‘Is minic a chloisfeá ‘cuir ort do drysuit’ nó ‘fáisc an lifejacket sin’

Deir an RNLI a go bhfuil sé tábhachtach don fhoireann in Árainn go leanfaí ar aghaidh ag obair i nGaeilge agus go gcabhraíonn an teanga leis an bhfoireann caidreamh láidir a chothú le muintir na háite

‘Is minic a chloisfeá ‘cuir ort do drysuit’ nó ‘fáisc an lifejacket sin’

Pictiúr: RNLI/Treasa Ní Bhraonáin

Tá sé “tábhachtach” d’Institiúid Ríoga na mBád Tarrthála in Árainn go leanfadh an fhoireann ar aghaidh mar fhoireann lán-Ghaeilge agus go “gcothaítear agus go bhfástar an Ghaeilge” don chéad ghlúin eile a bheidh ar an bhfoireann dheonach.

Dúirt Lena O’Connell, Árannach agus duine den fhoireann, gur “breá léi” nuair a labhraíonn cuairteoirí a thagann isteach chuig an siopa tiomsaithe airgid atá ag RNLI Árann i gCill Rónáin agus go ndéanann sí gach iarracht an teanga a chur chun cinn.

“Is breá liom nuair a thagann daoine isteach chuig an siopa agus déanann comhrá i nGaeilge. Déanaim iarracht í a chur chun cinn an oiread agus is féidir, fiú mura bhfuil ann ach an cúpla focal féin. Nuair a bhíonn muid thall in Inis Oírr agus in Inis Meáin d’ócáidí tiomsaithe airgid, ní labhraíonn muid ach an Ghaeilge. Is nasc álainn é atá againn lenár gcomharsana,” a dúirt sí.

Dúirt duine eile den chriú a tháinig thar sáile isteach go hÁrainn go bhfuil an “cúpla focal” foghlamtha aige ó chuaigh sé isteach san fhoireann os cionn deich mbliana ó shin. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é Daniel O’Connell ach phós sé Lena agus tá an bheirt ag cur fúthu ina hoileán dúchais anois.

“Nuair a thosaigh mé ar an bhfoireann, bhí sé beagáinín deacair, ach bhí taithí agam ar an nGaeilge trí mo chuid oibre san oileán agus sa bhaile le mo bhean chéile Lena.

“Cé go dtugtar ainmneacha Béarla ar chuid den trealamh mar gheall ar na nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha, leithéidí ‘flares’ nó ‘lifejackets’, is minic a fhilleann an criú ar an nGaeilge.

“Is minic a chloisfeá ‘cuir ort do drysuit’ nó ‘fáisc an lifejacket sin’.”

Sin an chaoi ar fhoghlaim sé go leor den Ghaeilge atá aige.

“Bhí mé sáite sa teanga. Léiríonn sé nach gá go mbeadh sí gan locht agat, ach gur leor iarracht a dhéanamh,” a dúirt Daniel O’Connell.

Dúradh i ráiteas a chuir an RNLI amach go bhfuil sé tábhachtach don fhoireann in Árainn go leanfaí ar aghaidh ag obair i nGaeilge agus go gcabhraíonn an teanga leis an bhfoireann caidreamh láidir a chothú le muintir na háite.

Ta cúig stáisiún de chuid an RNLI lonnaithe i gceantair Ghaeltachta – stáisiún Árann i gcontae na Gaillimhe, stáisiún Árainn Mhór i gcontae Dhún na nGall, stáisiún an Bhaile Ghlais agus stáisiún Acla i gcontae Mhaigh Eo, agus stáisiún Heilbhic i gcontae Phort Láirge.

Fág freagra ar '‘Is minic a chloisfeá ‘cuir ort do drysuit’ nó ‘fáisc an lifejacket sin’'