‘It is sad that prejudice is still rife in our little country’ – olc ar aontachtaithe faoi chárta Nollag le beannacht Ghaeilge

Tá sé ina raic faoi chárta Nollag dátheangach a chuir Méara Chomhairle Chlochán an Aifir na nGlinnte amach

‘It is sad that prejudice is still rife in our little country’ – olc ar aontachtaithe faoi chárta Nollag le beannacht Ghaeilge

‘No, no, no!’ seachas ‘Ho, ho, ho!’ an freagra atá tugtha ag polaiteoirí aontachtaithe áirithe ar chárta Nollag dátheangach. 

Ní mó ná sásta atá polaiteoirí aontachtacha ó thuaidh faoin scéala gur chuir Méara Chomhairle Chlochán an Aifir na nGlinnte Brenda Chivers cárta Nollag amach a bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla air.

Ag labhairt dó le Causeway Coast Community, cháin an Comhairleoir William McCandless ón UUP an Méara agus dúirt sé go raibh leor daoine i dteagmháil leis faoin gcárta a sheol an comhairleoir de chuid Shinn Féin. 

“I dtús báire agus thar aon ní eile, ba mhaith liom a rá nuair a sheoltar cárta Nollag chuig cairde nó gaolta, is teachtaireacht ghrá agus dea-thola a bhíonn i gceist chun go mbeadh a fhios acu go bhfuil do chuid de spiorad na Nollag á roinnt agat leo. 

“Tráth machnaimh agus téarnaimh é, tráth dóchais agus lúcháire, tráth na teachtaireachta faoi ghrá Dé don chine daonna, grá a thabharfaidh slán muid. Faraor, ní dhearnadh dóthain machnaimh faoin gcárta seo sular seoladh é.” 

Dúirt McCandless go raibh “mí-úsáid chumhacht an Mhéara” i gceist leis an gcárta agus gur aontachtaithe go háirithe  a bhí “thíos leis”. Mhaígh sé go mbíonn seilbh á glacadh ag Sinn Féin ar an nGaeilge ach nach bhfuil formhór dá mbaill in ann í a labhairt. 

“Is trua go bhfuil tírín bheag s’againne breactha leis an gclaontacht go fóill, go háirithe aimsir na Nollag. 

“Tá dualgas morálta agus sibhialta ar gach saoránach an meas agus an dínit a chinntiú, agus is mó den fhreagracht sin atá ar ionadaithe tofa poiblí. Pé scéal é, tráth maithiúnais atá sa Nollaig thar aon rud é, agus guím go mbeidh Nollaig shona ag an Méara agus go gcuimhneofar in 2019 ar na tuairimí agus na tuiscintí íogaire atá ag daoine a bhaineann le cultúr eile,” arsa  William McCandless.

Thug an Comhairleoir de chuid DUP Sam Cole le fios  gur “masla” a bhí ann cárta a sheoladh go dtí comhairleoirí i dteanga gur ar éigean a thuigeann aon duine acu í. 

“Sin agat cothrom na Féinne ar chomhairle Chlochán an Aifir, comhairle ar móramh iad na haontachtaithe. Siúráilte, is céim thar fóir atá ann an pholaitíocht a tharraingt isteach sa Nollaig agus tá a fhios agam gur mar mhasla a ghlacfaidh mórán daoine le gníomh seo an Mhéara,” arsa Sam Cole an DUP.

Dúirt an comhairleoir Darryl Wilson ón UUP nárbh é an scéala gur úsáideadh teanga mhionlaigh ar chárta Nollag dátheangach an cheist is mó a bhí ag dó na geirbe ag muintir an cheantair agus gur mó an imní a bhí orthu faoin bhfolús polaitíochta, faoin mBreatimeacht agus faoi chúrsaí sláinte agus oideachais. 

“Ach oiread liom féin, tá dóchas ag formhór daoine go n-éireoidh na daoine atá freagrach as dea-rialachas a chur ar fáil as an argóint leanbaí agus leadránach chun fóirithint ar an uile dhuine i dTuaisceart Éireann, seachas a bheith ag cothú scoilte agus mífheidhmiúlachta.”

Dúirt Méara Chomhairle Chlochán an Aifir na nGlinnte Brenda Chivers gur údar díomá a bhí sa cháineadh a rinneadh ar an gcárta Nollag.

“Is soiléir gur cártaí dátheangacha iad seo agus mar sin áiféis atá ann a rá nach féidir iad a thuiscint. Is údar mór díomá chomh maith é gur freagra mar seo a tugadh ar ghníomh dea-thola.

“Is í fírinne an scéil gur cuid í an  Ghaeilge den stair agus den chultúr ar an oileán seo ar le cách iad, ach faraor níl daoine áirithe sásta glacadh leis sin,” a dúirt  Méara Chomhairle Chlochán an Aifir agus na nGlinnte, Brenda Chivers.

Fág freagra ar '‘It is sad that prejudice is still rife in our little country’ – olc ar aontachtaithe faoi chárta Nollag le beannacht Ghaeilge'

  • Aonghus

    ‘Masla’ atá sa chárta Nollag le beannacht Ghaeilge chuig comhairleoirí (aontachtaithe) mar gur ar éigean a thuigeann aon duine acu í’ arsa Sam Cole an DUP. Bhuel Sam! Tá réiteach an-simplí ar sin; téidís chuig ranganna Gaeilge an aontachtaí Linda Irvine.

    Fhaid is a bheidh siad ag freastal ar ranganna Linda feicfidh siad nach gníomh polaitiúil é cárta Nollag le beanacht Ghaeilge a sheoladh (mar a liamhnaíonn Sam) mar nach bhfuil aon pholaitíocht á craobhscaoileadh aici agus nach é ‘Tiocfaidh ár Lá’ a mana.

    Ach ní shin í an fhadhb. Ní hé nach dtuigeann siad an Ghaeilge ach gur fuath leo í mar shuaitheantas cine na nGael. Tar éis na cianta ag iarraidh teanga na nGael a scrios is follas dóibh anois go gcaithfidh siad géilleadh di amhail na Breatnaise agus Gaidhlig na hAlban sula mbeidh rialtas Stormont acu arís.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ar fiú cárta ó Amnesty International a sheoladh an chéad iarraidh eile? Tá suas le 9 dteanga ar na cártaí siúd – an Ghaeilg ina measc…