Misneach agus bród is láidre a gheobhaidh tú ó scéal a théann ó Mheiriceá go dtí seanmhonarcha cniotála na Ceathrún Rua

Leabhar inspioráideach í saothar nua Betsy Cornwell ar fiú í a léamh ar son pléisiúir agus le tuiscint níos fearr a fháil ar aiteas an duine

Misneach agus bród is láidre a gheobhaidh tú ó scéal a théann ó Mheiriceá go dtí seanmhonarcha cniotála na Ceathrún Rua

Ring of Salt: Finding Home and Hope on the Wild Coast of Ireland
Betsy Cornwell
Hachette London €22.10

Nach iontach mar theideal é! Ring of Salt: Finding Home and Hope on the Wild Coast of Ireland.

Is beag duine a shantaigh finscéalta nár chuala faoin bhfáinne salainn a choinnigh an diabhal ón mbean óg a bhí díolta ag a hathair ar mhaithe le maoin an tsaoil. An bhfuil aon duine beo nár theastaigh an salann sin uaidh uair éigin?

Fíbín léitheoireachta a bhí orm féin nuair a thuigeas gur léachtóir sa scríbhneoireacht chruthaitheach an t-údar a dhéanann léamh feimineach ar fhinscéalta.

Deamhan duine as Conamara nach mbeadh fiosrach faoi na cuimhní cinn seo agus an t-údar ina cónaí sa tseanmhonarcha cniotála ar an gCeathrú Rua. Nach iomaí bean óg eile a fuair faoiseamh san áit chéanna ó bunaíodh í i 1908 le scileanna cniotála agus cumas saothraithe a thabhairt do mhná óga na háite. Ar ndóigh Cinegael agus eachtraí an réabhlóidí Bob Quinn agus a chuid scannán a mheabhraíonn an teach céanna do mo ghlúinse, i bhfad sula raibh Netflix ná Cine4 ar an saol.

Faraor ní haon fhinscéal atá sa leabhar ach eachtraí saoil na mná óige as Meiriceá a thit i ngrá le Gael fireann ar Inis Mór, a theith óna céile agus a páistín bliain d’aois ina baclainn, gan pingin ná áras ná cosaint aici ach ag brath ar na seirbhísí tearmainn do mhná scanraithe agus ar mhná eile a thuig dá hanbhá.

Ach ná bíodh drochmhisneach ort, tá teacht aniar sa Meiriceánach óg seo, tá scoth na scolaíochta faighte aici, is an-tiarálaí go deo í agus tá sí ina máistir ar an domhan digiteach a chuireann comhluadar, tacaíocht agus saothrú ar fáil di.

Agus an leabhar á léamh agam bhí an t-aer á phlúchadh le caint ar bhláthanna is póigíní Vailintín agus is mór an fonn a bhí orm mana a chrochadh san aer ‘Seachain an béal bán agus bláthanna na haithrí agus thar rud ar bith seachain pósadh an dlí mar is dúshlánach agus is daor ar do shláinte agus do phóca an scaradh. A bhuíochas do cháiréis agus stuaim an údair, ceiltear an chuid is measa dá céasadh pósta agus cúirte orainn. Sách scéiniúil atá a bhfeictear sa leabhar d’easpa tuisceana Gardaí is feidhmeannaigh dlí na tíre agus an ganntanas mór áiteanna tearmainn. Má cheapann tú gur gnaíúil atá na seirbhísí sóisialta, ní dóigh gur orthu atá tú ag brath.

Agus seo bean atá lán le muinín, a labhraíonn Béarla agus a bhfuil cáilíochtaí agus cumas saothraithe aici. Ach is saoránach a páiste agus b’eachtrannach baineann ise!

Is geall le scéal bleachtaireachta an ceann seo agus an mháthair óg ag iarraidh folach ó athair a páiste, ag iarraidh ionad cónaithe nach mbeadh ródhaor a aimsiú, slí bheatha a bhaint amach agus ar deireadh thiar an mhonarcha cniotála ar an gCeathrú Rua a cheannach di féin agus dá páiste, gan pingin ina póca ach í ag iarraidh tearmann a thabhairt do mhná eile a bheadh in anchaoi.

Beidh tú ar tinneall ar a haistear agus í ag brath ar shlua-chistiú ó chairde agus mná a thuigeann an gá atá lena leithéid d’ionad scíthe – go leor acu i Meiriceá, an tír dhúchais a d’fhág sí, leonta ag a muintir fhéin.

Deirtí riamh go gceileann grá gráin ach is léir go gceileann sé an drochbhraon chomh maith. Déanfaidh tú iontas de na híobairtí a spreagann an grá – crácamas, fuacht agus faitíos ar son comhluadar agus teaspach na céilíochta. Mise á rá leat nach mbíonn boladh an deataigh ón tine mhóna leath chomh rómánsúil nuair a chaithfeas tú í a lasadh agus do mhéaracha préachta!

Ach is misneach agus bród is láidre a gheobhaidh tú ón scéal seo – na mná cumasacha ar fad atá thart orainn agus más gann ar chúnamh agus ar airgead féin iad, an lámh chúnta agus an chluas éisteachta acu do mhná eile. Tráthúil go leor tá bean chumasach eile ag tabhairt faoi ionad cultúir a dhéanamh de sheanóstán ar Inis Meáin.

Sibhse ar gean libh iarthar tíre tá faoiseamh anseo daoibh mar tá píosaí sa leabhar seo ag cur síos ar dhraíocht agus áilleacht an taobh tíre agus an dúlra ar ungadh ar chréachta an tsaoil iad. Tuigfidh máithreacha don mháthair allta ag iarraidh a linbhín a chosaint ó bhinb is contúirtí an tsaoil agus i lár a cuid trioblóidí aoibh a páistín ina léas dóchais agus spreagadh.

Ní bheidh aon amhras ort gur Meiriceánach géarchúiseach an t-údar seo agus í ag gabháil i dtaithí ar nósanna, seanchas agus saol na nGael agus ag nochtadh a léamh féin orthu, chomh maith lena pian phearsanta, dúinne a oileadh le cos a bhualadh ar an bhfulaingt agus an leiceann eile a iompú.

Seo é an seachtú leabhar ón údar, úrscéalta d’aosaigh óga a bhformhór, tá stíl éadrom fhileata aici agus d’ainneoin na dúshláin a bhí le sárú aici, ní leagfaidh tú uait an leabhar.

Leabhar inspioráideach í ar fiú í a léamh ar son pléisiúir agus le tuiscint níos fearr a fháil ar aiteas an duine. Tá neart eolais faoin tseanmhonarcha cniotála agus a mbíonn ar siúl ann le fáil ar líne.

I dtús an leabhair tugtar gluais bheag Gaeilge-Béarla dúinn agus cé go dteastódh eagarthóireacht bheag, ar a laghad aithníonn an t-údar gur Gaeltacht a háit chónaithe agus go bhfuil a páiste ag freastal ar scoil Ghaeltachta agus tá sí bródúil as sin.

Fág freagra ar 'Misneach agus bród is láidre a gheobhaidh tú ó scéal a théann ó Mheiriceá go dtí seanmhonarcha cniotála na Ceathrún Rua'