Is ionann faillí Eircode sa Ghaeilge agus ‘daonra iomlán Chathair Phort Láirge a fhágáil ar lár’

Molann Conradh na Gaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta atá “thíos leis na sonraí míchruinne” i mbunachar Eircode teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga

eircode

Is “cúis mhór imní” é do Chonradh na Gaeilge go bhfuil Béarla curtha ag Eircode ar shloinnte mhuintir na Gaeltachta agus litreacha eolais faoi chóras nua na gcód poist á seoladh acu an tseachtain seo caite.

Deir an Conradh freisin go bhfuil suas le 50,000 seoladh Gaeilge fós mícheart, míchruinn nó in easnamh ar an gcóras nua a seoladh Dé Luain seo caite.

Molann an Conradh d’aon duine i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá “thíos leis na heasnaimh agus leis na sonraí míchruinne” atá i mbunachar Eircode teagmháil a dhéanamh le hOifig an Coimisinéara Teanga. Dúirt an Coimisinéir féin gur “cúis mhór mhíshástachta” dó é an cleachtas sloinnte Gaelacha a chur i  mBéarla freisin agus go bhfuil roinnt mhaith gearán faighte ag a Oifig cheana féin.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gurb ionann an t-easpa seoltaí Gaeilge sa bhunachar “agus daonra iomlán Chathair Phort Láirge a fhágáil ar lár ón gcóras Eircode”.

D’adhmhaigh Liam Duggan, príomhfheidhmeannach Eircode, an tseachtain seo caite go bhfuil seoltaí i nGaeilge in easnamh ar an gcóras cé gur áitigh an tAire Cumarsáide nach raibh seoladh ar bith fágtha ar lár. Dúirt Duggan gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheadh sé an scéal a chur ina cheart.

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh admháil Duggan faoi lochtanna an chórais ach d’easaontaigh siad leis an méid a bhí le rá aige faoi Roinn na Gaeltachta.

“Níl bealach ar bith ann go mba chóir ná go mba cheart an fhreagracht as an nGaeilge a áireamh i ngach togra nua a thionscnaíonn an Rialtas ar mhaithe leis an mórphobal a chur ar Roinn na Gaeltachta.

“Tá comhfhreagracht ar an Rialtas as tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn, agus chun a chinntiú gur féidir leo siúd ar mian leo leas a bhaint aisti, déanamh amhlaidh,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.

Fág freagra ar 'Is ionann faillí Eircode sa Ghaeilge agus ‘daonra iomlán Chathair Phort Láirge a fhágáil ar lár’'