowie é sin, déarfainn. Tugann ‘La Mort’ ar lá fán ngréin an-deis do Karen McCartney. Tá guth álainn aici, agus ní raibh aon easpa leochaileachta ina léamh ar ‘La Mort’, ceann de mhóramhráin Brel.

Risteard Cooper agus Rory Nolan

Thug Rory Nolan sárthaispeántas freisin, homage nó dhó do Chaplin ina chuid pléaráca, agus teacht i láthair tréan fearúil ina chuid ceoil – ‘The naked and the dead should hold each other’s hands, As they watch me scream at night, In a dream no one understands.’

Baineann Risteárd Cooper agus Nolan le chéile  tormán ceart as ‘Madeleine’, agus ba bhuaicphointe freisin fonóid scigmhagúil ‘The Middle Class’ (‘Les Bourgeois’) – ‘And at midnight we watched the lawyers pass, Coming out of hotels which had real class, We showed them our good manners, And we showed them our ass.’

Seans, áfach, go bhfuil na mór-amhráin ‘Mathilde’, agus ‘Amsterdam’ beagáinín rótheicniúil do Risteárd, ach tugann sé fúthu, agus tugann sé leis iad réasúnta slán.

Ba í Stephanie McKeon an sméar mhullaigh domsa. Tá gach uirlis theicniúil ar a héascaíocht aici – gluaiseacht, guth, pearsantacht, teacht i láthair agus gnaíúlacht. Ardjab go deo déanta aici, a céad seáp sa Gate.

Focal scoir – De bharr gur éirigh idir Alan Stanford agus Camille O’Sullivan, ní raibh mé ag tnúth, agus mé ag tabhairt faoin Gate an oíche fá dheireadh, go dtabharfaí isteach i ndúichí dainséaracha míchompordacha an anama mé. Bhí an ceart agam, mar a tharla.

Ach, sin ráite, bhaineas súp agus ceol as léiriú Alan Stanford, a bheireann greim ar zeitgeist domhain Brel. Mar a dúirt ó chianaibh – seo fear a thugann an svae drámatúil don iomlán, seachas a bheith ag cothú pearsantachtaí aonair.

Gach seans gur ghabh sé an bóthar ceart leis an léiriú, nuair a chuirtear cumas agus buanna na foirne uile san áireamh.

Is fiú dul chuig an Gate agus treat ceart a thabhairt duit féin.